Is sraith tonnta é súnámaí (nó tonn taoide) a chruthaítear nuair a easáitítear uisce i loch nó san fharraige go tobann ar scála ollmhór. Is féidir le creathanna talún, sciorradh talún, brúchtadh bolcáin agus bualadh dreigíte móire súnámaí a chruthú.

"An Tonn Mór", Hokusai

Tagann an téarma Súnámaí ón tSeapáinis, a chiallaíonn cuan ("tsu", 津) agus tonn ("nami", 波 nó 浪). Úsáidtear an focal céanna don uimhir uatha is iolra as Seapáinis. Rinneadh léirscrios agus cailleadh na mílte daoine i dteagmhais mar seo thar na blianta timpeall an Aigéin Chiúin go háirithe.

Súnámaí ag buaileadh an an Téalainn ar 26 Nollaig, 2004.

Ar an 5 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Domhanda Feasachta ar Shúnámaithe (lá a tharla an “Inamura - no-hi”, in oileán Honshu na Seapáine ar an 5 Samhain 1854).

Eolaíocht cuir in eagar

Tarlaíonn muirbhrúcht nó súnámaí, tonn sa bhfarraige le tréimhse fhada de bharr gluaiseachtaí móra an ghrinnill de thoradh crith talún, brúchtadh pléascach bolcáin, nó maidhm talún faoin bhfarraige[1].

Is féidir le súnáimí taisteal sa bhfarraige oscailte suas le 800 km u·1 agus cladaí a bhualadh le fórsa millteach, arís is arís eile le gach buaic toinne. Is féidir go mbeidh buaic 30 m ag a leithéid.

Is solatón an tonn taoide ar a dtugtar súnámaí, agus is féidir a leithéid a chur ar siúl in uisce canála freisin. Is mar an gcéanna na bórthonnta i mBá Fundy, agus ar abhainn na Sabhrainne idir an Bhreatain Bheag is Sasana.

ionsamhlú

Tubaistí cuir in eagar

  • Réamhstair. Na Sreabha Stóiréaga.
  • 1531: bhuail crith talún agus súnámaí Liospóin, sa Phortaingéil. Maraíodh thart ar 30,000 duine.
  • 7 Meitheamh 1692. Scrios crith talún agus súnámaí Port Royal in Iamáice. Maraíodh 2,000 duine; gortaíodh breis is 2,000.
  • 26 Eanáir 1700. Bhuail Crith Talún Cascadia, ceann de na creatheanna talún ba mhó dár taifeadadh ariamh, an Crios Foduchtaithe Cascadia amach ó chósta thiar Mheiriceá Thuaidh ó Oileán Vancouver go California. Mhair an crith talún i dtraidisiún béil na mbundúchasach Meiriceánach. Tá an súnámaí taifeadta i annalacha na Seapáine freisin.
  •  
    Fógra "Bí Cúramach" i mBanda Aceh
    1 Samhain 1755. Maraíodh idir 60,000 agus 100,000 duine i gcrith talún mór na Liospóine agus súnámaí a tháinig ina dhiaidh.
  • 5 Samhain 1854. “Inamura-no-hi”, in oileán Honshu na Seapáine.
  • 1883. Sliabh Krakatoa. Bhí brúchtadh ollmhór tubaisteach ann. Chuir an brúchtadh tús le tonnta fathachúla farraige, 30 m ar airde, a mharaigh níos mó ná 36,000 duine.
  • 15 Meitheamh 1896. Sa tSeapáin cailleadh 27,000 i gcrith talún Sanriku agus san súnámaí a tháinig ina dhiaidh.
  • 28 Nollaig 1908. Fuair 70,000 duine bás nuair a bhuail crith talún agus súnámaí deisceart na hIodáile.
  • 1 Aibreán 1946. Bhuail súnámaí Hilo, Haváí agus cailleadh 160 duine.
  • 23 Bealtaine 1960. Fuair 61 duine bás ar Hilo, Haváí de bharr súnámaí.
  •  
    Scriosadh Aceh, 2004.
    26 Nollaig 2004. Tharla súnámaí ollmhór san Áise Theas. Bualadh Srí Lanca, an Téalainn agus réigiún Banda Aceh na hIndinéise go dona. Tharla crith talún timpeall 9 ar scála Richter (níos fuinniúla ná aon chrith talún sa réigiún le 40 bliain nó mar sin) agus a airmheán ar an taobh thiar thuaidh d'oileán Sumatra na hIndinéise. Ghluais an crith an grinneall roinnt méadar agus dhíláithrigh na céadta ciliméadar ciúbach uisce. Leath an súnámaí amach i ngach treo san Aigéan Indiach agus bhuail cladaí ar thaobh na hÁise gan rabhadh, ag réabadh na gcóstaí i Maenmar (Burma), an Téalainn, an Mhalaeisia, na hOileáin Mhaildíveacha, is na hOileáin Shéiseileacha. Rinne sé an rud céanna le cósta thoir na hlndia, Srí Lanca, an Bhanglaidéis agus cóstaí na Somáile, na Céinia is na Tansáine in oirthear na hAfraice. Cailleadh na céadta bailte is sráidbhailte. Meastar gur maraíodh thart ar 300,000 duine.
  • 27 Feabhra 2010. Bhuail crith talún 8.8 ar an scála Richter chomh maith le súnámaí an tSile. Fuair 525 duine bás.
  •  
    Scriosadh mar shampla, Taro, Miyako, Iwate (grianghraf: 15 Márta 2011).
    12 Márta 2011. Tharla súnámaí millteach ar chósta thiar thuaidh na Seapáine i 2011 a rinne scrios ar limistéar ollmhór agus a chuir tús le tubaiste núicléach do na himoibreoirí Daiichi i Fukushima, an tubaiste núicléach is measa riamh. Ní dóigh go ndearna an crith talún sin ró-dhochar do na himoibreoirí, ach lean súnámaí uafásach é agus milleadh an-chuid de chórais rialaithe na n-imoibreoirí. Ní hamháin sin, ach bháigh an súnámaí limistéar leathan tíre, cathracha, bailte agus feirmeacha. Cailleadh níos mó ná 19,000 duine sna tuilte[2], milleadh níos mó ná 80,000 teach, agus bhí ar 400,000 duine teitheadh as an gceantar.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Matt Hussey, Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  2. BBC, 2012