Pádraig Ua Duinnín

foclóirí Éireannach

Foclóirí, scríbhneoir, agus saineolaí Gaeilge ab ea Pádraig Ua Duinnín (Béarla: Patrick Dinneen; 25 Nollaig 186029 Meán Fómhair 1934). Ba é an chéad úrscéalaí Gaeilge é. Foilsíodh a chéad fhoclóir sa bhliain 1904, agus an Foclóir Mór sa bhliain 1927, agus "is air atáimid ag brath fós chun focail Ghaeilge a mhíniú dúinn .. Níl aon duine is mó a bhfuil Gaeilgeoirí faoi chomaoin aige ná an tAthair Pádraig Ó Duinnín"[1].

Infotaula de personaPádraig Ua Duinnín

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Nollaig 1860
An Ráth Mhór Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Meán Fómhair 1934
73 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Choill Chluana Gabhann
Coláiste Bhréanainn, Cill Airne Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFoclóireacht agus stair
Gairmfoclóirí, staraí, teangeolaí, sagart Caitliceach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Ord crábhaidhCumann Íosa

Luathshaol cuir in eagar

 
Láimh leis an Rath Mór

Sa Charn, láimh leis an Rath Mór i gContae Chiarraí a rugadh é. B’eisean an cúigiú páiste sa mhuirín. De réir mar a bhí Pádraig ag fás aníos bhí an Béarla ag glacadh áit na Gaeilge mar bhéal beo ina cheantar dúchais.

Béarla a labhraíodh sa bhaile óir cheap a thuistí go raibh tábhacht ag baint leis an mBéarla le dul chun cinn a dhéanamh sa saol. Ach nuair a thagadh comharsana agus cairde ag bóthántaíocht nó ag airneán chuig muintir Uí Dhuinnín, d’iompar cách ar an nGaeilge an athuair, rud a lig dó a chuid Gaeilge a chleachtadh.

Fuair an Duinníneach a chuid oideachais i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chuaigh sé isteach i gCumann Íosa sa bhliain 1880 agus oirníodh sa bhliain 1894 é.

Múinteoir agus scríbhneoir cuir in eagar

 
Armas, Coláiste Ríoga na hÉireann

Chaith an Duinníneach seal ag múineadh scoile ina dhiaidh sin i gColáiste Mhungairit, Co. Luimnigh (1895-97), i gColáiste Ríoga na hÉireann (1888-89), i gColáiste Choill Chluana Gabhann C.Í. i gCill Dara (1898-1900)[2].

Ball gníomhach de Chonradh na Gaeilge agus de Chumann na Scríbheann nGaeilge a bhí ann.

In Eanáir 1899 bhí an chéad phíosa i nGaeilge i gcló aige in New Ireland Review agus in Fáinne an Lae an dán ‘Ó Súilleabháin ag fágáil na sléibhte’.

Sé bliana tar éis a oirnithe, d’éirigh an Duinníneach as an tsagartacht agus thug sé é féin suas don Ghaeilge. "Bhí sé corr aonaránach agus shíl na hÍosánaigh gur fearr a d’éireodh leis amuigh sa tsaol"[3].

Maítear gur óna pheannsa a tháinig an chéad úrscéal Gaeilge riamh a foilsíodh i bhfoirm leabhair, .i. Cormac Ó Conaill (1901).

Chum an Duinníneach tuairim is tríocha saothar cruthaitheach agus d’ullmhaigh sé eagráin de fhilíocht Sheathrúin Céitinn agus de fhilí eile Muimhneacha. Rinne sé aistriúchán, lena n-áirítear Duan na Nodlag, leagan Gaeilge de A Christmas Carol le Charles Dickens.

Obair Foclóireachta an Duinnínigh cuir in eagar

 
Eagrán 1904: "An Irish-English dictionary, being a thesaurus of words, phrases and idioms of the modern Irish language... "

I 1901 cuireadh post nua faoina chúram - foclóir nua Gaeilge-Béarla a ullmhú. Bhí saothar foclóireachta an Duinnínigh ar na nithe ba shuntasaí dár chuir sé i gcrích d’fhorás na teanga. Bhí triúr eagarthóirí eile d’éis an tasc tromchúiseach seo a thabhairt suas i ngeall ar dhua agus dhéine na hoibre – Eoin Mac Néill, Ath. Peadar ó Laoghaire, agus Daithí Coimín. Ach bhí an Duinníneach sásta tabhairt faoi. Bhí cuimhne agus stór focal as cuimse aige, agus de réir roinnt cuntas bhí cuimhne fhótagrafach aige. Anuas air sin, bhíodh flosc chun oibre go tréan ann agus chuireadh sé spreacadh i dtólamh san obair a bhíodh ar siúl aige.

Is as Foclóir Gaedhilge agus Béarla a céadfhoilsíodh sa bhliain 1904 is mó a chuimhnítear air. I réamhrá an fhoclóra seo, a foilsíodh sa bhliain 1904, maíonn sé gur óna thaithí féin de chomhráite le linn a óige a tharraing sé bunáite na bhfocal agus na nathanna don fhoclóir úd. Is dea-theist é seo ar fheabhas a chuimhne. Thar a cheann sin, cinntíodh dá bharr gurbh fhoclóir é ina mbeadh saibhreas agus órchiste na teanga labhartha. Diansaothraí a bhí ann – d’éirigh leis foclóir agus mórán eile a thabhairt chun críche i dtrí bliana.

Um an dtaca sin bhí géarghá le foclóir Gaeilge–Béarla chun freastal ar na foghlaimeoirí nua. Bhí éiginnteacht ann i measc phobal na Gaeilge i dtaca le leaganacha focal, litriú agus foclóir oiriúnach. Leoga, bhíodh alt sa “Chlaidheamh Soluis” darbh ainm “Comhairle” ina bhfreagraítí ceisteanna faoi na fadhbanna a bhí ag dó na geirbe ag Gaeilgeoirí.

D’ainneoin go raibh leabhair éifeachtúla ann do na foghlaimeoirí chun Gaeilge a fhoghlaim, Simple Lessons in Irish leis an Athair Ó Gramhnaigh, cuir i gcás, agus barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge, ní raibh foclóir nua-aimseartha ar bith ann a bheadh ina chrann taca don phróiseas foghlama.

Mar sin, thug Foclóir Uí Dhuinnín faoiseamh agus misneach do lucht na Gaeilge, idir fhoghlaimeoirí agus mhúinteoirí araon, de shiocair go bhféadfaidís bheith cinnte feasta de mhorc mór gnéithe den teanga a raibh doiléire ag baint leo go nuige sin. Ní hamháin sin, ach léirigh an Duinníneach go raibh beocht agus fuinneamh fós sa teanga trí shainmhínithe bríomhaire beoga a thabhairt ar an iliomad focal agus eiseamláirí iomadúla a sholáthar de na focail i gcora cainte, nathanna agus seanfhocail.

Foclóir: Eagrán Leasaithe cuir in eagar

Ar an drochuair, loiteadh cló an chéad fhoclóra le linn Éirí Amach na Cásca 1916. Níor chuir an matalang seo an Duinníneach as riocht, ámh, agus sa bhliain 1917 thosaigh sé ar fhoclóir eile a ullmhú as an nua.

Foilsíodh an foclóir seo sa bhliain 1927, eagrán a bhí ní ba mhó ná an chéad fhoclóir agus botúin an chéad eagráin leasaithe ann, mar aon le borradh agus biseach ar an ábhar. Chuaigh sé seo go mór chun leasa do chách atá ag gabháil don Ghaeilge ó shin i leith agus meastar go bhfuil sé ar cheann de na leabhair thagartha Gaeilge is tábhachtaí dá bhfuil ann, in ainneoin an litrithe réamhchaighdeánaigh ann agus an téacs a bheith sa chló Gaelach.

Dúirt an scríbhneoir oirirc Brian Ó Nualláin (Flann O'Brien/ Myles na gCopaleen) gur bhain sé úsáid as foclóir an Duinnínigh go minic ina scribhinní mar gheall ar an saibhreas teanga agus imeartas focal atá san fhoclóir.

In ainneoin nach raibh an Duinníneach ag glacadh páirte in athbheochan na Gaeilge ach ar feadh dreas dá shaol, d’éirigh leis obair éachtach a dhéanamh sa tréimhse sin. Ní mór cuimhneamh gur thóg sé beagnach 30 bliain ar 20 duine ar fhoireann fhoclóra Néill Uí Dhomhnaill an foclóir is nua-aimsearthaí Gaeilge–Béarla a chur le chéile. I bhfrithshuí leis seo, níor chaith an Duinníneach ach 10 mbliana i mbun a fhoclóra mhóir le triúr i gcabhair air. Léiriú é seo ar an gcineál fir uathúil a bhí ann.

 
Port Mearnóg

Cailleadh an Duinníneach in Ospidéal Naomh Uinsionn i mBaile Átha Cliath agus 73 bliana slánaithe aige. Bhí cónaí air sa deireadh i bPort Mearnóg. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Foinsí cuir in eagar

  • Mac Mathúna, Liam, 'Dinneen, Patrick', The Encyclopedia of Ireland (Yale University Press, 2003)
  • Ó Conluain, Proinsias agus Ó Céileachair, Donncha, An Duinníneach (Sáirséal agus Dill, 1976)

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair (Sáirséal agus Dill 1958). "An Duinníneach". ISBN 090134229.
  2. Ó Céilleachair, Seán, 2010, Slibh Luachra, Journal of Cummman Luachra, Killarney, p.116. Note: Dinneen never attended Clongowes as a pupil though he was in contact with Jesuits during his secondary school days. Source: Clongowes archives.
  3. ainm.ie. "Ó DUINNÍN, Pádraig (1860–1934)". Dáta rochtana: 29 M.F. 2018.