Meänkieli
Is í an teanga Meänkieli ("ár dteanga féin", cf. meidän kielemme de réir theanga chaighdeánaithe na Fionlainne) an cineál Fionlainnise a labhraítear i dTuaisceart na Sualainne. Ainmneacha eile ar an teanga iad tornedalsfinska (Sualainnis: "Fionlainnis Ghleann Abhainn Torne/Tornio") agus tornionlaaksonsuomi (an rud céanna i bhFionlainnis).
meänkieli | |
---|---|
Cineál | teanga, teanga bheo, teanga mhionlaigh agus canúint |
Canúint na | an Fhionlainnis |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 70,000 (2015) |
Á labhairt | Norrland (en) |
Dúchasach do | Laplainn na Fionlainne, Norrbottens län agus Torne Valley (en) |
Stáit | an tSualainn agus an Fhionlainn |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Úralacha teangacha Fionn-Úgracha teangacha Fion-Pheirmeacha Finno-Volgaic (en) Finno-Samic (en) Finnic (en) an Fhionlainnis | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir na Fionlainnise agus aibítir Laidineach |
Cóid | |
ISO 639-3 | fit |
Glottolog | torn1244 |
Ethnologue | fit |
IETF | fit |
Táthar idir dhá chomhairle, cé acu canúint de chuid na Fionlainnise nó teanga inti féin í. Thosaigh forbairt na teanga Meänkieli mar theanga ar leith sa bhliain 1809, nuair a thit an chuid ba mhó de chríocha na Fionlainne leis an Rúis de thoradh an chogaidh (Cogadh na Fionlainne 1808-9) a chuir an tSualainn agus an Rúis Impiriúil ar a chéile roimhe sin.
Stair
cuir in eagarRoimh Chogadh na Fionlainne ní raibh difríocht ar bith idir an teanga Meänkieli agus na canúintí a labhraítí taobh thoir den abhainn úd Tornionjoki/Torneälven: bhí na canúintí go léir i ngleann na habhainne sin ag dul i bhfeidhm ar a chéile go nádúrtha. D'imigh sin agus tháinig seo, áfach, nuair a tarraingíodh teorainn na Rúise agus na Sualainne ar feadh na habhainne. Bhí tionchar na Sualainnise láidir go maith ar fud na Fionlainne roimhe sin. I rith na naoú haoise déag, áfach, thosaigh caighdeánú na Fionlainnise sa chuid ba mhó den Fhionlainn (Ard-Diúcacht na Fionlainne faoi cheannas Impire na Rúise), agus ba chuid den chaighdeánú seo an glanteangachas: thosaigh na Fionlannaigh focail nua a chur i dtoll le chéile as tamhain ghlan-Fhionlainnise agus a chur in áit na n-iasachtaí ón tSualainnis. Ní dheachaigh an caighdeánú seo i bhfeidhm ar na canúintí taobh thiar den teorainn nua, áfach, áit ar mhair an chosmhuintir ag labhairt mar a labhraídís riamh.
Sna 1880idí thosaigh údaráis stáit na Sualainne ag cur in aghaidh na Fionlainnise i ngleann Tornionjoki. Bhí siad barúlach gur bagairt mhíleata ab ea an Rúis don tSualainn agus nach bhféadfaí muinín a dhéanamh as muintir na gcríoch teorainne má chloígh siad le "teanga iasachta" a raibh tromlach a cainteoirí ina gcónaí ar thaobh na Rùise.
Is é an tuairim a bhíodh ag na cainteoirí dúchais féin go dtí na seachtóidí ná nach raibh ach canúint Fionlainnise á labhairt acu. Sna hochtóidí, áfach, thosaigh cumann na gcainteoirí dúchais ag cur a mhalairt tuisceana chun cinn: ba é an mana a bhí acu siúd ná nach "droch-Fhionlainnis" a bhí sa teanga Meänkieli agus go mba chóir an Meänkieli a chleachtadh mar theanga oideachais agus litríochta ar leith. Ba é an scríbhneoir Bengt Pohjanen thar aon duine eile a bhí sáite sna hiarrachtaí seo.
Sa bhliain 1985 d'fhoilsigh Pohjanen an chéad úrscéal sa teanga. Aon bhliain déag ina dhiaidh sin tháinig an chéad leabhar gramadaí, Meänkielen kramatiikki, i gcló. Ba iad Pohjanen agus an teangeolaí Fionlannach Matti Kenttä na húdair. Chruthaigh siad cineál caighdeán liteartha don teanga leis an ngráiméar seo: tá sé bunaithe ar na canúintí a labhraítear i bPajala agus in Övertorneå (Fionlainnis: Ylitornio). Is í an chanúint a labhraítear in Gällivare (Fionlainnis: Jällivaara) an ceann is eisceachtúla, ós mó a chuaigh an tSámais (an Laplainnis) i bhfeidhm uirthi ná ar na canúintí eile.
Stádas na teanga inniu
cuir in eagarSa bhliain 2000 reachtaíodh dlí nua a rinne teanga oifigiúil den Meänkieli i gcúig phobal áitiúla i gCúige Norrbotten: Pajala, Övertorneå/Ylitornio, Haparanda/Haaparanta, Kiruna/Kiiruna agus Gällivare/Jällivaara.