ABBA
Banna popcheoil Sualannach ab ea ABBA, a bhí gníomhach idir na blianta 1972 agus 1982. Bhuaigh Abba Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse sa bhliain 1974, an chéad bhua Sualannach sa chomórtas.[1]
Rinneadh iarracht chun an banna a athbheochan sna 2020idí.
Stair
cuir in eagarAcrainm é ainm an bhanna, atá bunaithe ar ainmneacha na mball.
B'ar an gcairdeas idir na ceoltóirí Björn Ulvaeus agus Benny Andersson a bunaíodh an grúpa, in éineacht leis na hamhránaithe Anni-Frid Lyngstad (nó Frida de ghnáth) agus Agnetha Fältskog.
Dhá lánúin pósta a bhí ann agus iad in ard a réime, cé nár tháinig aon cheann dóibh slán as.
Bhuaigh Abba Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse sa bhliain 1974, an chéad bhua Sualannach sa chomórtas.
2020idí
cuir in eagarAr an dara lá de mhí Mheán Fómhair 2021, tháinig Abba amach le dhá amhrán nua. Bhí albam nua acu freisin darb ainm ‘Voyage’, a tháinig amach chomh maith.[1] Chuaigh an banna ar 'thuras fíorúil', ina chruthaigh na baill íomhánna samhalta, nó abhatáir, díobh féin.
Dioscliosta
cuir in eagar- Ring Ring (1973)
- Waterloo (1974)
- ABBA (1975)
- Arrival (1976)
- The Album (1977)
- Voulez-Vous (1979)
- Super Trouper (1980)
- The Visitors (1981)
- Voyage (2021)
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 maynoothuniversity.ie (27 Meán Fómhair 2021). "Eleathanach 389". Dáta rochtana: 27 Meán Fómhair 2021.