Is cathair é Malmö in iardheisceart na Sualainne. Is é an tríú cathair is mó sa tSualainn i ndiaidh Gothenburg agus Stockholm. Is é an seachtú cathair is báúla le rothaíocht sa domhan de réir an Copenhagenize Index sa bhliain 2013. Is é Malmö an phríomhchathair agus an chathair is mó i gcontae Skåne sa tSualann. Fuair Malmö an ceathrú háit ar an liosta "15 Green Cities" de chuid Grist Magazine sa bhliain 2007.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMalmö

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55°35′35″N 13°01′17″E / 55.593189°N 13.021423°E / 55.593189; 13.021423
Stát ceannasachan tSualainn
County of Sweden (en) AistrighSkåne County (en) Aistrigh
Municipality of Sweden (en) AistrighMalmö Municipality (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán325,069 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,149.99 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla7,833 ha Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceØresund Cuir in eagar ar Wikidata
Airde12 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1353
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist21X XX Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód040 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinmalmo.se Cuir in eagar ar Wikidata

Tá 309,105 daoine ina gcónaí sa chathair i 2013. Bhí 664,428 duine i mórcheantar Malmö.

Déimeagrafaic cuir in eagar

Daonra stairiúil
YearPop.±%
1950 198,856—    
1960 234,453+17.9%
1970 265,505+13.2%
1980 233,803−11.9%
1990 233,887+0.0%
2000 259,579+11.0%
2009 293,909+13.2%
2012 308,873+5.1%

Seo a leanas na príomhthíortha as ar tháinig imircigh i Malmö:

  1. An Iaráic (9,940)
  2. Danmhairg (8,972)
  3. Poblacht na Macadóine (8,426)
  4. an Bhoisnia-Heirseagaivéin (5,969)
  5. an Liobáin (3,780)
  6. an Iaráin (3,375)
  7. an Pholainn (3,053)
  8. an Tuirc (2,110)
  9. an Ungáir (2,038)
  10. an Rómáin (2,014)

Sa bhliain 2011, bhí daoine ó 174 tír difríula ina gcónaí i Malmő agus bhí timpeall ar 150 teanga á labhairt sa chathair.

Is cathair óg é Malmo agus thart ar leath an daonra faoi 35 bhliain d'aois.

Tá cúlra iasachta ag 41% do an daonra i Malmö. Rugadh 30% de na daoine i dtír eile agus rugadh 11% sa tSualainn do thuismitheoirí iasachta.