Ban-aisteoir Sualannach ab ea Greta GarboGreta Lovisa Gustafsson (a rugadh ar an 18 Meán Fómhair 1905 agus a fuair bás ar an 15 Aibreán 1990). Réalt i ré deireanach na scannán gan fhuaim agus Ré Órga Hollywood a bhí inti. Sa bhliain 1999 thug an American Film Institute an cúigiú háit di ar an liosta s'acusan de 50 banlaoch na scannán Meiriceánach.

Infotaula de personaGreta Garbo

(1930) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Greta Lovisa Gustafsson
18 Meán Fómhair 1905
Paróiste Katarina, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Aibreán 1990
84 bliana d'aois
Nua-Eabhrac (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine agus cliseadh duán)
Áit adhlacthaSkogskyrkogården, kvarter 12A, gravnummer 1 59°16′23″N 18°06′17″E / 59.27304°N 18.10475°E / 59.27304; 18.10475 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síDramatens elevskola (en) Aistrigh (1922–1924) Cuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreAisteoir
Suíomh oibre Hollywood Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmban-aisteoir, aisteoir scannáin, aisteoir stáitse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1920 –  1941
Faoi thionchar
TeangachaBéarla agus an tSualainnis
Teaghlach
AthairKarl Alfred Gustafsson  agus Anna Lovisa Johansdotter
SiblínSven Gustafsson agus Alva Garbo
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáingretagarbo.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0001256 Allocine: 1205 Allmovie: p25821 TCM: 68274 TV.com: people/greta-garbo AFI: 63540
Spotify: 6HAfZGiWEe7sgM8tgTfKlN Musicbrainz: 7acc0822-d87b-4190-a717-582a46768bc5 Discogs: 1730413 Find a Grave: 379 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí páirt aici den chéad uair i scannán Sualannach sa bhliain 1924, mar atá, Gösta Berlings saga. Thug sí a haghaidh ar Mheiriceá go gairid ina dhiaidh sin. I measc na scannán a chuir lena chlú bhí Mata Hari (1931), Grand Hotel (1932), agus Camille (1936). I ndiaidh an 28ú scannán aici, The Two-Faced Woman, sa bhliain 1941, d'éirigh sí as an aisteoireacht.

Níor phós Garbo riamh. Bhí sí mór leis an aisteoir John Gilbert ar feadh bliain nó dhó ach bhí spéis níos mó aici sna mná. Chuir sí fúithi i gCathair Nua-Eabhrac agus ghlac sí saoránacht Mheiriceánach. Bailitheoir ealaíne agus infheisteoir ábalta í.