Is é Sliabh Logan an sliabh is airde i gCeanada agus an dara sliabh is airde i Meiriceá Thuaidh, i ndiaidh Denali (Sliabh Mc Kinley). Ainmníodh an sliabh i ndiaidh Sir William Edmond Logan, geolaí Ceanadach agus fundúir Suirbhéireacht Gheolaíocht Cheanada (Béarla: Geological Survey of Canada nó GSC). Tá Sliabh Logan suite in bPáirc Náisiúnta agus Comarclann in iardheisceart Yukon agus is é Sliabh Logan foinse an dá oighearshruth úd, Hubbard agus Logan. Creidtear go gurb í bun-imlíne Shliabh Logan an ceann is mó ag sliabh neamhbholcánach ar bith eile ar domhan (tá cuid mhaith sciath-bholcán a bhfuil méid i bhfad níos mó acu). Tá 11 bhinn ag Sliabh Logan níos mó ná 5,000 méadar (16,400 troighe) ar airde.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSliabh Logan
(en) Mount Logan Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálSliabh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deSeven Second Summits (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i limistéar cosantaKluane National Park and Reserve (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Mór-roinnMeiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinYukon, Ceanada Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 60°34′02″N 140°24′10″W / 60.5672°N 140.4028°W / 60.5672; -140.4028
SliabhraonSaint Elias Mountains (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige5,959 m Cuir in eagar ar Wikidata
Starraiceacht thopagrafach5,250 m Cuir in eagar ar Wikidata
Leithlisiú topagrafach624 km Cuir in eagar ar Wikidata
Déanta aseibhear Cuir in eagar ar Wikidata

Tá Sliabh Logan ag síor-ardú mar gheall ar fórsaí ardaithe teicteonacha. Roimh an bhliain 1992, ní raibh airde Shliabh Logan ar eolas ag éinne go beacht. Sa bhliain sin, chuaigh foireann de chuid an GSC suas an sliabh agus bhain siad úsáid as GPS le hairde an tsléibhe a mheas: 5,959m (19,551tr) a bhí an bhinn ab airde ag an nóiméad úd. Ba sa bhliain 1925 ar bhain daoine barr an tsléibhe amach don chéad uair. Thóg sé 65 lá le foireann idirnáisiúnta faoi Albert H. MacCarthy, Ceanadach, an turas ón mbaile beag ba chóngaraí (McCarthy an t'ainm atá ar an mbailese freisin mar a tharlaíonn) go dtí mullach an tsléibhe agus ar ais.