An tAigéan Ciúin
Is é an tAigéan Ciúin, nó an Ciúin-Aigéan, an mhuir is mó ar domhan. Clúdaíonn sé an tríú cuid de dhromchla an domhain, agus tá achar 179.7 milliún km² (69.4 milliún míle cearnach) aige. Leathann sé 15,500 km (9,600 míle) ó Mhuir Bheiring san Artach go himeallacha reoite Mhuir Ross san Antartach. Tá a leithead is mó soir siar timpeall cúig ghrád ó thuaidh, áit a leathann sé mórthimpeall 19,800 km (12,300 míle) ón Indinéis go chois fharraige na Colóime. Meastar go minic gurb é Caolas Mhalacca an áit is faide siar san Aigéan Ciúin. Tá an áit is ísle ar dhromchla an domhain—an Trinse Máirianach—san Aigéan Ciúin.
Cineál | Aigéan | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Aigéin an Domhain | |||
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Domhan | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | uiscí idirnáisiúnta | |||
| ||||
Codanna | 33 | |||
Tréithe | ||||
Doimhneacht ingearach | uasmhéid: 11,034 m mód, meán, airmheán: 4,280 m | |||
Toisí | 19,800 () km | |||
Pointe is ísle | Duibheagán Challenger (−11,022 m ) | |||
Achar | 161,760,000 km² | |||
Bearta agus táscairí | ||||
Toirt | 660,000,000 km³ | |||
Tá tuairim is 25,000 oileán san Aigéan Ciúin (níos mó ná mar atá i muireacha eile an domhain le chéile), agus a bhformhór ar an taobh theas den Mheánchiorcal.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |