Cathair Québec
Is í Cathair Québec, nó Québec, príomhchathair chúige Québec, i gCeanada. Is í an dara cathair is mó sa chúige i ndiaidh Montréal. Tá 516,622 in a gcónaí sa chathair féin agus 765,706 i mórcheantar Québec. Tá an chathair suite ar an mbruach thuaidh den Abhainn San Labhráns. Is é Régis Labeaume an méara. Fraincís an mháthairtheanga do 94.55% de mhuintir Chathair Québec. Is é an Béarla an mháthairtheanga ag 1.46% díobh.
TeangachaCuir in Eagar
Máthairtheanga | Daonra | % do daonra Cathair Québec |
---|---|---|
Fraincís | 456,225 | 94.55% |
Béarla | 7,030 | 1.46% |
Fraincís agus Béarla | 1,460 | 0.31% |
Teanga eile | 17,825 | 3.69% |
Cainteoirí Fraincís amháin | 315,135 | 65.31% |
Cainteoirí Béarla amháin | 835 | 0.17% |
Cainteoirí Fraincís agus Béarla | 165,340 | 34.26% |