Cathair in iarthar Cheanada is ea Regina. Príomhchathair chúige Saskatchewan atá ann. Is í Regina an dara cathair is mó i Saskatchewan, i ndiaidh Saskatoon. Ainmníodh Regina in onóir Bhanríon Victoria, Victoria Regina. Carn Cnámha (Pile of Bones) ainm na háite roimhe sin. Cathair phleanáilte í a tógadh sa bhliain 1882 ar an bhfásach féir réidh i lár Cheanada, i ndeisceart an chúige. Is é Michael Fougere an méara. Tá 193,100 duine ina gcónaí i Regina féin, 210,556 i mórcheantar na cathrach.
I 2011 bhí 98.1%(de dhaonra Regina) ábalta Béarla a labhairt agus bhí 1.3% ábalta Fraincis a labhairt. Bhí máthairtheanga seachas Béarla nó Fraincis ag 12.3%.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.