Jacques Cartier

Ba thaiscéalaí Francach (Briotánach) é Jacques Cartier (31 Nollaig 1491 - 1 Meán Fómhair 1557, a rugadh faoin ainm Jakez Karter). Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Ceanada.

Jacques Cartier
Jacques Cartier 1851-1852.jpg
Gobharnóir na Nua-Fhraince

Iúil 24, 1534 - Eanáir 15, 1541
← luach ar iarraidh - Jean-François Roberval (en) Aistrigh
Saol
Eolas breitheSaint-Malo, 31 Nollaig 1491
NáisiúntachtRíocht na Fraince
BásSaint-Malo, 1ú Meán Fómhair 1557
Áit adhlacthaSaint-Malo Cathedral (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (plá
tíofas)
Muintir
Céile/CéilíMary Catherine des Granches (en) Aistrigh
Oideachas
Teangachaan Fhraincis
Gairm
Gairmloingseoir, taiscéalaí, mairnéalach, cumadóir agus mairnéalach
Céimaimiréal
Jacques Cartier Signature.svg
Codex canadensis, ca. 1675-82.
Tháinig Cartier go Ceanada sa bhliain 1534 don chéad uair

Rinne Cartier trí thuras fharraige go Ceanada sa 16ú haois. Ba é Cartier an chéad duine a leag amach an abhainn Naomh Laurent.

Cartier agus na hIndiaigh,inniu san Ardeaglais Gaspé

1534Cuir in Eagar

Tháinig na Francaigh, le Cartier mar cheannaire, go Ceanada sa bhliain 1534 nuair a sheol siad isteach san abhainn St. Lawrence. Sheol Jacques Cartier ó Saint-Malo chun teachtaireacht na deabhóide Críostaí a chraobhscaoileadh do na bundúchasaigh le hais an Saint Laurent.[1]

Ar an 24 Iúil 1534, chuir Cartier cros 10 méadar in airde agus ghlac sé seilbh na tíre in ainm François I, Rí na Fraince. Tá an miotas greanta i bpánaí ildaite gloine atá leathcheilte ar chúl bosca faoistine i Notre Dame Montréal, an tIndiach luite ar a chúl ar an talamh agus Cartier ag seanmóintíocht as leabhar dó, mura bé an Bíobla é.

 
Cartier ag Hochelaga sa bhliain 1535 le Adrien Hébert

1535Cuir in Eagar

An bhliain dár gcionn, thug Cartier cuairt an cheantar Montréal, áit a raibh muintir Huron ag an am, i 1535. Bhaist sé Mont Royal (An Sliabh Ríoga) ar shliabh a bhí crochta os cionn abhainn an St Lawrence.

Tagann an t-ainm Ceanada ó kanata, focal a chiallaíonn "baile beag" nó "lonnaíocht" i dteanga de chuid na nIroquois. Ba é sin an focal a d'úsáid na hIroquois i gceantar Chathair Québec nuair a threoraigh siad Jacques Cartier chun Stacona, baile beag acusan.

Thug Cartier an t-ainm sin ar an gceantar uilig a bhí faoi Donnacona, taoiseach na treibhe úd. Faoin mbliain 1545, bhí na hEorpaigh ag cur an ainm ar a gcuid léarscáileanna le haghaidh an réigiúin ar fad.

1542Cuir in Eagar

D'fhill Cartier i 1542 le sagairt agus coilínigh agus bhunaigh sé an sráidbhaile Ville Marie.

 
Dealbh Cartier, Saint-Roch, cathair Quebec.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Liam Ó Muirthile (2016). "‘Is é Cairdinéal Dearg an cheoil é, éan a eitlíonn go hard os cionn na cathrach’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-01.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar