Loch Ontario
Ceann de Lochanna Móra Mheiriceá Thuaidh is ea Loch Ontario (Fraincis: Lac Ontario) agus an loch is faide soir de na cúig loch fionnuisce atá suite in oirthear na Stát Aontaithe, ar an teorainn le Ceanada.
TíreolaíochtCuir in Eagar
Faigheann sé uisce ó Loch Erie, tríd an Abhainn Niagara agus Eas Niagara agus folmhaíonn sé isteach san Abhainn San Labhrás. 6 bliana an t-am seadaithe ag uisce sa loch. Tá achar dromchla iomlán de 19,000 km² aige.
Tá sé suite ar an teorainn idir na Stáit Aontaithe (Nua-Eabhrac) agus Ceanada (Ontario), sa réigiún ar a dtugtar an 'crú capaill órga' (Fraincis: fer à cheval doré, Béarla: Golden Horseshoe) air, leis an cheannchathair Torontó, áit a fheidhmíonn sé mar chaidéil teasa, ach go háirithe i rith an tSamhraidh, i gcóir aerchóirithe d'foirgnimh oifige agus do na háitritheoirí.
DinnseanchasCuir in Eagar
Bhí ainmneacha éagsúla ar Loch Ontario thar na céadta bliain. Léiríonn léarscáil a tarraingíodh i leabhar leis an teideal "Relation des Jésuites" (1662-1663) an t-ainm "Loch Ontario" agus "Loch Iroquois".
Sa bhliain 1712, d'ullmhaigh an Francach, an tUasal Jean-Baptiste de Couagne léarscáil, a cuireadh i láthair Musée canadien des Civilisations (Gaeilge: Músaem Ceanadach na Seansibhialtachtaí), ina dtugtar an "Loch Frontenac" air.
Thug na Iroquois an t-ainm "Skanadario" air.
Is síol faoi thíreolaíocht Cheanada é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |