Daoine dúchasacha Chríocha Mheiriceá iad na hIndiaigh Mheiriceá [1], nó na Meiriceánaigh Dhúchasacha nó fiú na bundúchasaigh Mheiriceá.[2]

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaBundúchasaigh Mheiriceá

Cineálgrúpa eitneach, population group (en) Aistrigh agus grúpa daoine
EapainmIndiaigh
Tíreolaíocht
Ó dhúchasan Cholóim, an Bholaiv, Peiriú, Guatamala, Eacuadór, Meicsiceo, Ceanada, an Bhrasaíl, an tSile, an Airgintín, Veiniséala, Nicearagua, Panama, Paragua, an tSalvadóir, Cósta Ríce, an Bheilís, Suranam, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Cúba agus na Bahámaí
Léarscáil dáileacháin
Tatanka Iyotanka (Béarla: Sitting Bull), duine de na Meiriceánaigh Dúchasacha

Deoire eolaithe gur tháinig na Meiriceánaigh Dhúchasacha go dtí Meiriceá Thuaidh ón tSibéir timpeall 15,000 RC ar a laghad. Ach le déanaí, tá fianaise ann go raibh Meiriceánaigh Dhúchasacha i Meiriceá Thuaidh timpeall 130,000 RC.[3][4]

Bhí timpeall 100 milliún duine ina gcónaí i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas sa bhliain 1492. I Meicsiceo agus i bPeiriú, bhí cathracha móra ann. Bhí timpeall 300,000 duine ina gcónaí i dTenochtitlán, an phríomhchathair Astacach.

Coilíniú

cuir in eagar

Tháinig Críostóir Colambas go dtí an Muir Chairib sa bhliain 1492. Bhí sé i mbun feachtas cinedhíothach i gcoinne na Taíno, agus fuair 95 faoin gcéad de na Taíno bás.


Tháinig na Sasanaigh sa bhliain 1584 agus rinneadar campa ar Oileán Roanoke. Ar dtús, bhí na bundúchasaigh an-chairdiúil leo. Thóg na Sasanaigh beirt bhundúchasaigh thar n-ais go Sasana leo darbh ainm Wanchese agus Manteo.

Tháinig na Sasanaigh thar n-ais aríst sa bhliain 1585 chun coilíneacht a cruthú ar Oileán Roanoke. Chuadar ar thuras taiscéalaíochta go Aquascogoc. Tar éis bualadh leis na Bundúchasaigh sa sráidbhaile ann, shíl na Sasanaigh gur ghoid iad cupán airgid uathu. Scrios na taiscéalaithe an sráidbhaile go hiomlán agus theith na Bundúchasaigh.

Thug na Bundúchasaigh faoi ndeara go raibh go leor acu ag fáil bháis tar éis bualadh leis na Sasanaigh. Ní raibh taithí ag a gcórais imdhíonachta le bolgach nó leis an fliú faraor agus chruthaigh sé an-chuid fadhbanna leo.

Ag an deireadh, theip an choilíneach ar Oileán Roanoke agus bhí an caidreamh idir na Bundúchasaigh agus na Sasanaigh lagaithe go mór. Cruthnaigh na Sasanaigh coilíneacht nua sa bhliain 1607 agus thug siad an t-ainm Baile Shéamais (Jamestown) air. Sna blianta ina dhiadh sin, bhí tionchar an choilínithe ar na Bundúchasaigh Mheiriceá go millteach.

Sa bhliain 1700, ní raibh fágtha ach b'fhéidir 12 milliún bundúchasach.[5]

 
Naomh Maximon, dia de chuid na Máigheach

Tá timpeall 61 milliún Meiriceánach Dúchasach ann inniu. Tá siad ag dul i ngleic le ciníochas, leithcheal agus imeallú.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. ""Indiaigh Mheiriceá"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-05-31.
  2. "Pota Focal | native american" (en). Pota Focal. Dáta rochtana: 2020-05-31.
  3. cbc.ca (2017). "Study suggests humans were in North America 100,000 years earlier than believed". Dáta rochtana: 2020.
  4. Barbara Alice Mann, Iroquoian Women: The Gantowisas (Boston: Peter Lang, 2000), 35.
  5. Ibid.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar