Ba chathair ársa sa ghleann láir i Meicsiceo í Tenochtitlán, príomhchathair impireacht na nAstacach. Bunaíodh í timpeall 1345. Bhí an chathair lonnaithe ar oileán i lár Loch Texcoco. Bhí idir 200,000 is 300,000 duine ina gcónaí ann nuair a tháinig na Spáinnigh faoi stiúir Hernán Cortés ar an áit i 1520.
Bhí ar na Spáinnigh teitheadh ón chathair ar an 30 Iúil1520, an oíche ar a dtugtar noche triste nó oíche brónach. Tháinig siad ar ais i 1521 agus ghabh Cortés an chathair tar éis léigear 3 mhí agus ghabh sé Cuauhtémoc, ceannaire na nAstacach. Scrios na Spáinnigh an chathair is bhunaigh siad Cathair Mheicsiceo ar an áit.
Is síol faoi thíreolaíocht Mheicsiceo é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.