Hernán Cortés
Ba thaiscéalaí Spáinneach é Hernán Cortés (1485 - 2 Nollaig 1547) a chuir impireacht na nAstacach i Meicsiceo faoi chois le harm an-bheag. Spreag sé sin daoine eile chun saibhreas an Domhain Nua a lorg dóibh féin.
Hernán Cortés | |||||
---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||
Lúnasa 13, 1521 - Nollaig 24, 1521 - Cristóbal de Tapia →
Nollaig 30, 1521 - Deireadh Fómhair 12, 1524 ← Cristóbal de Tapia - Alonso de Estrada (en) ![]() ![]() ![]() | |||||
Saol | |||||
Eolas breithe | Medellin, 1485 | ||||
Náisiúntacht | Impireacht na Spáinne Habsburg Spain (en) ![]() An Spáinn | ||||
Bás | Castilleja de la Cuesta, 2 Nollaig 1547 | ||||
Áit adhlactha | Cathair Mheicsiceo | ||||
Cúis bháis | bás nádúrtha (dinnireacht pliúraisí) | ||||
Muintir | |||||
Athair | Martín Cortés de Monroy | ||||
Máthair | Doña Catalina Pizarro Altamarino | ||||
Céile/Céilí | Q113995403 ![]() Catalina Suárez Marcayda (en) ![]() | ||||
Páirtí/Páirtithe | La Malinche Isabel Moctezuma (en) ![]() | ||||
Páistí | |||||
Oideachas | |||||
Teangacha | An Spáinnis | ||||
Gairm | |||||
Gairm | taiscéalaí, gobharnóir agus Conquistadores | ||||
Duaiseanna | |||||
Seirbhís mhíleata | |||||
Brainse míleata | Spanish Army (en) ![]() | ||||
Céim | oifigeach coitianta | ||||
Throid sé/sí ag | Spanish conquest of the Aztec Empire (en) ![]() | ||||
![]() |
LuathshaolCuir in Eagar
Rugadh Cortés i Medellín, Extremadura, an Spáinn sa bhliain 1485 is cosúil.
Sheol a athair é chuig ollscoil Salamanca agus rinne sé staidéar ar dlí ach d'éirigh sé as roimh a chúrsa a chríochnú.
ConquistadorCuir in Eagar
Cosúil le mórán Spáinneach óg eile, thug Cortés aghaidh ar an Domhan Nua. Sa bhliain 1504, shroich sé Santo Domingo, ar an oileán Easpáinneoil.
Bhain Cortés páirt amach i ngabháil Easpáinneola sa bhliain 1506. Bronnadh eastát agus sclábhaithe Indiacha air.
Ansin bhain Cortés páirt amach i ngabháil Chúba i 1511 le Diego Velázquez.
Sa bhliain 1519, bhí Cortés i gceannas ar fhórsa sluaíochta go Meicsiceo. I 1521, ba é Cortés a chloígh na hAstacaigh i Meicsiceo agus a bhunaigh coilíneacht na Nua-Spáinne (Nueva España) ansin.
ScannalCuir in Eagar
Phós Cortés bean Spáinneach, Catalina Súarez, i gCúba, timpeall 1516. Ach bhí leanbh neamhdhlisteanach aige le bean bhundúchasach, a bhfuil aithne uirthi mar Malintzín, Marina nó La Malinche, timpeall 1522. Feallmharaíodh Catalina Súarez sa bhliain chéanna is cosúil.
Sheol Cortés ar ais go dtí an Spáinn sa bhliain 1528. Bhí air a chuid gníomhartha a chosaint roimh an rí. Rinne Cortés cás éifeachtach agus phós sé bean uasal, Doña Juana Zúñiga.
Turais thaiscéalaíocha eileCuir in Eagar
Sa bhliain 1524, bhí Cortés i gceannas ar fhórsa sluaíochta go Hondúras agus d'fhan sé ann dhá bhliain. Tháinig sé ar Baja California i 1536.
Sa bhliain 1540, chuaigh Cortés ar scor go dtí an Spáinn agus i 1547, bhásaigh sé i Sevilla ar an 2 Nollaig,
TagairtíCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |