Is iad na hAiliútaigh (ainm féin: Unangax, Unangan, nó Unanga) muintir dhúchasach na nOileáin Ailiúit in Alasca, (SAM), agus in Chukotka in oirthuaisceart na Rúise. Tá 17,000 Ailiútaigh ina gcónaí sna Stáit Aontaithe agus suas le 500 sa Rúis.

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaAiliútaigh
Cineálgrúpa eitneach
Teangaan Ailiúitis, Béarla agus An Rúisis
CreideamhCeartchreidmheach an Oirthir, seamanachas agus anamachas
Ball deteangacha Eiscimea-Ailiútacha

Labhraíonn siad an teanga Ailiúitis go traidisiúnta, teanga atá gaolta leis an Ionúitis. Tá Ailiúitis ag timpeall ar 150 duine sna Stáit Aontaithe, daoine aosta sa chuid is mó, agus roinnt céadta duine sa Rúis. Béarla nó Rúisis sa chuid is mó a labhraíonn na hAiliútaigh sa lá atá inniu ann.

Cultúr agus Ceirdeanna cuir in eagar

Déanann na hAiliútaigh bád cáiliúil atá cosúil le cadhccurach. Iqyaxbadairka an focal atá air. Déantar an iqyax as adhmad éadrom agus craiceann mór-róin.[1] Tá clúdach uisce-obach air freisin.[2]

Coilíniú na Rúise cuir in eagar

 
Bean Ailiútach agus a páiste, 1941

Tháinig ceannaithe fionnaidh Rúiseacha go hOileáin Ailiúit i 1745. Bhí na ceannaithe fionnaidh ar lorg ainmhithe fionnaitheacha.  D’fhuadaigh na trádálaithe Rúiseacha mná agus páistí na nAiliútach, rud a chuir iallach ar na fir Ailiútacha ainmhithe fionnaitheacha a sheilg. Ar Oileán Attu, dhúnmharaigh na ceannaithe fionnaidh 15 bhean agus páiste mar shampla.[3]

Throid na hAiliútaigh in aghaidh impiriúlachas na Rúise i 1763. Chreach na hAiliútaigh 4 bhád Rúiseacha agus mharaigh siad beagnach dhá chéad ceannaí fionnaidh Rúiseach. D'ionsaigh na ceannaithe fionnaidh Rúiseacha na hAiliútaigh ina dhiaidh sin. Chaill na hAiliútaigh an cogadh.[4]

Choinscríobh na Rúisigh leath na bhfear Aliliútach mar shealgairí agus choinnigh siad na mná agus na páistí ina ngiall.  Mar sin, sheilg na hAiliútaigh dobhráin mara do na Rúisigh gan stad.  Laghdaigh faoina leath drochshaol an daonra Ailiútaigh idir 1750 agus 1800.  Thaistil na sealgairí Ailiútacha go hOileánrach Alastair agus go California freisin sa naoú haois déag ina n-iqyax leosan mar chonscríofaigh Rúiseacha ar thóir dobhráin mara. Thit an daonra Ailiúitach fiche a cúig faoin gcéad ó ghalar sa naoú haois déag freisin. Bhain an Choilíneacht Rúiseach úsáid as na hAiliútaigh chun bia a fháil ón muir agus ó na hoileáin.[5]

Tháinig an Eaglais Cheartchreidmheach go hOileáin Ailiúit agus go Kodiak sna 1790daí agus sa naoú haois déag.  Ba chasta an scéal é.  Nuair a chonaic na manaigh an drochshaol a bhí ann, d’éirigh siad na hAiliútaigh a chosaint ón mí-úsáid.  Thug an eaglais cabhair do na hAiliútaigh a scríobh ina dteanga féin chomh maith.  Ach ag an am céanna, ghlac an Eaglais Cheartchreidmheach páirt sa straitéis choilíneach. [6]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar