Is slabhra oileán san Aigéan Ciúin Thuaidh iad Oileáin Ailiúit. Síneann siad siar 1,200 míle (1,900 ciliméadar) ó chósta iardheiscirt Alasca. Tá 14 oileán móra ann agus beagnach 300 ceann ar fad ann. Is de bhunús bolcánach iad agus tá 57 bolcán inniu ann. Cruthaíodh an ceann is óige díobh, Oileán Fire, sa bhliain 1883. Tá na hoileáin beagnach ar fad suite in Alasca, stát de chuid na Stát Aontaithe. Ar an bpointe is faide siar, tá grúpa beag oileán, Oileáin Komodorski, atá sa Rúis in Kamchatka kraj.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachOileáin Ailiúit
(en) Aleutian Islands Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálChain of islands (en) Aistrigh agus volcanic arc (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinAlasca, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52°N 174°W / 52°N 174°W / 52; -174
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Bheiring agus An tAigéan Ciúin Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Tréithe
Airde os cionn na farraige2,857 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí1,200 (fad) mi
Pointe is airdeMount Shishaldin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata  (2,857 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Achar6,821 mi² Cuir in eagar ar Wikidata
Biosphere reserve (en) Aistrigh  
AitheantóirCuir in eagar ar Wikidata Fitxa

Maireann an séasúr fáis in Oileáin Ailiúit 135 lá sa bhliain, ó luath-Bhealtaine go deireadh mí Mheán Fómhair. Is annamh a fhásann crann chomh hard le 10 troighe sna hoileáin mar gheall ar na gaotha láidre a bhíonn ann.

Bhí cónaí ar 8,000 duine sna hoileáin sa bhliain 2001. Tá timpeall is 600 sa chuid Rúiseach. Is iad na hAiliútaigh an pobal atá dúchasach sna hoileáin. Tá siadsan agus a dteanga gaolta leis na hInuktitut. Ag brath ar an tír ina bhfuil daoine ina gcónaí, tá an Rúisis agus an Béarla in uachtar inniu áfach. Le teacht na nEorpach, chaith na daoine agus na hoileáin blianta fada faoi riail na Rúiseach. Ghlac na Seapánaigh ar roinnt oileán sa slabhra sa Dara Cogadh Domhanda.