Seamanachas
Is éard is seaman ann ná cineál draoi nó lia sí atá ag iarraidh dul i dteagmháil le spioraid le bheith ina nasc cumarsáide idir iadsan agus an cine daonna. Bíonn seamanachas á chleachtadh ag pobail bhundúchasacha i Meiriceá Theas, i dTuaisceart na Rúise agus i measc na nEiscimeach inniu féin. Creideann lucht leanúna an tseamanachais go bhfuil an seaman in ann maolú ar an bhfearg a bhíonn ar na spioraid leis na daoine agus gur féidir leis tinneas an choirp a leigheas trí chaoi cheart a chur ar an anam. Go ginearálta, tarraingíonn an seaman támhnéal air féin agus é ag caidreamh na spiorad a fhad is a fhanann sé faoi thámhnéal, dar leis féin. Is féidir leis drugaí siabhraigineacha a thógáil leis an támhnéal a spreagadh, ach is féidir leis é féin a thuirsiú ag damhsa freisin.
Cineál fostaíochta | religious activity (en) |
---|
An focal féin seaman, tháinig sé ó na teangacha Tuircice. Bhí cleachtais sheamanacha coitianta go maith i measc lucht labhartha na dteangacha seo, go dtí go bhfuair Ioslam an ceann ab fhearr ar an seamanachas.
Scannáin
cuir in eagar- Quantum Men (Carlos Serrano Azcona) Spain 2011
- Other Worlds (Jan Kounen) France 2004
- Bells From the Deep (Werner Herzog) Germany 1993
- The Mad Masters (Jean Rouch) France 1955
- Au pays des mages noirs (Jean Rouch) France 1947
Leabhair
cuir in eagar- Shaman (2013) - Is úrscéal Béarla le Kim Stanley Robinson. Insíonn sé an scéal faoin fhear óg a théann faoi oiliúint a bheith seaman, in am na hOighearaoise in amanna réamhstairiúla.