Is beag atá ar eolas faoi Ghaillimh roimh an 12ú haois. Tá foinse an ainm ‘Galway’ ó Gaillimh na Gaeilge éiginnte. Tá tuairim amháin ann gur ‘abhainn chlochach’ atá i gceist, ó na focail Gaeilge gall a chiallaíonn cloch agus amh a chiallaíonn abhann. Dar le finscéal áitiúil, bhí iníon ag an rí miotasach Breasal darbh ainm Gaillimh nó Galvia a bádh in Abhainn na Coiribe (ar a tugadh Abhainn na Gaillimhe ar dtús).[1]

Caisleán Achadh na nIúr
Léarscáil ó 1651.
Armas, Richard Mór de Burgh
Na 'Treibheanna'

Na Gaeil cuir in eagar

Is eisceacht i measc cathracha na hÉireann í Gaillimh, mar ba iad na Gaeil iad féin ar dtús a thóg an chathair. Feictear Gaillimh den chéad uair sa stair thaifeadta mar an áit ar thóg Toirdhealbhach Ó Conchobhair (1088–1156), rí Chonnacht, dúnghaois in 1124 ag Bun Gaillimhe (béal Abhainn na Gaillimhe).[2]

Sa 12ú haois in Éirinn bhí an tír roinnte ina ríochtaí, gach ceann le rí a bhí ina ghéillsineach ag Ard-Rí na hÉireann. Déantar tagairt do Ghaillimh don chéad uair i dtaifid staire mar an áit inar thóg Toirdhealbhach Ó Conchobhair, rí Chonnachta, daingean ag Bun Gaillimhe (béal Abhainn na Gaillimhe). Déanta as adhmad, scriosadh agus atógadh é roinnt uaireanta. Ag an am sin, bhí suíomh na cathrach mar atá anois ina chuid de na tailte a bhí faoi smacht ag dhá chlann áitiúil a bhí dílis do Ó Conchobhair; Uí Fhlatharta ar an dtaobh thiar den abhainn agus Uí Allúráin ar an dtaobh thoir.[1]

Teacht na nAngla-Normanach cuir in eagar

I 1169-70 tháinig cóilínigh Angla-Normannacha ón mBreatain go hÉirinn. Rinne siad a gcéad éileamh ar Chonnacht i 1196 nuair a bronnadh an cúige ar William de Burgo.

Sa bhliain 1230, throid mac William, Richard de Burgo le Gaeil na hÉireann ag Gaillimh ach bhí air tarraingt siar. D’fhill De Burgo i 1232 agus thóg sé an chéad chaisleán cloiche i nGaillimh. Faoin mbliain 1235, bhí cúige Chonnachta ar fad faoi smacht ag Richard de Burgo. Is do mhac Richard, Walter (a fuair bás sa chaisleán ag Gaillimh i 1271) a thugtar an chreidiúint as an baile múrtha ag Gaillimh a bhunú, ós é a bhronn a gcéad chairt mhúrtha ar na cathróirí  1270, a thug cead dóibh dolaí a ghearradh ar earraí chun tógáil bhallaí an bhaile a mhaoiniú.[1]

Na 'Treibheanna' cuir in eagar

Le linn an 15ú haois go dtí an 17ú haois, d'éirigh go maith le ceithre theaghlach déag, ar a dtugtaí na 'Treibheanna' ina dhiaidh sin, trí thrádáil leis an Eoraip agus níos faide i gcéin. B'iad na 'Treibheanna' a luaitear ag trácht ar Ghaillimh ná clanna, go minic de bhunadh Normannach, a chuir fúthu sa gcathair féin. Bhí ról tábhachtach acu i bhforbairt bhaile na Gaillimhe trí fhoirgnimh phoiblí agus reiligiúnacha a choimisiúnú, trí go leor tithe móra a thógáil agus trí pháirt a ghlacadh i ngach gné den tsochaí ó rialachas agus riarachán an bhaile go gnóthaí eaglaise.

Ní raibh cairdeas idir iad agus na Gaeil a bhí lonnaithe ar an gCladach, bruachbhaile iascaigh a bhí taobh amuigh de bhallaí na cathrach, agus sna ceantair máguaird. Béarla a bhí sa gcathair, agus Gaeilge i ngach áit eile mórthimpeall.

Tháinig deireadh le rathúnas na Gaillimhe agus na dTreibheanna le léigear agus forghabháil Chromail i 1652. Díbríodh go leor de na teaghlaigh as an mbaile. Nuair a cuireadh Séarlas II ar ais sa ríchathaoir i 1660 d'ordaigh sé maoin a chur ar ais dóibh siúd a ghéill i 1652. D'fhill cuid de na seanteaghlaigh agus thosaigh siad ag trádáil arís.[1]

Na Péindlíthe cuir in eagar

Tháinig meath ar an mbaile arís sa bhliain 1691, nuair a cuireadh na Péindlíthe i bhfeidhm. Faoi rialóirí nua Protastúnacha agus faoi réir cánachais mhéadaithe, chuaigh go leor ceannaithe i muinín na smuigleála. Níor aisiompaíodh an meath sin go mór go dtí an 19ú haois agus an réabhlóid thionsclaíoch.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 "Medieval Galway • Galway City Museum" (en-US). Galway City Museum. Dáta rochtana: 2024-05-03.
  2. "An Mheánaois agus an Iar-Mheánaois • Músaem Cathrach na Gaillimhe" (ga). Músaem Cathrach na Gaillimhe. Dáta rochtana: 2024-05-03.