Ciarán Ó hÓgartaigh

acadóir agus iaruachtarán Ollscoil na Gaillimhe

Iar-Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe is ea Ciarán Ó hÓgartaigh (a rugadh timpeall 1967). Cainteoir líofa Gaeilge, bhí Ciarán Ó hÓgartaigh féin ina Chathaoirleach ar phainéal moltóireachta Ghradam Uí Ógartaigh le roinnt mhaith blianta.[1]

Infotaula de personaCiarán Ó hÓgartaigh
Beathaisnéis
Breithc. 1967
56/57 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Leeds - céim dochtúireachta
Ollscoil na Gaillimhe - Baitsiléir Tráchtála Cuir in eagar ar Wikidata
Tráchtas acadúilThe clarity of fullness : an exploration of the disclosure of uncertainty in financial statements (1997 Cuir in eagar ar Wikidata)
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir ollscoile, accounting academic (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (2008–2017)
Ollscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Ollscoil na Gaillimhe

Tógadh Ó hÓgartaigh le Gaeilge i gcathair na Gaillimhe. I gColáiste Iognáid sa chathair a fuair sé a chuid meánoideachais agus bhain sé an dara háit sa tír amach sa Ghaeilge san Ardteist i 1985.[1]

Is céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe é, áit ar bhain sé céadonóracha amach agus an chéad áit sa rang. Chuaigh sé i mbun traenála mar chuntasóir cairte le Arthur Andersen agus bhain sé céim PhD sa Chuntasaíocht amach in Ollscoil Leeds. Chaith sé tréimhse ar scoláireacht Fulbright in Ollscoil Northeastern, Massachusetts.[2]

Thug Ó hÓgartaigh tréimhse ag obair in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus in Ollscoil Victoria in Wellington sa Nua-Shéalainn sna 2000idí.

Thosaigh Ó hÓgartaigh ag obair i gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath in 2008. Bhí sé ina Dhéan ar Choláiste an Ghnó sa ChOBÁC idir 2011-2017, áit a raibh sé i gceannas ar Scoil Ghnó Lochlainn Uí Chuinn UCD, Scoil Chéimithe Gnó Michael Smurfit UCD, agus UCD Smurfit Executive Development. Bhí sé i gceannas chomh maith ar na cláir thar lear in Hong Cong, Singeapór agus Srí Lanca.

Bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus ina bhall de Choiste Iniúchóireachta na Roinne Airgeadais.

Ollscoil na Gaillimhe

cuir in eagar

Bhí sé ceaptha mar an 13ú hUachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe ar an 4 Meán Fómhair 2017, agus chuir sé tús lena théarma mar Uachtarán in Eanáir 2018. Tháinig sé i gcomharbacht ar an Dr Jim Browne a bhí ina uachtarán idir 2007-2017.[1]

D'éirigh sé as a phost ar an 26 Meitheamh 2024, roimh deireadh a théarma deich mbliana ; i dteachtaireacht dhátheangach a sheol sé, luaigh Ó hÓgartaigh an deis a bhí aige an Ghaeilge a úsáid ina chuid oibre mar cheann de na rudaí is mó a thaitin leis faoina phost.[3] Sin ráite, nuair a d'fhógair sé go raibh ag éirí as, bhí suíomh na hOllscoile, ollscoilnagaillimhe.ie, beagnach go hiomlán i mBéarla amháin.[4]

Cainteoir líofa Gaeilge é Ó hÓgartaigh, mac le Seosamh Ó hÓgartaigh, nach maireann, fear a raibh aithne mhór air i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta agus a bhfuil gradam Ghaillimh le Gaeilge ainmnithe ina dhiaidh. Bhí Ciarán Ó hÓgartaigh féin ina Chathaoirleach ar phainéal moltóireachta Ghradam Uí Ógartaigh le roinnt mhaith blianta.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "Ciarán Ó hÓgartaigh ceaptha ina Uachtarán ar ÓE, Gaillimh agus é ag súil le filleadh ar a ‘chathair dhúchais’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-09-04). Dáta rochtana: 2024-06-26.
  2. "September 2017 - University of Galway". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2024-06-26.
  3. "Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe ag éirí as" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-26). Dáta rochtana: 2024-06-26.
  4. "An Ghaeilge san Ollscoil - Ollscoil na Gaillimhe". www.ollscoilnagaillimhe.ie. Dáta rochtana: 2024-06-26.