Scéim chultúrtha mhalartaithe is ea Cuairt na bhFilí go hAlbain agus go hÉirinn. De ghnáth bíonn beirt fhilí, ceoltóirí agus amhránaithe i ngach grúpa. Bíonn dhá dhream i gceist - Cuairt na bhFilí Albanacha ar Éirinn agus Cuairt na bhFilí Éireannacha ar Albain.

Comhairle nan Leabhraichean a roghnaíonn an grúpa Albanach agus baineann siad Éire amach san Earrach. Reáchtálann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ócáidí cultúrtha, ceardlanna scoile agus oícheanta filíochta agus ceoil.[1] Téann na hÉireannaigh thar lear san Fhómhar. Sna blianta chuaigh thart chuaigh Máirtín Ó Direáin, Caitlín Maude, Louis de Paor, Cathal Ó Searcaigh agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh chun na hAlban mar chuid den ócáid.

Tá baint ag Comórtas Uí Néill (comórtas filíochta) leis an gCuairt in Éirinn, agus cuireann idir Éireannaigh agus Albanaigh isteach air. Faigheann an buaiteoir Trófaí Uí Néill agus suim airgid, agus foilsítear an dán is fearr.[2]

Tagairtí cuir in eagar