Is e atá i gceist le inneall cuardaigh ná acmhainn ar an ngréasán domhanda atá insroichte le brabhsálaí Gréasáin, a chabhraíonn leis an úsáideoir ionaid is eolas a aimsiú. Bíonn na hinnill chuardaigh (Yahoo, Lycos, Google, Ask Jeeves) ag cuardach tríd an ngréasán an t-am ar fad, ag tógáil innéacsanna ábhar éagsúla — mar shampla, ag aimsiú teidil, fotheidil, eochairfhocail is céadlínte cáipéisí. Uaidh sin, is féidir cuid mhaith cáipéisí éagsúla ar ábhar ar leith a aisghabháil. Déanann an cuardach leanúnach cinnte de go bhfuil na hinnéacsanna suas chun dáta. Mar sin féin, aisghabhann na hinnill an-chuid cháipéisí nach mbaineann le hábhar, agus tá an-iarracht ar siúl an t-am ar fad iad a fheabhsú.

Inneall cuardaigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Torthaí an innill

Eochairphrionsabail na n-inneall cuardaigh cuir in eagar

Comhlíonann an t-inneall cuardaigh na riachtanais seo:

  • Innéacsú a dhéanamh ar leathanaigh ghréasáin le haghaidh oibríochtaí próiseála sonraí
    • Eochairfhocail, téacs, fís, íomhá
  • Rangú agus cur i láthair torthaí iarratais de réir ábharthacht an iarratais
  • Freagairt d’athruithe inneachair
  • Díbirt naisc chaocha, leathanaigh dúblála agus turscar neamhábhartha
  • Diúltú d’inneachar luacha ísil uathoibrithe
  • Baint méideanna d’inneachar gréasáin atá ar fáil go héasca, mar shampla suíomhanna gréasáin aimsire

Sciar den Mhargadh cuir in eagar

Ó Fheabhra 2023, is é Google an t-inneall cuardaigh is mó a úsáidtear ar domhan, le sciar den mhargadh de 93.37%. B’iad na hinnill chuardaigh ba mhó eile ná Bing, Yahoo!, Baidu, Yandex agus DuckDuckGo[1].[2]


Tagairtí cuir in eagar

  1. "Search Engine Market Share Worldwide" (en). StatCounter Global Stats. Dáta rochtana: 2023-03-06.
  2. Hussey, Matt (2011). "Inneall cuardaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 369.