An Éigipt
Is tír í an Éigipt, nó Poblacht Arabach na hÉigipte (Araibis:مصر) atá suite in oirthuaisceart na hAfraice agus giota beag den Áise. Tagann an t-ainm Gaeilge An Éigipt ón ainm Gréigis Aígyptos (Αἴγυπτος), agus Egypte as Fraincís agus Egypt as Béarla.
An Éigipt | |||||
---|---|---|---|---|---|
جُمهورِيّةُ مِصرَ العَرَبيّةِ (ar) مصر (ar) Arab Republic of Egypt (en) Egypt (en) Republik Arab Mesir (ms) Mesir (ms) | |||||
|
|||||
Aintiún | Bilady, Bilady, Bilady | ||||
Mana | «مصر أمّ الدنيا» | ||||
Ainmnithe in ómós | Ptah (en) agus Miosráím | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Caireo | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 114,535,772 (2023) | ||||
• Dlús | 113.36 hab./km² | ||||
Déamainm | Éigipteach | ||||
Teanga oifigiúil | an Araibis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Afraic Thuaidh an Meánoirthear Iarthar na hÁise | ||||
Achar dromchla | 1,010,407.87 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mheánmhuir, an Níl agus an Mhuir Rua | ||||
Pointe is airde | Mount Catherine (en) (2,629 m) | ||||
Pointe is ísle | Logán Qattara (−133 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ríocht na hÉigipte agus Rialtas na hUile-Phalaistíne | ||||
Cruthú | 28 Feabhra 1922: Ríocht na hÉigipte | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Cabinet of Egypt (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Parlaimint na hÉigipte | ||||
• Uachtarán na hÉigipte | Abdel Fattah el-Sisi (2014–) | ||||
• Príomh-Aire na hÉigipte | Moustafa Madbouly (2018–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Ard-Chúirt Bhunreachtúil na hÉigipte | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 424,671,765,456 $ (2021) | ||||
Airgeadra | punt na hÉigipte | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .eg agus .مصر | ||||
Glaochód | +20 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 122, 123 agus 180 | ||||
Cód tíre | EG |
Tá teorainn ag an Éigipt leis an Libia, an tSúdáin, agus le hIosrael. Tá 80.6 milliún daoine ina gcónaí ann. Is é Caireo an phríomhchathair.
Stair
cuir in eagarSean-Éigipt
cuir in eagarLéigh an t-alt, an Sean-Éigipt agus Catagóir:Stair na hÉigipte.
Suais
cuir in eagarOsclaíodh Canáil Suaise (Suez) ar an 7 Márta 1869, agus de bharr sin, d'éirigh Caireo tábhachtach ó thaobh cúrsaí geopholaitíochta.
Deachtóireacht mhíleata, 1952
cuir in eagarAr an 23 Iúil 1952, tharla coup d'état; cuireadh deachtóireacht mhíleata in ionad monarcachta bunreachtúla. Tugtar "Lá na Réabhlóide" ar an 23 Iúil san Éigipt inniu agus is lá saoire é.
Géarchéim Shuais, 1956
cuir in eagarTharla an ghéarchéim Shuais (Suez) sa bhliain 1956, idirghabháil mhíleata mhí-ámharach. Mar leithscéal, dúirt rialtas na Fraince go raibh an tUachtarán Nasser ag tabhairt cabhrach don FLN. Ach eachtra mhíleata mhí-ámharach a bhí ann; rinne an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe praiseach dá dheis.
Cogadh na Sé Lá
cuir in eagarAr an 5 Meitheamh 1967, rinne Iosrael ionsaí ar an Éigipt. Cuireadh tús le “Cogadh na Sé Lá”. Cuireadh tús leis ar an 5 Meitheamh 1967 nuair a rinne Iosrael ionsaí ar an Éigipt. Tháinig deireadh le Cogadh na Sé Lá, ar an 10 Meitheamh 1967 nuair a ghlac Fórsaí cosanta Iosraeil (IDF / Israel Defense Forces) seilbh ar Oirthear Iarúsailéim.
Deachtóireacht nua
cuir in eagarBhí Muhammad Anwar el-Sadat ina uachtarán na hÉigipte ó 1970 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 1981. Feallmharaíodh Sadat ar an 6 Deireadh Fómhair 1981.
Ar an 17 Meán Fómhair 1978, shínigh Sadat, agus Príomh-Aire Iosrael, Menachem Begin, conradh síocháin sa Teach Bán.
Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Sadat i nDeireadh Fómhair 1978.
Cúpla lá níos déanaí, ceapadh Hosni Mubarak ina uachtarán ar 14 Deireadh Fómhair 1981, an ceathrú ceann sa tír, tar éis feallmharú a réamhtheachtaithe Sadat.
Réabhlóid 2011
cuir in eagarSa chéad leath den bhliain 2011 bhí réabhlóid san Éigipt agus cuireadh Hosni Mubarak as a phost i ndiaidh 30 bliain i gcumhacht. I ndeireadh na dála, theip ar an réabhlóid, agus tháinig deachtóir eile chun chinn, Mohamed Hussein Tantawi Soliman.
Geilleagar
cuir in eagarTá geilleagar ilghnéitheach san Éigipt. Tá táirgiúlacht na turasóireachta, an tionscail, na talmhaíochta agus seirbhísí go léir inchurtha lena chéile a bheagán nó a mhórán.