Osclóidh seo an príomhroghchlár

Iar-uachtarán na hÉigipte ba ea Muhammad Anwar el-Sadat (a rugadh ar an 25 Nollaig 1918).

Anwar Sadat
أنور السادات
Anwar Sadat cropped.jpg

2ú Uachtarán na hÉigipte
In oifig
14 Deireadh Fómhair 1970 - 6 Deireadh Fómhair 1981
Réamhtheachtaí: Gamal Abdel Nasser
Comharba: Sufi Abu Taleb

Dáta breithe 25 Nollaig 1918
Áit bhreithe El Monufia, An Éigipt
Páirtí NDP
Céile Ehsan Madi, Jehan Sadat

LuathshaolCuir in Eagar

Bhí cúlra tuathánach ag Anwar Sadat, ach bhí ar a chumas éirí aníos le bheith ina oifigeach airm[1].

Toisc go raibh an deargfhuath aige don chumhacht a bhí ag na Sasanaigh san Éigiptm bhí baint aige leis na Naitsithe i rith an Dara Cogadh Domhanda.

Dá bhrí sin cuireadh i bpríosún é.

PolaitíochtCuir in Eagar

D'fhill Sadat ar an arm sa bhliain 1950 agus ghlac sé páirt in éirí amach Nasser nuair a threascair sé réimeas lofa an Rí Farouk.

Is iomaí post a bhí aige i rialtas Nasser sular lean sé i gcumhacht é mar Uachtarán ar an Éigipt sa bhliain 1970. Bhí Sadat ina uachtarán na hÉigipte ó 1970 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 1981.

 
Egyptian Revolutionary Command Council 1953

Tar éis theip na hÉigipte i gCogadh Yom Kippur, ní raibh sé sásta a bheith ag brath ar na Rúisigh an méid sin. Bhí sé sásta a bheith ag comhoibriú níos mó leis na Stáit Aontaithe.

Sa bhliain 1977, bhí sé de mhisneach aige cuairt a thabhairt ar losrael agus brú a chur ar Uachtarán losrael, Menachim Begin, páirt a ghlacadh i gcomhchainteanna síochána Camp David.

Ar an 17 Meán Fómhair 1978, shínigh Sadat, agus Príomh-Aire Iosrael, Menachem Begin, conradh síocháin sa Teach Bán.

 
Camp David, Meán Fómhair 1978. Uachtarán Sadat na hÉigipte (ar clé) agus Príomh-Aire losrael, Menachim Begin. Ócáid stairiúil agus iad ag croitheadh láimhe. Uachtarán Mheiriceá, Jimmy Carter, ag faire orthu.
 
Gerald Ford agus Anwar Sadat i Salzburg 1975

Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Sadat i nDeireadh Fómhair 1978.

Tharraing an beart seo agus a dhearcadh i leith an iarthair ionsaithe ó na náisiúin Arabacha eile agus ó ghrúpaí míleata loslamacha san Éigipt. Is é an toradh a bhí air sin ná gur feallmharaíodh Sadat. Feallmharaíodh Sadat ar an 6 Deireadh Fómhair 1981.

 
Ronald Reagan and Sadat 1981

Cúpla lá níos déanaí, ceapadh Hosni Mubarak ina uachtarán ar 14 Deireadh Fómhair 1981, an ceathrú ceann sa tír, tar éis feallmharú a réamhtheachtaithe Sadat.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Ivan Minnis (2004). "Coimhlint sa Mheán-Oirthear" An Gúm, ISBN 1857915410.