Osclóidh seo an príomhroghchlár
Octoberportal.jpg

Bhris Cogadh Yom Kippur amach an 6 Deireadh Fómhair 1973, nuair a rinne Siriaigh (le meithleacha ón Iaráic, ó Iordáin, ón Araib Shádach agus ó Mharacó) ionsaigh ar fhórsaí Iosraelacha ag Arda Golan[1]. Ag an am céanna, d’ionsaigh an Éigipt iad feadh na Canála Suais.

I ndiaidh beagnach trí seachtainí de chomhrac fiachmhar, inar cailleadh timpeall 21,000 duine[2], comhaontaíodh sos comhraic an 22 Deireadh Fómhair - cé gur lean fórsaí Iosraelacha an Ginearáil Sharon orthu i mbun ionsaithe go dtí an 24 Deireadh Fómhair.

An SíocháinCuir in Eagar

 
Arda Golan

Scoir fórsaí Iosrael agus na Siria ó Arda Golan trí chomhaontú nuair a tháinig deireadh le Cogadh Yom Kippur[3].

Ar an 25 Deireadh Fómhair, ghlac Comhairle Slándála na NA le rún ag údarú fórsa síochánaíochta éigeandála - Dara Fórsa Éigeandála na Náisiún Aontaithe (UNEF II agus UNDOF sna Ardaí Golan).

Sna Ardaí Golan, imscaradh an Fórsa go dtí limistéir deighilte atá 80km ar fhad agus idir 10km agus 1km ar leithead.

D'aontaigh Rialtas na hÉireann le hiarratas chun trúpaí de chuid na Náisiún Aontaithe a chur ar fáil. Ba é an bealach ba thapúla chun fórsa a chur isteach sa réigiún ná meithleacha a bhí in UNFICYP (an Chípir) cheana féin a aistriú ann. Tarraingíodh Grúpa Coisithe 25 amach as an Chipir, sula raibh sé socraithe síos fiú, agus seoladh é go Caireo.

 
Sinai

Cuireadh 130 trúpa breise as Éireann le meitheal na hÉireann agus chuaigh siad i mbun dualgais i bhFásach Síonáí. Tar éis sé mhí, tháinig Grúpa Coisithe 26 in ionad Grúpa Coisithe 25 ar cuireadh tuilleadh trúpaí leis, agus nach raibh ach ag socrú síos nuair a bhí ar Rialtas na hÉireann beagnach gach duine dóibh a tharraingt amach i mBealtaine 1974, de bharr forbairtí tromchúiseacha in Éirinn ag an am (na Trioblóidí).

OidhreachtCuir in Eagar

Shocraigh tíortha a tháirgeann peitriliam onnmhairí (ETOP) chuig roinnt tíortha iartharacha a laghdú nó a thoirmeasc. Bheartaigh ETOP praghsanna peitriliam a mhéadú go mór.

TagairtíCuir in Eagar