De réir miotaseolaíocht na nGael, treibh ársa a bhíodh i gceannas i gcúige Uladh ab ea Clanna Rudhraí (Sean-Ghaeilge Clanna Rudraige). Maítear gur de shliocht an dreama úd iad daoine an chúige, ar a ghlaotar fosta na hUlaid (go háirithe san oirthear).

Sanasaíocht

cuir in eagar

Is féidir dhá bhrí a bhaineann le Clanna Rudraige, nó "sliochtaigh Rudhraí", ainm pearsanta; sin nó "sliochtaigh na Rudhraí", ainm daonra samhail is DartraíOsraí. Faightear litriú eile i dtéacsanna meánaoiseacha Clan na Rudraige, a chuireann an dara acu in iúl.

Moltar gur gaolmhar le 'rua(d)' is ea rud. Feictear dearg/rua go suntasach sa Rúraíocht. Tá scéal darb ainm Togail Bruidne Dá Derga (Dia Dearg);[1][2] is ríthe ríoga gar do phríomhchathair na nUladh iad an Chraobh Rua agus an Chraobh Dhearg;[3][4] agus bhíodh ann Ridirí na Craoibhe Rua, ord míleata i ngiollacht na nUlad ársa.[5]

Tugann téacsanna meánaoiseacha séard atá ar an eolas againn faoi bhunús agus cúlra na gClann Rudraí. Tógadh le chéile sna téacsanna miotas, bréagstair agus fíoreachtraí, agus cumadh stair seanscéalach áibhéalta. De réir Annála na gCeithre Máistrí, mar shampla, is de shliocht Rudhraí mhic Shithrí iad na Clanna Rudhraí, agus é siúd ina thiarna na nUlad a tháinig ina Ard-Rí na hÉireann am éigin idir an 3ú agus an 1d haois RC.[6]

I rith réimse Eochada Fheidhligh mar Ard-Rí, deirtear gur roinneadh an tír ina ríochtaí, agus d'éirigh gach taoiseach cúige ina rí. An chéad Rí na nUladh ab ea Fearghas mac Léite ua Rudhraí.[6] Le linn na Rúraíochta, ba é Conchúr mac Neasa col ceathrar Fearghasa ina rí na nUlad.

De réir na téacsanna, rinne na Trí Colla ionsaí ar na hUlaid sa 4ú haois AD.[6] Throid siad seacht gcath laistigh de sheachtain i nAchaidh Leithdeircc in aghaidh na nUlad, ag marú Fhearghasa Fhogha, rí na nUladh, sa seachtú cath. Chuir siad Eamhain Mhacha, príomhchathair na nUlad, trí thine, agus tréigeadh an áit ina dhiaidh sin. Ghlac na Trí tailte suntasacha i nUladh Láir — meastar gurb é seo bunús an ríochta meánaoisí, Airgíalla.