Dréacht dlí Sean-Ghaeilge maidir le céimíocht is ea Uraicecht Becc (nó Bunleabhar Beag). Molann T.M. Charles-Edwards gurbh as an Mumhain é, toisc go maítear an ardcheannas rí Mumhan agus go ndéantar trácht ar mhainistreacha Imligh agus Chorcaí.[1]

Céimíocht cuir in eagar

I gcomparáid le dréachtaí eile, tá ag an bunleabhar seo réimse leathan cumhdaigh ó thaobh ghairmeacha de, san áireamh ní amháin ríthe, chléirigh agus filí, ach i dteannta sin gairmeacha éagsúla eile, breithimh san áireamh. Tá áfach níos lú mionsonra le fáil ann.[2]

Tugtar sa Bhunleabhar sonraí maidir le stádas na bhFilí i measc na nGael. Faightear liosta de sheacht gcéim na bhFilí, agus san áireamh a gcuid airgead oinigh, agus céard is féidir leo a thuilleamh le haghaidh a gcuid meadarachta.

Sanasaíocht cuir in eagar

Leagan is ea uraicecht den fhocal airaiccecht, air- (iar- réamh-) + aiccecht ((ai)ceacht, teagasc, múineadh), fréamhaithe ón Laidin acceptum, bunleabhar[3]

Eagrán cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Binchy, D. “The date and provenance of Uraicecht becc.” Ériu 18 (1958), ll. 44–54.
  • Henry, P.L. “A Note on the Brehon Law Tracts of Procedure and Status, Coic Conara fugill and Uraicecht Becc.” Zeitschrift für celtische Philologie 49 (1997), ll. 311–9.
  • Mac Neill, Eoin. Celtic Ireland. Baile Átha Cliath, 1921.
  • —. "Ancient Irish Law: the law of status or franchise." Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann 36 C (1923), ll. 265–316: 272–91.

Tagairtí cuir in eagar

  1. T.M. Charles-Edwards, "Early Irish law," A New History of Ireland, lch. 347.
  2. Liam Breatnach, A Companion to the Corpus Iuris Hibernici, ll. 316-7.
  3. aiccecht, ceacht, ar eDIL; airaiccecht, iar-cheacht, chéad cheacht, bunleabhar.