Ceallachán Chaisil

rí in Éirinn sa 10ú haois
(Athsheolta ó Cellachán Caisil)

Rí Mumhan d'Eoghanacht Chaisil ba ea Ceallachán mac Buacháin (Meán-Ghaeilge Cellachán mac Buadacháin mhic Lachtnai) (bás 954), ar a glaodh Ceallachán Chaisil air. Colgú mac Failbhe Flainn (bás 678), ocht nglúin roimhe, ba ea a ghaol deireanach a bhí ina rí Mumhan

Ceallachán Chaisil
rí na Mumhan

954
Lorcán mac Coinlígáin - Máel Fathardaig mac Flainn
Saol
Bás954, 952
Muintir
Páistí
TreibhEoghanacht Chaisil
Gairm
Gairm

BeathaCuir in Eagar

Meastar gurbh é Lorcan mac Coinlígáin, gaol i bhfad amach, a réamhtheachtaí, ach ní fios cathain a bhfuair sé bás. Feictear Ceallachán don chéad uair i mbun ruathair ar Cluain Mhic Nóis sa bhliain 936. Sa bhliain 939, rinne sé ionsaí ar ríocht na Mí, agus Gaill Ghaeil as Port Láirge ina theannta faoi cheannas Acuind mhic Hákon. Gabhadar abbai Chluain Eidhneach agus Cill Aichidh, ach chloígh Uí Fhailí as Laigin iad.

Sa bhliain 941, agus iad ag iarraidh ceannais ar na Déise thoir, tharla coimhlint idir Ceallachán agus Ardrí na hÉireann, Donnchadh Donn, agus a rídhamhna Muircheartach mac Néill. Rinne Muircheartach "timpeall na hÉireann" i gceannas airm, agus rinneadh sé príosúnach de Cheallachán (i ndáiríre, tugtha suas ag a mhuintir féin). D'fhan Ceallachán i ngéibheann ag cúirt Donnchadha le roinnt blianta.

Bhí Ceallachán tagtha ar ais chuig an Mumhain faoin 944, óir gur chloígh agus mharaigh sé sa bhliain sin Cinnéide mac Lorcáin[1] agus beirt mhac aige ag Cath Ghort Rottacháin. Bridge é áfach gur thosaigh muid luaite an t-achrann seo, mar go bhfuaireas i dtraidisiúin an Dáil Chais gur chloígh Cinnéide Ceallachán ag cath troidte gar de Loch Saighleann (áit éigin sa Mhumhain).

Níl a lán eile taifeadta faoi Cheallachán sna hannála Éireann. Rinne sé ruathair eile ar an Mí sa bhliain 951 i dteannta lena mac, Donnchadh. Fuair sé bás sa bhliain 954, agus Donnchadh sa bhliain 963.

Caithréim Cheallacháin ChaisilCuir in Eagar

Scríobhadh Caithréim Cheallacháin Chaisil le linn ré a shliochtaigh, Cormac Mac Cárthaigh. Spreagadh an dréacht bréagstairiúil seo is amhlaidh ag Cogad Gáedel re Gallaib scríofa ar son Muircheartach Ó Briain chun a shinsear Brian Bóramha a mholadh. Feictear sa Caithréim na hEoghanachta, agus Ceallachán ach go háirithe, ag troid in éadan na n-ionróirí Lochlannacha, ach tugtar aitheantas do sinsear Dháil Chais Mhuircheartaigh, gaolta a mheastar le bagairt rí na gConnacht, Toirdelbach Ua Conchobair.

ClannCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. rí an Dáil Chais, athair Bhriain Bóramha