Lorcán mac Coinlíogáin

Rí na Mumhan d'Eoghanacht Chaisil ba ea Lorcán mac Coinlíogáin (fl. 922). Ball de Chineál Chonaill Chaisil ba ea é, seacht nglúin i bhfad amach ó Aonghas mac Nadh Fraoigh, agus sliochtach an rí cháiliúil, Colgú mac Failbhe Flainn (bás 678).[1]

Infotaula de personaLorcán mac Coinlíogáin
Rí na Mumhan
922 – luach anaithnid
← Flaithbertach mac InmainénCellachán Caisil → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanacht Chaisil Cuir in eagar ar Wikidata

Sa bhliain 914, cuireadh an ruaig ar a réamhtheachtaí Flaithbheartach mac Ionúinín as an gcoróin.[2] Dar le hAnnála na gCeithre Máistrí, cuireadh sé ar oilithreacht.[3] Sa bhliain 923, gabhadh Flaithbertach gar do Ros Cré ag Lochlannaigh as Luimneach, cé gur scaoileadh saor é níos deireanaí.[4] Is amhlaidh go ndearnadh rí na Mumhan de Lorcán ina ionad.

Ní fios cathain a tháinig deireadh leis a réimeas, ach feictear a chomharba Ceallachán Chaisil don chéad uair sna foinsí don bhliain 936, i mbun creach a dhéanamh ar mhainistir Chluain Mhic Nóis.[5][6]

Foinsí cuir in eagar

  • Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Batsford. 
  • "A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists. A companion to Irish History part II" (2011): 690. Oxford University Press. 
  • Downham, Clare (2007). "Vikings Kings of Britain and Ireland": 338. Dunedin Academic Press. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings": 292, Tábla 12. Batsford. 
  2. Annála Easpacha na hÉireann, FA 457
  3. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 920.23 (recte 922); ní hionann sin agus gur fhág sé an tír.
  4. Downham, Clare (2007). "Vikings Kings of Britain and Ireland": 338. Dunedin Academic Press. 
  5. ACM 934.5 (recte 936).
  6. "A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists. A companion to Irish History part II" (2011): 690. Oxford University Press.