Donnchadh mac Ceallacháin

Rí na Mumhan ba ea Donnchadh mac Ceallacháin (Meán-Ghaeilge Donnchad mac Cellacháin (fl. 961–963). Cellachán Caisil ba ea a athair. Bhí sé i réim ón mbliain 961 go dtí 963,[1][2] sular mharaigh a dheartháir é.[3]

Infotaula de personaDonnchadh mac Ceallacháin
Beathaisnéis
Bás963
Rí na Mumhan
959 – 963
← Fer Gráid mac CléirigMathgamain mac Cennétig, Íomhair Luimnigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteMurchadh Ua Ceallacháin, Saorbhreathach Mac Cárthaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCellachán Caisil

B'fhéidir go deimhin é gur éiligh Maol Muadh mac Brain d'Eoghanacht Raithlinn an ríogacht chomh luath is an bhliain 959.[4] Dá mbá fhíor seo, dá mbeadh Donnchadh ina rí ar chor ar bith, b'fhéidir nárbh é ach rí Chaisil féin in ainm amháin.

Cé go ndeirtear i roinnt cur síos na ndaoine gur tháinig Mathgamain mac Cennétig den Dál gCais go díreach i gcomharbacht air, admhaítear i Cogad Gáedel re Gallaib, foinse an Dáil Chais féin, nach ndearnadh "lán"-rí na Mumhan de go dtí an bhliain 970.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Bugge, Alexander. Caithreim Cellachain Caisil: The Victorious Career of Cellachan of Cashel. Christiana: J. Chr. Gundersens Bogtyrkkeri, 1905, lch. 148
  2. Irish Historical Society. Irish Historical Studies: Joint Journal of the Irish Historical Society and the Ulster Society for Irish Historical Studies. Baile Átha Cliath: Hodges, Figgis & Co., 1938.
  3. Kelleher, John V. agus Charles Fanning. Selected Writings of John V. Kelleher on Ireland and Irish America. Carbondale: Southern Illinois University Press, 2002, lch. 183
  4. Green, Alice Stopford, History of the Irish State to 1014. Londain: Macmillan, 1925, lch. 362