Rí na Mumhan d'Eoghanacht Chaisil ba ea Fear Grá mac Cléirigh (Meán-Ghaeilge Fer Gráid mac Cléirig) (bás 961). Áilgenán mac Donngaile, rí Mumhan, ba ea a shin-seanathair. Bhí sé i réim ón mbliain 959 go 961.[1]

Infotaula de personaFear Grá mac Cléirigh
Beathaisnéis
Bás961
Rí na Mumhan
959 – 961 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanacht Chaisil Cuir in eagar ar Wikidata

Ba bhall de Chlann Failbhe é Fear Grá. Tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht ar Dhubh-Dá-Boirenn mac Domhnaill d'Eoghanacht Raithlinn. Bhí réimeas gearr aige, maraithe ag a mhuintir féin sa bhliain 961.[2] Tháinig a ghaol Donnchadh mac Ceallacháin i gcomharbacht air.[3]

Foinsí cuir in eagar

  • Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Batsford. 
  • T.W Moody, F.X. Martin, F.J. Byrne (2011). "A New History of Ireland": 690. Oxford University Press. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Batsford. 
  2. Annála Uladh, AU 961.4
  3. "A New History of Ireland" (2011): 690. Oxford University Press.