Naomh Deaglán

easpag Éireannach

Áirítear Déaglán mac EirccDeaglán na hAirde Móire (Declán of ArdmoreDeclanus (Laidin)) mar dhuine de na naoimh a bhí in Éirinn roimh theacht Naomh Pádraig. Deirtear go raibh an Chríostaíocht sna Déise sular tháinig Pádraig Naofa go hÉirinn, mar gheall ar an obair a bhí déanta ag Naomh Deaglán.[2]

Infotaula de personaNaomh Deaglán

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 haois
Cúige Mumhan Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 haois
Ab
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmsagart Cuir in eagar ar Wikidata
Ardú
Lá féile24 Iúil Cuir in eagar ar Wikidata
Aird Mhórː téann an cloigtheach siar go dtí an 10ú haois b'fhéidir agus an tsuíomh go dtí an 5ú haois[1]

Ba de shliocht uasal é.[3] Rinne Colmán, sagart áitiúil, é a bhaisteadh.[4] Tar éis dó bheith ina dhalta ag a uncail cuireadh chuig Díoma é, “duine a chaith tréimhse fhada thar lear ag déanamh staidéir.”

Deaglánː píosa dealbhóireachta le Turlough Cowman (2000)

Níos déanaí chuaigh Déaglán go dtí an Eoraip le leanúint ar aghaidh lena chuid staidéir agus oirníodh ina shagart ansin é, agus b’fhéidir ina easpag.

Bhain sé faoi in Aird Mhór agus shíolaigh sé an creideamh i gceantar na nDéise. Mhair cuid mhór fear agus ban faoina riail.

An Charraig

Nósanna agus béaloideas cuir in eagar

Ceiliúrtar Lá Fhéile Deaglán ar an 24 Iúil.

De réir an bhéaloidis, ba é Naomh Deaglán a chéadbhaistigh Má Dheilge nó "Magh Dheilge" nuair a ghortaigh sé a mhéar agus é ag gabháil thart.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Ardmore Irish Round Tower". roundtowers.org. Dáta rochtana: 2019-07-24.
  2. "Naomh Déaglán i nDéiseach" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2019-07-24.
  3. "Naomh Déaglán, easpag: Iúil 24 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-07-24. Dáta rochtana: 2019-07-24.
  4. Deirtear gur bhunaigh Naomh Colmán an Seanphobal i bhfad sular tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn agus fiú sular tháinig Naomh Deaglán go dtí Aird Mhór.