Joseph McCarthy
Breitheamh agus polaiteoir Meiriceánach a bhí in Joseph Raymond "Joe" McCarthy (14 Samhain 1908 – 2 Bealtaine 1957).
Tá droch-cháil air anois as na hiarrachtaí a rinne sé, agus é ina Sheanadóir na Stát Aontaithe (Páirtí Poblachtach) ar son Wisconsin ó 1947 go dtí go bhfuair sé bás, chun daoine i rialtas na Stát Aontaithe a thabhairt chun solais a bhí, dar leis, ina spiairí nó ina gCumannaithe nó ina homaighnéasaigh.[1] Cé go raibh an-tóir air dá bharr sin ag pointe áirithe, thángthas go coitianta ar an tuairim gur thuathghríosóir mailíseach féinspéisíoch meargánta é, an méid sin go gciallaíonn "McCarthyism" líomhaintí gan bhunús maidir le treascairt nó mídhílseacht.
Dá bhrí sin, roimh thráth a bháis, chaill Mac Carthaigh beagnach an tionchar polaitiúil go léir a bhí aige.
Saol
cuir in eagarÓige
cuir in eagarRugadh McCarthy i Wisconsin ar 14 Samhain 1908. De shliocht Éireannach agus Caitliceach, tháinig a mháthair, Bridget Tierney, as Tiobraid Árann agus rugadh a athair, Timothy McCarthy, i SAM.
Bhronn an Scoil Dlí, Ollscoil Marquette LLB air sa bhliain 1935. Glaodh chun an Bharra air an bhliain dár gcionn.
Toghadh mar bhreitheamh de chuid na cúirte cuarda é sa bhliain 1939. Lean sé ar aghaidh mar sin go dtí gur coimisiúnaíodh é mar oifigeach i gCór Muirshaighdiúirí na Stáit Aontaithe tamall beag tar éis ionsaí na Seapáine ar Chuan an Phéarla.
Tar éis dó bheith den chuid is mó ina oifigeach faisnéise, d'éirigh sé as a choimisiún in Aibreán 1945 agus chuaigh sé ar ais chuig a phost mar bhreitheamh i Wisconsin.[1]
Polaiteoir
cuir in eagarToghadh McCarthy don Seanad sa bhliain 1946. Sna blianta 1949-50, b'fhéidir go raibh sé ag lorg topaic nó ceist éigin a chuideodh leis fáil isteach sa Seanad arís. Ar an 9 Feabhra 1950, thug sé óráid agus dúirt sé go raibh os cionn 200 Cumannach ag obair leis an rialtas. Cé nár chuir McCarthy tús leis an "Sceimhle Dhearg", ba é a bhí mar chúis don imeagla agus histéire mór a rith fríd Mheiriceá ag an am.
Bhí McCarthy iontach maith ag caint agus ag cur eagla ar dhaoine. Rinne sé ionsaí ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí, ina measc, an státseirbhís, na hEaglaisí Protastúnacha, scríbhneoirí agus eolaithe.
I mí Feabhra 1950, bunaíodh Coiste Tydings, chun scrúdú a dhéanamh ar dhaoine a measadh a bheith mídhílis do SAM. Rinneadh iniúchadh ar cóir a bheith 6 mhilliún duine ach ní raibh siad ábalta a thaispeáint go raibh aon duine a bhí ar liosta McCarthy ina spiaire. Chaill 500 duine a bpostanna, áfach, mar go raibh amhras orthu.
Rinne McCarthy ionsaí ar an tUachtarán Truman agus ar an Pháirtí Daonlathach, ag rá go raibh siad bog ar Chumannaigh. Fuair sé cuid mhór tacaíochta ó dhaoine sa Pháirtí Poblachtach nuair a bhí sé ag déanamh ionsaithe ar Truman.
1954ː Na Poblachtánaigh ar an stiúir
cuir in eagarToghadh Eisenhower mar Uachtarán i Samhain 1953. Ach lean McCarthy ar aghaidh ag déanamh ionsaithe. Níor thaitin na modhanna a bhí ag McCarthy le Eisenhower, ach bhí sé deacair air aon rud a dhéanamh fá dtaobh de. Ní raibh Eisenhower ag iarraidh go dtiocfadh scoilt sa Pháirtí Poblachtach mar gheall ar an cheist, agus is cosúil fosta go raibh rud beag eagla ar Eisenhower féin roimh McCarthy.
Ceapadh McCarthy ina chathaoirleach ar an Choiste um Oibríochtaí Rialtais. Rinne sé ionsaithe ar an Chúirt Uachtarach agus ar an Arm.
Meath agus bás
cuir in eagarThosaigh daoine ag éirí tuirseach de McCarthy sa bhliain 1954, nuair a chuir sé i leith saighdiúirí a fuair boinn crógachta go raibh siad báúil do na Cumannaigh.
I rith "éisteachtaí McCarthy", a cuireadh amach ar an teilifís, chonaic daoine go raibh sé ina bhulaí. Chaill daoine muinín ann. Rinne an Seanad imcháineadh ar McCarthy i mí Iúil 1954.
Fuair sé bás dhá bhliain ina dhiaidh sin, ar an 2 Bealtaine 1957, i Bethesda, Maryland agus é ocht mbliana is daichead d'aois. Trom ar an ól, tháinig ciorróis alcóil air, is cosúil.
Mar sméar mullaigh an chnuasaigh, bronnadh sochraid stáit ar McCarthy i ndiaidh a bháis.[2] Bhí 70 Seanadóir i láthair.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Joe McCarthy". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Joseph McCarthy Photographs: The Funeral". web.archive.org (2012-02-05). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-02-05. Dáta rochtana: 2021-05-03.