Dlíodóir, staraí, beathaisnéisí agus ginealaí Éireannach ab ea John D'Alton (1792-1867

SaolCuir in Eagar

I dteach a athar, William, Bessville, Co. na hIarmhí, 20 Meitheamh 1792, a rugadh é. Ba í Elizabeth Leyne a mháthair. Fuair sé oiliúint i scoil an Urramaigh Joseph Hutton i gCnoc an tSamhraidh, Baile Átha Cliath. D’éirigh leis i scrúdú iontrála Choláiste na Tríonóide agus gan é 14 bliain d’aois go fóill. Bhí sé ina mhac léinn san Choláiste sa bhliain 1808, bhí sé ina bhall de Chumann Staire an Choláiste, agus ghnóthaigh an duais na filíochta. Tar éis dó céim a bhainte amach,  glacadh é isteach mar mhac léinn dlí sa Teampall Láir, Londain, agus Óstaí an Rí, sa bhliain 1811. Ghlaodh chun bharra na hÉireann é sa bhliain 1813.

Ar cuaird an iarthair is mó a bhíodh sé, tar dó bean ó Cúige Chonnacht a phósadh, sé sin Catherine Philips ó Chluain Mór, Co. Mhaigh Eo. Toisc a fheabhas a bhí eolas ar chúrsaí ginealaigh aige bhí sé in ann airgead mór a thuilleamh i gcásanna áirithe sa chúirt. Mar shampla; Malone v. O'Connor, Leamy v. Smith, Jago v. Hungerford, srl.. Cé is moite de ceapachán mar choimisinéir Bhord an Chiste Iasachta ( Béarla: Loan Fund Board), ní raibh seasamh oifigiúil aige, ach fuair sé aitheantas éigin nuair a dheonú 'Pinsean an Liosta Sibhialta' de £ 50 air, nuair a bhí an Tiarna John Russell ina phríomh-aire

OibreachaCuir in Eagar

Sa bhliain 1814, scríobh sé an t-aircheadal 'Dermid or Erin in the Days of Brian Boroimhe', i ndó dhéag canro, agus leabhar ar dhlíthe na ndeachúna. Sa bhliain 1827, bhuaigh sé bonn ón Acadamh Ríoga na hÉireann agus duais, Bonn Óir Cunninghamin le haghaidh a aiste ' History of Ireland from the earliest period to 1245 when the Annals of Boyle, which are adopted and embodied as the running text authority, terminate' sa bhliain 1845. Bhuaigh sé duais eile ón Acadamh lena chuntas ar réimeas Anraí a II in Éirinn [1]. Bhí sé ar choiste an Acadaimh agus deireann R.B. McDowell in ‘The Main narrative’ (The Royal Irish Academy: a bicentennial history 1785-1985, 1985 in eagar ag T. Ó Raifeartaigh) gur chaill sé a áit mar bhall den chomhairle toisc, más fíor, go ndúirt sé go raibh aiste Henry O’Brien ar na cloigthithe níos fearr ná aiste Petrie. Diúltaíodh dá éileamh go gcuirfí an toghchán ó bhailíocht. Bheartaigh an tAcadamh in 1842 tathant ar an rialtas leanúint le haistí na Suirbhéireachta Ordanáis agus bhí sé ina aghaidhsean. Deir G.F. Mitchell in The Royal Irish Academy: a bicentennial history 1785-1985, 1985 ‘Betham and John D’Alton (who was producing his own local histories) were in bitter opposition.’D ' alton a rugadh ag a athair ancestral ard-mhéara, Bessville, Contae na Hiarmhí, ar an 20 meitheamh 1792; bhí a mháthair Elizabeth Leyne. Bhí sé a sheoladh chuig an scoil ar an Rev. Joseph Hutton, Cnoc an Tsamhraidh, baile átha Cliath, agus a ritheadh an scrúdú iontrála ar Choláiste na Tríonóide, baile átha Cliath, ina ceathrú bliain déag, 1806. Bhí sé ina mhac léinn i 1808, chuaigh an Coláiste Cumann Staire, agus fuarthas an duais filíochta. Tar éis céim amach, bhí sé sa bhliain 1811 admhaigh mac léinn dlí an Teampall láir, Londain, agus an Óstaí an Rí. Bhí sé ar a dtugtar chun an Ghaeilge barra in 1813.[1]

TagairtíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar