Cnuasach annála Éireann is ea Leabhar Mhic Carthaigh a chlúdaíonn na blianta 1114 go 1437. Tiomsaíodh an saothar le hábhar nua luaite ag Fínghin Mac Carthaigh Mhóir (c. 1560–1640), uasail Éireannach a bhí gafa i ngéibheann leis na blianta i Londain. Patrún léinn agus scoláire ba ea é féin. Agus é i Londain sa bhliain 1633, d'fhostaigh sé Diarmaid Ó Súilleabháin mar ghiolla, a choinnigh an leabhar leis ina chaisleán go dtí gur chreach Radhulbh MacAmhlaoibh é.

Caomhnaítear an bunleagan anois i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. D'eagraigh agus d'aistrigh Séamus Ó hInnse na hanála agus foilsíodh iad sa bhliain 1947 ag Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, faoin teideal Miscellaneous Irish Annals.

Is tábhachtach é Leabhar Mhic Carthaigh óir gurb ar an mbeagán saothair dhúchais é as ndeisceart na hÉireann don tréimhse taifeadadh ann. Insítear ann maidir le tionchar ionradh na Normannach ar an Mumhain. I dteannta le hannála Éireannacha, faightear ann foinsí eachtrannaigh, go suntasach Expugnatio Hibernica le Giraldus Cambrensis.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Miscellaneous Irish Annals, Séamus Ó hInnse, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1947.
  • Oxford Concise Companion to Irish Literature, Robert Welsh, 1996. ISBN 0-19-280080-9
  • Corpus of Electronic Texts, Mac Carthaigh's Book, G100013

Tagairtí cuir in eagar