Tuath

aonad polaitíochta in Éire na nGael
(Athsheolta ó Túath)
Féach freisin: Tuatha Dé Danann

I nÉirinn na nGael, bunaonad polaitiúil agus dlínsiúil as ea an túath.[1] D'fhéadfaí túath a thabhairt ar an gcríoch nó ar an bpobal atá ina gcónaí inti.

Sanasaíocht cuir in eagar

D'fhéadfadh sé go dtagann an focal ón bPrótai-Ceiltis *toutā ("cine, tír dúchais"), a thagann ón bPrótai-Ind-Eorpais *tewtéh₂ ("finíoch"). Faightear fréamh ghaolmhar i n-ainm dhia na nGallach, Toutatis.

As Nua-Ghaeilge, litrítear an focal gan an síneadh fada, tuath, faoin tuath, muintir na tuaithe, srl; tuigtear fós an chiall stairiúil, ámh.[2]

Struchtur sóisialta cuir in eagar

I nÉirinn ársa, bhíodh tuairim is 30 duine san áireamh i dteaghlach amháin. Achar le céad teaghlach ba ea tríocha céad, 'sé sin tuairim is 3,000 duine. Roinnt tríocha céad chomhghuaillithe ba ea túath, mar sin ní níos lú ná 6,000 duine. Is amhlaidh ámh gurb uimhir níos cruinne le haghaidh tuatha é ní níos lú ná 9,000 duine.[3]

Aonad as féin ab ea gach túath, le feidhmeannas, tionól, breithimh agus arm cosanta dá chuid féin aige. Nascadh na túatha le cruinne i gcónaidhmeanna cosanta. Bhí cliarlathas tuath ann, ag brath ar shuíomh tíreolaíochta agus gaol le rítheaghlach na háite.[4] Pléadh eagrú na dtuath i nDlíthe na mBreithiúna, scríofa sa 7ú haois.[5]

Athraíodh an seanchóras polaitiúil in Éirinn le linn agus tar éis Choncas na dTúdarach, curtha as áit de réir a chéile le córas barúntachta agus contaetha. De bharr easpa eolais, táthar i mearbhall anois i dtaca leis seanaonaid na gcríoch, go háirithe idir trícha cét agus túatha. I roinnt cásanna, is amhlaidh gurb ionann iad, in eile, ní hiad.[6]

Molann roinnt scoláirí gurb ionann an túath agus an paróiste mar atá inniu ann, ach molann eile gurb ionann é agus an bharúntacht. Braitheann sé seo ar an slí ar tugadh an dúiche isteach sa chóras chontaetha. Faoin gcóras Géilleadh agus Athbhronnadh, is sách mhaith é an t-ailíniú idir an túath agus an bharúntacht, ach i gcás choilíniú agus choigistiú talún, mar a tharla i gcúige Uladh, ní furasta é na bunteorainneacha a dhéanamh amach, nó fiú a athaimsiú.[6]

Samplaí stairiúla cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tuilleadh le léamh cuir in eagar

  • Colonisation under early kings of Tara, Eoin Mac Neill, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, imleabhar 16, ll. 101–124, 1935
  • Corpus genealogiarum Hibernia, i, M.A. O'Brien, Baile Átha Cliath, 1962
  • Early Irish Society, Francis John Byrne, in The Course of Irish History, eag. T.W. Moody agus F.X. Martin, ll. 43–60, Corcaigh, 1967
  • Hui Failgi relations with the Ui Neill in the century after the loss of the plain of Mide, A. Smyth, Etudes Celtic 14:2, ll. 502–23
  • Tribes and Tribalism in early Ireland, Francis John Byrne, Eiru 22, 1971, ll. 128–166.
  • Origins of the Eóganachta, David Sproule, Eiru 35, ll. 31–37, 1974
  • Some Early Connacht Population-Groups, Nollaig O Muraile, in Seanchas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis John Byrne', ll. 161–177, eag. Alfred P. Smyth, Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2000
  • The Airgialla Charter Poem:The Political Context, Edel Bhreathnach, in The Kingship and Landscape of Tara, ll. 95–100, 2005

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1 túath ar eDIL
  2. tuath ar teanglann.ie FB
  3. Dillon, Myles (1994). "Early Irish Literature". An Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath, Éire: Four Courts Press. 
  4. "Nationality and Kingship in Pre-Norman Ireland". CELT.
  5. Patterson, Nerys t. (1994). "Cattle Lords and Clansmen: The Social Structure of Early Ireland". University of Notre Dame Pess. 
  6. 6.0 6.1 Medieval Irish Political and Economic Divisions, History Ireland