Muircheartach Mac Lochlainn

Ard-Rí na hÉireann

Bhí Muircheartach Mac Lochlainn ina Rí Chenél nEoghain, Rí Thír Eoghain agus Ard-Rí Éirinn ó 1156 go dtí lá a bháis sa bhliain 1166. Tháinig sé i gcomharbas ar Toirdhealbhach mac Ruaidhrí Ua Conchobhair mar Ard-Rí.

Muircheartach Mac Lochlainn
Rí Ailigh

Saol
Bás1166
Áit adhlacthaArd Mhacha
Muintir
AthairNiall
Páistí
TreibhCineál Eoghain
Gairm
Gairmmonarc
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceachas

Choimeád sé coróin na tíre in ainneoin iarracht ó Ruaidri mac Tairrdelbach Ua Conchobair é a bhriseadh as sa bhliain 1159. Níor éirigh leis, áfach, an ceann ab fhearr a fháil ar a shean-naimhde Cenél Conaill agus na hUlaid. Sa bhliain 1166, rinne sé iarracht teacht ar shocrú taidhleoireachta lena chomharsana. Chuir sé sos cogaidh ar bun, agus thóg sé gialla ó chuid mhaith de chlanna Uladh. Mar pháirt den socrú, thug sé mionn sollúnta d'Easpag Ard Mhacha agus daoine mór le rá eile maidir lena deá-iompair. Níorbh fhada gur bhris sé an mionn, áfach, nuair a gabhadh agus dalladh Eochaid mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe, Rí Uladh.

Thréig a gcomhghuaillithe é láithreach bonn, agus fágadh Muircheartach gan mórán tacaíochta. Maraíodh eisean agus seisear déag dá chomrádaithe eile, rud a cuireadh síos de dhíoltas Naomh Pádraig.

Muircheartach Mac Lochlainn, Ard Rí

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar