Is éard atá i gceist le híolbhriseadh (Béarla: iconoclasm, ón Ghréigis εἰκών “íocón” + κλάω “briseadh”) ná creideamh sa tábhacht a bhaineann le scriosadh íocón, íol, agus íomhánna eile, go minic ar chúiseanna creidimh nó polaitíochta. Tugtar íolbhristeoir ar dhuine a ghlacann páirt san íolbhriseadh, nó a thacaíonn leis.

“Caithréim an Cheartchreidimh“ ar íolbhriseadh faoin Bhanimpire Biosántach Theodora agus a mac Mícheál III. Íocón ó dheireadh an 14ú nó tús an 15ú haois.

De ghnáth, tarlaíonn íolbhriseadh mar thoradh ar aighneas seicteach idir faicsin laistigh den reiligiún céanna, ach is féidir le lucht leanúna reiligiúin amháin íolbhriseadh a dhéanamh in aghaidh reiligiún eile. Eascraíonn an téarma ón íolbhriseadh Biosántach, streachailt idir daoine ar son agus in aghaidh íocón reiligiúnach san Impireacht Bhiosántach ó 726 go 842 AD. Bíonn an t-íolbhriseadh is láidre i measc reiligiún a chuireann i gcoinne an íoladhartha, na reiligiúin Abrahámacha san áireamh. Lasmuigh den chomhthéacs reiligiúnda, is féidir an téarma “íolbhriseadh” a úsáid mar chur síos ar ghluaiseachtaí a thacaíonn le scriosadh forleathan siombailí idé-eolaíochta, mar shampla scriosadh shiombailí na monarcachta le linn Réabhlóid na Fraince.

Tagairtí cuir in eagar