Tugtar ógchiontacht (nó déagchiontacht, ógchoireachtiompar frithshóisialta) ar choireanna a ndéanann daoine óga (faoi bhun ocht mbliana déag de ghnáth).[1]

Póstaer i Nua Eabhrac, 1936

Is féidir le daoine óga atá bainteach le mangaireacht drugaí agus le gadaíocht, srl dul i muinín coiriúlacht níos tromchúisí fós nuair a fhásann siad suas. Má chiontaítear iad sna cúirteanna, is lúide an seans go mbeidh saol mar chách acu ina dhiaidh sin. Cuir i gcás, bíonn sé doiligh acu post ceart a fháil agus ní ligtear isteach i dtíortha áirithe iad.[2] Is fearr athshlánú agus comhairliú a dhéanamh, más féidir.

In Éirinn

cuir in eagar

Rinne An Garda Síochána suirbhé ar dhearcadh an phobail sa bhliain 2007, ag cur an cheist, "An gcreideann tú gur cheart cur in aghaidh ógchiontacht agus mí-úsáid drugaí trí pionós a ghearradh go príomha nó trí athshlánú/comhairliú?[3] Thacaigh 40% díobh siúd a d'fhreagair an ceistneoir pionós agus 56% athshlánú/comhairliú.

Soláthraítear áiseanna oideachais neamhchónaithe trí na Tionscadail Chomhchaidrimh don Aos Óg (TCAÓ) do pháistí atá tar éis dul leis an ógchiontacht nó atá i mbaol dul leis an ógchiontacht.[4]

Cuirtear cúram cónaithe do pháistí in Éirinn ar a dtugtar “as smacht” de réir dlí in Ionaid Ardtacaíochta agus Sainchúraim. Leis an téarma, tagraítear do pháistí atá i mbaol, agus ar gá cúram agus cosaint dóibh, agus óna dteastaíonn soláthar seirbhíse oideachais i dtimpeallacht shlán theiripeach. Bíonn na páistí seo idir 12 agus 17 bliain d’aois.[5]

Is é an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige é atá freagrach as na trí Scoil Coinneála Leanaí i mBhaile an Oibricigh, Lusca, Co. Átha Cliath, áit a gcuirtear spásanna coinneála ar fáil do na cúirteanna do chailíní suas go 18 bliain d’aois agus do bhuachaillí suas go 17 bliain d’aois dar ordaíodh iad a athchur nó a chimiú ar chúiseanna coiriúla.[5]

Tacaíonn an Garda Síochána cur chuige comhpháirtíochta ilghníomhaireachta chun dul i ngleic leis an ógchoireacht agus le hiompar frithshóisialta ar leibhéal an phobail. Is é an bunchuspóir atá leis na tionscnaimh seo daoine óga, a bhí páirteach in iompar frithshóisialta agus/nó coiriúil, a chur ón iompar sin. Cuirtear ghníomhaíochtaí oiriúnacha ar fáil chun forbairt phearsanta a éascú, freagracht shibhialta a chur chun cinn, agus feabhas a chur ar ionchais infhostaitheachta san fhadtéarma. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na tionscadail oibriú freisin le daoine óga a bhfuil baol mór ann go mbeidh siad páirteach in iompar frithshóisialta agus/nó coiriúil.[6]

Cion atá ann in Éirinn ag duine fásta iachall a chur ar pháiste gníomhartha coiriúla a dhéanamh nó páiste a mhealladh le gníomhartha coiriúla a dhéanamh. Faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2024, is féidir suas le dhá mhí dhéag príosúin a ghearradh ar dhuine fásta a chiontaítear gan ghiúiré i gcúirt dúiche agus suas le cúig bliana príosúin ar an té a chiontaítear i ndiaidh a chur ar a thriail. Mar sin, is féidir bearta áirithe a dhéanamh le teacht i gcabhair ar dhaoine óga atá n-oiliúint mar choirpigh ag a ndaoine muinteartha ach beart suntasach breise atá san fhoráil 2024 a chinnteos gurb é an duine nó na daoine is mó is ciontach a íocfas an téiléireacht.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, juvenile delinquency, juvenile offending, child crime nó anti-social behaviour
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-05-24). "Cion feasta páiste a mhealladh le gníomh coiriúil a dhéanamh" (as ga-IE). 
  3. garda.ie (2007). "SUIRBHÉ AN GHARDA SÍOCHÁNA AR DHEARCADH AN PHOBAIL 2007". Dáta rochtana: 2024.
  4. "An tOideachas Ionchuimsitheach" (ga). www.gov.ie (2019-07-17). Dáta rochtana: 2024-05-24.
  5. 5.0 5.1 "Scoileanna Speisialta Ardtacaíochta, Tionscadail Chomhchaidrimh don Aos Óg (TCAÓ) agus Scoileanna Coinneála Leanaí" (ga). www.gov.ie (2019-11-14). Dáta rochtana: 2024-05-24.
  6. An Garda Síochána / gov.ie (2013). "Tuarascáil Bhliantúil an Choiste arna Cheapadh chun Faireachán a Dhéanamh ar Éifeachtacht an Chláir Athstiúrtha".
  7. "Juvenile court" (as en) (2024-03-24). Wikipedia. 
  8. "Youth detention center" (as en) (2024-05-17). Wikipedia. 
  9. "Oberstown Children Detention Campus" (as en) (2024-05-20). Wikipedia.