Gluaiseacht idirnáisiúnta do dhaoine óga is ea Óige2000. Is í an aidhm ata ag Óige2000 ná an Dea-Scéala agus an taithí ar an gcreideamh Caitliceach ag daoine óga a roinnt le daoine óga eile. Tá thart ar 40 grúpa seachtainiúil paidir ar fud na hÉireann. Tá timpeall 18 cúrsaí spioradálta deireadh seachtaine i rith na bliana, féile samhraidh, banna bliantúil agus imeachtaí éagsúla sóisialta eile - go léir eagraithe ag daoine óga, do dhaoine óga.

Bosca Sonraí EagraíochtaÓige 2000
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Reiligiúnan Eaglais Laidine Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1990

Is é mana Óige2000 ná "Óige as Óige go croí na hEaglaise".

Stair cuir in eagar

Bunaíodh Óige2000 tar éis Lá Domhanda na nÓg i Santiago de Compostela sa Spáinn sa bhliain 1989. Dúirt an Pápa Eoin Pól II i Santiago de Compostela le daoine óga an Dea-Scéala a scaipeadh i measc a bpiaraí. Mar fhreagairt air sin, thosaigh Ernest William (buachaill óg ag an am ó Shasana) grúpa a mbailíonn daoine óga le chéile i bpaidir. Tar éis tamaillín tugadh Óige2000 ar an tionscnamh seo. Tá Óige2000 bunaithe i níos mó ná 25 tír ar fud an domhain.

Ráiteas Misin idirnáisiúnta do Óige2000 cuir in eagar

Bunaíodh an tionscnamh spioradálta seo chun daoine óga a tharraingt trí Mhuire go hÍosa Críost go háirithe san Eocairist. Déanann Óige2000 a misean, bunaithe ar an bhfís a bhí ag Naomh Eoin Bosco, sna 3 mbealaí seo a leanas, ar a dtugtar an 3 'philéar' an Óige2000: 1. Cráifeacht d’Íosa Críost san Eocairist. 2. Cráifeacht do Mhuire Mháthair go háirithe tríd an gCoróin. 3. Dílseacht do theagasc na hEaglaise go háirithe tríd an mBíobla Naofa.

Deireadh seachtaine Óige2000 cuir in eagar

Tá cúrsaí spioradálta agus féilte ar fáil do gach duine óg idir 16 agus 35. Is é croí na féile seo ná ceiliúradh an Aifrinn agus Adhradh na Sacraiminte Bheannaithe. Bíonn atmaisféar an-áthais, ceiliúradh agus díograis atá uathúil ann. Bíonn an áit lán de cheol, paidir, cainteanna, agus fianaise. Bíonn seans iontach cairde nua a dhéanamh agus bíonn sé lán de spraoi. Bíonn na cainteoirí ag plé topaicí dúinn, mar shampla: • Grá Dé domsa, • Cad é brí na beatha? • Íosa san Eocairist • Paidir agus an Bíobla Naofa

Féile Samhraidh Óige2000 cuir in eagar

Bíonn an fhéile seo ar siúl thart ar 4 lá. Bíonn an fhéile seo lán le ceardlanna, ceolchoirm, cainteanna spreagúil, ceol den scoth agus paidir. Is féidir leat do scíth a ligean le do chairde agus bualadh le daoine nua freisin! I rith na féile is féidir leat sos agus maolú spioradálta a fháil, bualadh le Caitlicigh óga eile sa bhád céanna agus do chreideamh a threisiú.

Naisc cuir in eagar

youth2000.ie