Údarás um Thoirchiú agus Shutheolaíocht Dhaonna

Is é an Údarás um Thoirchiú agus Shutheolaíocht Dhaonna[1] (i mBéarla, an Human Fertilisation and Embryology AuthorityHFEA) an rialtóir neamhspleách sa Ríocht Aontaithe maidir le cóireáil torthúlachta agus le taighde ina n-úsáidtear suthanna daonna, agus is é an chéad údarás dá chineál ar domhan.

Bosca Sonraí EagraíochtaÚdarás um Thoirchiú agus Shutheolaíocht Dhaonna
Sonraí
Cineálcomhlacht neamhrannach poiblí Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1991
Rialachas corparáideach
Cuid deRialtas na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttps://www.hfea.gov.uk/
Human Fertilisation and Embryology Act 1990 (UKPGA 1990-37)

Eagraíocht

cuir in eagar

Is é an aidhm atá ag an HFEA a chinntiú go bhfaighidh gach duine cúram d’ardchaighdeán, idir iad siúd a shiúlann isteach i gclinic torthúlachta agus iad siúd a thagann ar an tsaol de bharr cóireála.[2]

Déanann an HFEA é seo trí chlinicí torthúlachta a cheadúnú, a mhonatóiriú agus a scrúdú agus trí eolas atá saor, soiléir agus neamhchlaonta a chur ar fáil faoi chóireáil torthúlachta, clinicí agus deonú suthanna. Bailíonn siad fosta, sonraí faoi chóireáil torthúlachta. Tá luach mór leis an eolas seo ar a lán fáthanna lena n-áirítear an dóigh ar féidir le duine, a gineadh trí dheontóir, níos mó a fháil amach faoina bhunús géiniteach. Rialaíonn an HFEA clinicí agus tograí a bhfuil baint acu le taighde ar shuthanna daonna. Tá ceadúnú, iniúchtaí agus socrú caighdeán i gceist leis seo.[2]

Tá rialú tábhachtach mar cinntíonn sé go bhfuil an obair a dhéantar ar chaighdeán áirithe; nach féidir ach le daoine cáilithe í a dhéanamh; agus nach ndéantar taighde ar shuthanna ach nuair a bhíonn fíorghá ann agus ar dhóigh atá eiticiúil. Tugann an HFEA treoir do chlinicí agus d’ionaid taighde ar an dóigh lena gceanglais dlí a chomhlíonadh i gCód Cleachtais.[2]

Ar an 1 Samhain 1990, rith Parlaimint na Ríochta Aontaithe The Human Fertilisation and Embryology Act 1990; (Acht HFE)

le trí ghné d’atáirgeadh cuidithe a rialú:

– Cruthú, cúram agus úsáid suthanna daonna taobh amuigh de chorp na máthar;

– Bailiú, cúram agus úsáid speirme agus uibheacha daonna;

– Stóráil na ngaiméití agus na suthanna daonna seo.[3]

Rinneadh an tAcht a leasú in 2008 agus tá na pointí seo a leanas san áireamh ann anois:

• a chinntiú go bhfuil cruthú agus úsáid gach suth daonna taobh amuigh den chorp – is cuma cén próiseas a úsáidtear lena gcruthú – faoi réir rialacháin.

• cosc ar ghnéas páiste a roghnú ar chúiseanna sóisialta.

• aitheantas a bheith ag an bheirt pháirtithe i gcaidreamh comhghnéis mar thuismitheoirí dleathacha páistí a ghintear trí úsáid speirme, uibheacha nó suthanna a dheontar.

• a chur ar chumas daoine i gcaidrimh chomhghnéis agus lánúineacha neamhphósta cur isteach ar ordú a cheadófar go bpléifear leo mar thuismitheoirí linbh a rugadh trí úsáid máthair ionaid

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Human Fertilisation and Embryology Authority" (en). GOV.UK (2013-06-28). Dáta rochtana: 2024-08-10.
  2. 2.0 2.1 2.2 ccea.org.uk (2015). "FORBAIRTÍ I mBITHEITIC". Dáta rochtana: 2024.
  3. "Human Fertilisation and Embryology Act (1990) | Embryo Project Encyclopedia". embryo.asu.edu. Dáta rochtana: 2024-08-10.