Úr-Chnoc Chéin Mhic Cáinte (Dán)

dán Gaeilge

Scríobh Peadar Ó Doirnín an dán seo Úr-Chnoc Chéin Mhic Cáinte. Rugadh é in aice le Dún Dealgan, Co. Lú sa bhliain 1704. Chaith sé an chuid is mó dá shaol sa chontae seo agus i gContae Ard Mhacha. Ba mhúinteoir scoil chois claí é, ar feadh tamaill, agus ba scríobhaí é freisin.

WD Bosca Sonraí Saothar CeoilÚr-Chnoc Chéin Mhic Cáinte
Foirm cheoildán Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge
Ceirnín Ghael-Linn,CES.009,45 C.S.N

Cnoc atá dhá mhíle siar ó thuaidh ó Dhún Dealgan is ea Cnoc Chéin Mhic Cáinte.

Deirtear gur chum sé an dán seo do chailín darbh ainm Nuala, a bhí ina cónaí san Fheadh Uachtarach.

Níl aon amhrán de chuid an Tuaiscirt is mó atá i mbéal an phobail ná Úr-Chnoc Chéin Mhic Cáinte. Tá an meas atá coitianta air mar liric tuillte go maith aige ar a bhinneacht agus ar a bhfuinte atá sé ach is mó ní eile a chabhraigh leis seo: an fonn ceolmhar a chui Peadar Ó Dubhda leis, an seanchas a bhaineann leis, an gearrscéa baoth rómánsúil a bhunaigh Seosamh Mac Grianna airsean agus a mhéid uair a cuireadh an t-amhrán i gcló.

Seosamh Laoide a chuir in eagar don chéad uair¹ é sa bhliain 1899 (Irisleabhar na Gaedhilge, x (1899), 44-45) agus chuir Éamonn Ó Tuathail (Rainn agus Amhráin, 1923, 38-9) agus Donal O’Sullivan (Bunting Collection of Irish Folk Music and Song, iv, 73-4) in eagar arís ina dhiaidh sin é. Fairis na heagráin sin cuireadh an t-amhrán i gcló go minic i dtéacsleabhair, i nduanairí agus i gcnuasaigh ceoil ach dá mhéid uair a cuireadh in eagar is i gcló é níor cuireadh an t-amhrán ina hiomláine riamh faoi bhráid an phobail. Is é bun agus barr an scéil gur amhrán sé véarsa é i gcuid mhaith de na lámhscríbhinní a bhfaightear é ach níor cuireadh an séú véarsa san riamh i gcló. D'admhaigh Ó Tuathail go raibh an véarsa san fhágaint ar lár aige ('A sixth stanza has been omitted', op. cit., ich 78); chuaidh O’Sullivan sa bhfiontar leis-chuir sé trí cheathrú de i gcló ach cheiliúir sé roimh an dá líne dheiridh: ‘The last two lines of the poem are unsuitable for printing’ (op. cit., ich 76). 1932. Táimid fásta suas go mór ó shoin, adeirtear, agus ní miste anois, is dócha, an t-amhrán ar fad mar a chum Ó Doirnín é (más é a chum) a chur ar fáil.

Siad na focal ná:

Na focail
A phlúr na maighdean is úire gné
fuair clú le scéimh ón Ádhamhchlainn,
a chúil na bpéarla, a rún na héigse,
a dhúblaíos féile is fáilte,
a ghnúis mar ghréin le tús gach lae ghil
a mhúchas léan le gáire,
is é an trua gan mé is tú, a shiúir, linn féin
sa dún sin Chéin Mhic Cáinte
Táim brúite i bpéin, gan suan gan néall,
de do chumha, a ghéag is áille,
is gur tú mo rogha i gcúigibh Éireann,
cúis nach séanaim as de;
dá siúlfá, a réalt gan smúid, liom féin
ba súgach saor ár sláinte—
gheobhair plúr is méad is cnuasach craobh
sa dún sin Chéin mhic Cáinte.
Cluinfir uaill na ngadhar ar luas i ndéidh
Bhriain luaimnigh bearnaigh mhásaigh
is fuaim guth béilbhinn cuach is smaolach
go suairc ar ghéaga in altaibh;
i bhfuarlinn tséimh chífir slua-bhuíon éisc
ag ruagadh a chéile ar snámh ann,
is an cuan go léir dhuit uait i gcéin
ó nua-chnoc Chéin mhic Cáinte.
A rún mo chléibh, nach mar súd ab fhearr dhuit
tús do shaoil a chaitheamh liom? —
is ní i gclúid faoi léan ag túirscín bréan
i gcionn túirne 's péire cardaí;
gheobar ciúl na dtéad le lúth na méar
do do dhúscadh 's dréachta grá fós —
níl dún faoin ngréin chomh súgach aerach
le hÚrchnoc Chéin mhic Cáinte.
A shuaircbhean tséimh na gcuachfholt péarlach,
gluais liom féin ar ball beag,
nuair a bheas uaisle is cléir is tuataí i néal,
ina suan faoi éadaí bána;
'ó thuaidh go mbéam i bhfad uathu araonteacht nua-chruth gréine amárach,
gan ghuais le chéile in uaigneas aerach
san dún sin Chéin mhic Cáinte.
Freagra na maighdine
Beir uaim do phléid cé gur luaigh tú céad ní —
nós a bhfuil spéis ag a lán ann —
is an duais is fearr nó uallaí séad
níor chuala mé thú ag trácht air;
tuatha saora, buaibh is caoraigh,
is cruacha péarlaí i bpálais
mar luach ní ghéabhainn uait is gan gléas
in am suain le ndéantar páiste.[1]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar