An Sionnach Rua
Leathanach Úsáideora An Sionnach Rua
Is as Tamhlacht Mhaolruain dhom ó dhúchas. Níor tógadh leis an Ghaeilig mé ach is mór an chabhair a bhí inti dhom im shaol ó thosaigh mé á foghlaim. D'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar an scoil agus bhain mé bunchéim amach sa Nua-Ghaeilge agus sna Léinn Ghearmáinise is Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas ina diaidh sin.
Tá canúint mheasctha agam, a bhfuil rianta de Ghaeilge Chonamara agus de Ghaeilge Uladh le brath inti chomh maith le rianta beaga bídeacha den eolas a bhí le fáil faoin chanúint thréigthe a labhraíodh i mo cheantar dúchais. Bainim úsáid as an chaighdeán oifigiúil agus mé i mbun eagarthóireachta ar an tsuíomh seo agus nuair a bhím ag cruthú ábhar di chomh maith.
Tá suim ar leith agam sa teangeolaíocht, sa dúlra, sna healaíona comhraic agus sa tíreolaíocht agus is ar leathanaigh a bhaineann leis na téamaí seo a fheicfidh tú mo lorg as seo amach.
Teangeolaíocht
cuir in eagarDúlra
cuir in eagarCúcabarra
Ealaíon Comhraic
cuir in eagarTíreolaíocht
cuir in eagar
| ||
| ||
| ||