Is léargas é seo ar na hÉireannaigh a chuaigh ar imirce go dtí an Bhreatain i rith na 1950idí mar théama lárnach i litríocht na Gaeilge. Tá an téama seo faoi chaibidil sna leabhair Dialann Deoraí le Dónall Mac Amhlaigh agus A Thig Ná Tit Orm le Maidhc Dainín Ó Sé ach go háirithe.

Stair na nÉireannach i Sasana i rith na 1950idí cuir in eagar

Deich mbliana dheacra a bhí sna 1950idí don phobal in Éirinn. Chuaigh éarnáil thraidisiúnta na talmhaíochta sa tír in olcas agus níor tugadh dóthain de thacaíocht airgeadais d’fhorbairt tionsclaíochta nua leis an mbearna eacnamaíochta a líonadh. Creidtear gurb é na 1950idí an tréimhse deich mbliana is measa in Éirinn ó a bhí an Górta Mór ann. Chuaigh thart ar leathmhilliún Éireannach ar imirce i rith an ama sin.

 
Athbhorradh na tionsclaíochta sa Bhreatain

“Bhí drochmhisneach ag teacht orm nuair a chuimhnínn ar an ngeimhreadh fada a bhí amach romham agus gan aon tsúil agam le pingin a thuilleamh” [1]

Bhí borradh tógála ag teacht chun cinn i Sasana i rith na 1950idí le athchruth a chur ar an tír tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Mheall na deiseanna fostaíochta a bhain le Sasana na mílte Éireannach ann le poist a bhaint amach i gcathracha móra na tíre, Learpholl, Londain, Manchain agus Glaschú ina measc. D’éirigh le hÉireannaigh poist a bhaint amach in éarnála na foirgníochta agus an altranais ach go háirithe.

“Tá obair le fáil ag chuile dhuine sa tír seo anois” [2]

Is téama lárnach é an eisimirce i saothair litríochta na linne sin agus saol an eisimircigh i Sasana faoi chaibidil i roinnt maith dhíobh: A Thig Ná Tit Orm, le Maidhc Dainín Ó Sé agus Dialann Deoraí, le Dónall Mac Amhlaidh, ach go háirithe. Pléann an dá dhírbheathaisnéisí seo saol na n-údár i Londain i rith na 1950idí. Is príomhfhoinsí iad na saothair seo a thugann eolas luachmhar dúinn ar shaol na nÉireannach a chuaigh ar imirce go Sasana.

Saol na nÉireannach ar imirce i Sasana sna 1950idí cuir in eagar

Bhí saol crua ag na hÉireannaigh agus iad ag obair faoi dhrochchoinníolla in éarnáil na foirgníochta sa Bhreatain sna 1950idí,

 
Na hÉireannaigh ag obair in earnáil na talmhaíochta

“Nuair a séideadh an fheadóg dár bhfógairt ar ais chuig an obair, ba gheall le glór an bhreithimh do mo dhaoradh chun bais é”. [3]

 
Droch-choinníollacha Oibre na Foirgníochta

In ainneoin na ndrochchoinníollacha oibre áfach, d’ofráil an Bhreatain deis d’Éireannaigh éalú ó dhrochstaid agus dúlagar na hÉireann ag an am. Spreag an faoiseamh a bhí ar fáil ann gliondar i gcróithe na nÉireannach óg, rud a léirítear go minic i ndírbheathaisnéisí na linne.

“Go bhfóire Dia ar an tír bheag sin againn féin nach bhfuil inti ach an díomhaointeas agus an t-éadóchas”. [4]

Thug an Bhreatain éalú agus faoiseamh d'Éireannaigh agus iad ag fulaingt faoi dhrochstaid na hÉireann, in ainneoin de sin is léir nach raibh móran measa ag na hÉireannaigh don tír nó dá muintir. Léirítear dímheas ar nósmhaireachtaí agus dlíthe na Breataine go minic tríd na leabhair. Sa leabhar A Thig a Tit Orm, mar shampla, feictear Maidhc Dainín Ó Sé agus cara leis, Dónall, agus iad ag labhairt as Ghaeilge agus iad i gcomhluadar mná an tí. Iarrann an bhean orthu an Béarla a labhairt, “Speak English, you’re in England now”. Is léir nach bhfuil meas dá laghad ag Dónall ar a ndúirt sí, “d’fhreagair [sé] go bagrach í [...] agus d’iompaigh ar an nGaelainn arís”.[5]

In Dialann Deoraí déantar neamhaird de na dlíthe i Sasana nuair a théitear i mbun cearrbhachais in áit phoiblí. Cé go gcuireann na póilíní stop leo, áfach, “tosnaíonn siad arís faoi cheann cúpla nóiméad”.[6]

Cultúr na nÉireannach sa Bhreatain cuir in eagar

Cé gur as baile a bhí na hÉireannaigh agus iad ag cur fúthu sa Bhreatain sna 50idí bhí cultúr na hÉireann le brath go láidir i Sasana na linne sin. Tagraíonn Mac Amhlaigh go minic do réigiúin sa Bhreatain ina mbíodh go leor Éireannach ag cur fúthu.

“Chuaigh muid isteach go Hammersmith [[1]], ceantar mór Éireannach.” [7]

Cruthaíodh an-nasc idir Éireannaigh a bhí ar imirce. Ba nós leo “a dheartháirín” a thabhairt ar a chéile go minic sa litríocht leis an nasc sin a léiriú. Tugadh le fios sna dírbheathaisnéisí gur fhás pobail na Gaeilge i gceantair Éireannacha agus go raibh cultúr na hÉireann agus na Gaeilge le feiceáil go láidir iontu chomh maith.[8]

“Nár bhreá an rud bheith ag obair thíos san áit ina mbeidh mo sheanchomrádaithe ag castáil dom i gconaí? Is beag nach mbeadh sé chomh maith le bheith ar ais sa Rinn Mhór.” [9]

  • Tábhacht an Óil i Saol na nÉireannach i Sasana

Tagraítear go minic, i ndírbheathaisnéisí Mhic Amhlaidh agus Uí Shé, do chúrsaí óil agus dúil na nÉireannach, san alcól, fiú agus iad ag cur fúthu thar lear. Is léir ó litríocht na Gaeilge gur tharraing an t-alcól sochaí le chéile. Bailíodh pobal le chéile i dteach tábhairne le nuacht an lae a phlé agus le go gcuirfeadh Éireannaigh aithne ar a chéile. Luaitear gur ann a chaithteadh na hÉireannaigh tráthnóna Dé Domhnaigh,

 
Dúil na nÉireannach san alcól

“Níl tada a ghoilleas chomh mór orm, sílim, leis na dórnain bheaga d’Éireannaigh a fheiceáil ag moilleadóireacht timpeall an bhaile mhóir tráthnóna Dé Domhnaigh, gan spéis i dtada [...] ach ag fanacht go n-osclaítí na tithe ósta.” [10]

agus a bhainteadh leas as an ól lena scíth a ligean tar éis lá oibre.

“Nuair a tháinig am dúnadh rug muid linn leathdhosaen buidéal an duine...” [11]


  • Cúrsaí Siamsaíochta

Ní raibh easpa siamsíochta do na hÉireannaigh, a bhíodh ag cur fúthu sa Bhreatain agus iad as baile. An mhalairt a bhí i gceist agus iad chomh tógtha sin le stíl nua-aimseartha na Breataine agus na heispéiris spreagúla a bhíodh ar fáil ann dóibh.

“Tá an oiread le feiceáil ann, idir thorthaí, ghlasraí agus earraí de chuile chineál.” [12]

Níorbh é nósanna na Breataine amháin a thugadh faoiseamh agus spraoi do lucht na hÉireann agus thóg said na gnéithe is fearr dá siamsíocht náisiúnta leo chomh maith, an pheil agus an damhsa araon.

Luaitear an bhéim a chuir na hÉireannaigh ar chúrsaí peile agus iad ar imirce i Sasana go minic sa litríocht. Is léir ó thuairisc Mhic Amhlaigh go raibh go leor Éireannach i Sasana na laethanta sin go raibh de chumas acu cluichí contae a eagrú i measc na n-eisimirceach. I bPáirc Mitcham a bhí na cluichí, a thug deis d’Éireannaigh a gcairde ón bhaile a fheiceáil agus a chur cultúr na hÉireann chun cinn sa Bhreatain.

Bhí dúil ag na hÉireannaigh sa damhsa Gaelach de shíor agus bhí margadh mór ann do hallaí damhsa sa Bhreatain i rith na 50idí dá bharr.

“Bhí ar a laghad chúig halla Gaelach sa chathair.” [13]


  • An Creideamh

Bhí áit lárnach ag an gCaitliceachas i saol na nÉireannach fiú agus iad ag cur fúthu i dtír Phrotastúnach cosúil leis an mBreatain. Bhí ról faoi leith ag na sagairt le muintir na hÉireann a smachtú agus a rialú chun coimhlint idir an dá chultúr a sheachaint. [14]

Níor thug na hÉireannaigh a ndroim don chreideamh fiú agus iad saor ó shrianta na Críostaíochta. Ach bhí dearcadh agus creideamh i bhfad níos radacaí sa Bhreatain ag an am le na hÉireannaigh a mhealladh ó mheon coimeádach sochaí in Éirinn.

"Sex is the religion in this country, my boy." [15]

  1. Ó Sé, Maidhc Dainín (1987: 63). "A Thig Ná Tit Orm". Baile Átha Cliaith: School and College Publishing. 
  2. Mac Amhlaigh, Dónall (1960: 35). "Dialann Deoraí". Gaillimh: O'Gormain. 
  3. Mac Amhlaigh, Dónall (1960: 28). "Dialann Deoraí". Gaillimh: O'Gormain. 
  4. Mac Amhlaigh, Dónall (1960: 35). "Dialann Deoraí". Gaillimh: O'Gormain. 
  5. Ó Sé, Maidhc Dainín (1987: 77). "A Thig Ná Tit Orm". Baile Átha Cliaith: School and College Publishing. 
  6. Mac Amhlaigh, Dónall (1960: 24). "Dialann Deoraí". Gaillimh: O'Gormain. 
  7. Mac Amhlaigh, Dónall (1960: 27). "Dialann Deoraí". Gaillimh: O'Gormain. 
  8. Mac Amhlaigh, Dónall (1960: 25). "Dialann Deoraí". Gaillimh: O'Gormain. 
  9. Mac Amhlaigh, Dónall (1960: 27). "Dialann Deoraí". Gaillimh: O'Gormain. 
  10. Mac Amhlaigh, Dónall (1960: 43). "Dialann Deoraí". Gaillimh: O'Gormain. 
  11. Mac Amhlaigh, Dónall (1960: 39). "Dialann Deoraí". Gaillimh: O'Gormain. 
  12. Mac Amhlaigh, Dónall (1960: 28). "Dialann Deoraí". Gaillimh: O'Gormain. 
  13. Ó Sé, Maidhc Dainín (1987: 81). "A Thig Ná Tit Orm". Baile Átha Cliaith: School and College Publishing. 
  14. Mac Amhlaigh, Dónall (1960: 42). "Dialann Deoraí". Gaillimh: O'Gormain. 
  15. Ó Sé, Maidhc Dainín (1987: 81). "A Thig Ná Tit Orm". Baile Átha Cliaith: School and College Publishing.