Is é Bostún (a fhuaimnítear /ˈbɒstən/) príomhchathair Chomhlathas Massachusetts, agus tá sé i measc na gcathracha is sine sna Stáit Aontaithe. Ní hamháin gurb é Bostún an chathair is mó i gComhlathas Massachusetts, ach is é an chathair is mó in New England chomh maith. Meastar gurb é lár eacnamaíoch agus cultúrtha an réigiúin é, agus ceaptar freisin uaireanta gurb é príomhchathair neamhoifigiúil New England é. Sa bhliain 2007, measadh go raibh daonra 608,352 i gcathair Bhostúin féin, rud a chiallaíonn gurb é an 21ú cathair is mó sa tír. Chomh maith leis sin, freastalaíonn an chathair ar mhórcheantar uirbeach ar a dtugtar Bostún Mór (Greater Boston) ina gcónaíonn 4.4 milliún duine, agus is é an deichiú mórcheantar uirbeach is mó sa tír é. Áirítear Rhode Island, New Hampshire agus Maine i réigiún comaitéireachta Bhostúin Mhóir. Cuimsíonn an réigiún 7.4 milliún duine, rud a chiallaíonn gurb é an cúigiú Comhcheantar Staitistiúil is mó sa tír.

Sa bhliain 1630, bhunaigh coilínigh Phiúratánaigh ó Shasana an chathair ar Leithinis Shawmut. Tharla roinnt mórimeachtaí i mBostún ag deireadh an ochtú haois déag le linn Réabhlóid Mheiriceá, lena n-áirítear an Sléacht i mBostún agus an Boston Tea Party. Tharla roinnt luathchathanna Réabhlóid Mheiriceá sa chathair agus sa cheantar máguaird, ar nós Cath Bunker Hill agus Léigear Bhostúin. D’fhás Bostún thar maoil na leithinise de bharr míntírithe talún agus nascghabhála cathrach. Tar éis do Mheiriceá a neamhspleáchas a bhaint amach, d’fhorbair Bostún mar mhórphort loingis, agus meallann a stair shaibhir 16.3 milliún cuairteoir in aghaidh na bliana. Ba chathair cheannródaíoch é ar roinnt bealaí, agus ba ann a bhí an chéad scoil phoiblí i Meiriceá, Scoil Laidine Bhostúin (1635), agus an chéad ollscoil, Coláiste Harvard (1636), lonnaithe in Cambridge, Massachusetts. Ba i mBostún chomh maith a thosaigh an chéad chóras traenach faoi thalamh sna Stáit Aontaithe.

Is lárionad ardoideachais é Bostún de bharr an iliomad coláistí agus ollscoileanna sa chathair agus sa cheantar máguaird, agus is lárionad leighis é freisin. Chomh maith leis sin, tá geilleagar na cathrach bunaithe ar thaighde, ar airgeadas agus ar theicneolaíocht, go háirithe an bhiteicneolaíocht. Tá uaisliú ag tarlú i mBostún faoi láthair agus tá an costas maireachtála i measc na gcinn is airde sna Stáit Aontaithe, cé go mbíonn áit ard aige fós i rangú ináitrithe (livability rankings) an domhain.

Stair cuir in eagar

Bhunaigh coilínigh Phiúatánaigh ó Shasana Bostún an 17 Meán Fómhair 1630. Uaireanta, bíonn meascán mearaí ar dhaoine idir Piúratánaigh Choilíneacht Bhá Massachusetts agus na hOilithrigh a bhunaigh Coilíneacht Plymouth (Bristol County, Plymouth County agus Barnstable County, Massachusetts mar a thugtar ar an gceantar sin anois), deich mbliana roimhe sin. Tá éagsúlachtaí stairiúla idir an dá ghrúpa agus bhí cleachtais chreidimh dhifriúla acu. Níor tháinig an dá choilíneacht le chéile go dtí gur bunaíodh Cúige Bhá Massachusetts sa bhliain 1691.

Bhí cuing chaol ag nascadh leithinis Shawmut leis an mórthír agus bhí uiscí Bhá Massachusetts agus Bhá Back, inbhear Abhainn Charles, thart timpeall uirthi. De réir fhianaise roinnt láithreán seandálaíochta Meiriceánach Dúchasach a tochlaíodh sa chathair, bhí daoine ina gcónaí ar an leithinis chomh fada siar le 5,000 RC. Thug céadchoilínigh Eorpacha Bhostúin ‘Trimountaine’ ar an gceantar, ach athainmníodh é ina dhiaidh sin as Boston, Lincolnshire, Sasana, ónar tháinig roinnt coilíneach mór le rá ar imirce. Thug céadghobharnóir Choilíneacht Bhá Massachusetts, John Winthrop, seanmóir cháiliúil dar teideal “A Model of Christian Charity,” ar a dtugtar seanmóir “City on a Hill” go minic, a léirigh an nós go raibh conradh speisialta ag Bostún le Dia. (Síníodh Comhaontú Cambridge, a bhféachtar air mar cháipéis bhunaidh na cathrach, faoi threoir Winthrop chomh maith) Rinne eitic Phiúratánaigh buansochaí dhea-struchtúrtha a mhúnlú i mBostún. Go gairid i ndiaidh a lonnaithe, mar shampla, bhunaigh Piúratánaigh Bhostúin an chéad scoil phoiblí i Meiriceá, Scoil Laidine Bhostúin (1635), agus an chéad choláiste i Meiriceá, Coláiste Harvard (1636). Ba é Bostún an baile ba mhó i Meiriceá Thuaidh na Breataine go dtí lár an ochtú haois déag.

Ba iad muintir Bhostúin a chuir tús le Réabhlóid Mheiriceá sna 1770idí mar gheall ar iarrachtaí rialtas na Breataine smacht ní ba dhéine a chur i bhfeidhm ar na trí choilíneacht déag, go háirithe ó thaobh cúrsaí cánach de. Tharla Sléacht i mBostún, an Boston Tea Party agus roinnt luathchathanna – lena n-áirítear Cath Lexington agus Concord, Cath Bunker Hill agus Léigear Bhostúin – sa chathair nó gar don chathair. Ba le linn na tréimhse sin a rinne Paul Revere an mharcaíocht cháiliúil mheánoíche dá chuid.


Tar éis na Réabhlóide, bhí Bostún ar cheann de na poirt trádála idirnáisiúnta ba shaibhre ar domhan de bharr thraidisiún comhdhlúite maraíochta na cathrach. Áiríodh rum, éisc, salann agus tobac ar na heaspórtálacha. Le linn na ré sin, measadh sliocht mhuintir shean-Bhostúin ina scothaicme shóisialta agus chultúrtha na tíre. Tugadh Brámain Bhostúin orthu ní ba dhéanaí. Cuireadh Bostún ar an gcairt mar chathair sa bhliain 1822.

De bharr ghlacadh The Embargo Act sa bhliain 1807 le linn Chogaí Napoléon, agus Chogadh 1812, tháinig laghdú mór ar ghníomhaíocht phort Bhostúin. Thosaigh trádáil iasachta arís i ndiaidh na cogaíochta sin, ach bhí roghanna malartacha aimsithe ag ceannaithe Bhostúin le haghaidh a gcuid infheistíochtaí caipitiúla idir an dá linn. Tháinig an déantúsaíocht chun cinn mar ghné thábhachtach de gheilleagar na cathrach agus, faoi lár an naoú haois déag, bhí déantúsaíocht thionsclaíoch na cathrach ní ba thábhachtaí ná an trádáil idirnáisiúnta ó thaobh geilleagair de. Bhí Bostún fós ar cheann de na lárionaid déantúsaíochta ba mhó sa tír go tús an fichiú haois, agus bhí cáil air as a thionscail táirgthe éadaí agus earraí leathair. Bhí lastas earraí an-éasca de bharr líonra d’aibhneacha beaga thart timpeall na cathrach, a nasc Bostún leis an réigiún máguaird, agus cruthaíodh cuid mhaith muilte agus monarchana mar thoradh air sin. Ní ba dhéanaí, d’fhreastail dlúthlíonra iarnróid ar thionsclaíocht agus ar thráchtáil an réigiúin. Tháinig Bostún i dtreis go cultúrtha idir lár agus deireadh an naoú haois déag. Tharraing sé clú air féin as a shárchultúr liteartha agus as a phátrúnacht fhlaithiúil ar na healaíona. Ba lárionad ghluaiseacht an díothaithe é chomh maith. Chuaigh an chathair go mór i gcoinne Dhlí na Sclábhaithe Teifeacha (Fugitive Slave Law) a chuir le hiarracht an Uachtaráin Franklin Pierce eiseamláir a dhéanamh de Bhostún tar éis Chás an Sclábhaí Theifigh Burns.


Sna 1820idí, tháinig borradh ar dhaonra Bhostúin agus bhí athrú as cuimse ar chuma eitneach na cathrach mar gheall ar chéadinimircigh na hEorpa. Le linn na tréimhse sin, b’inimircigh Éireannacha ba mhó a tháinig i dtír. Faoin mbliain 1850, bhí tuairim is 35,000 Éireannach ina gcónaí i mBostún. I dtreo dheireadh an naoú haois déag, tháinig méadú ar líon na nÉireannach, Gearmánach, Liobánach, Siriach, Ceanadach Francach, agus Giúdach na Rúise agus na Polainne a lonnaigh sa chathair. Faoi dheireadh an naoú haois déag, bhí príomhchomharsanachtaí Bhostúin ina n-íamhchríocha inimirceach d’eitneachtaí éagsúla – chónaigh na hIodálaigh ar an Taobh Thuaidh, ba iad na hÉireannaigh ba mhó a bhí i mBostún Theas, agus chónaigh Giúdaigh na Rúise ar an Taobh Thiar.

Le teacht inimircigh na hÉireann agus na hIodáile, tháinig an Caitliceachas Rómhánach. Faoi láthair, is iad na Caitlicigh an pobal creidimh is mó i mBostún, agus ó thús an fichiú haois, tá páirt mhór glactha ag na hÉireannaigh i bpolaitíocht Bhostúin. Áirítear muintir Kennedy, Tip O’Neill agus John F. Fitzgerald i measc na ndaoine mór le rá.


Ón mbliain 1631 go 1890, tháinig méadú faoi thrí ar mhéid fhisiceach na cathrach de bharr míntírithe – trí riasca, réileán láibe agus bearnaí idir céanna feadh chois na farraige a líonadh, – próiseas a leag na cnoic chun na cuais a líonadh, dar le Walter Muir Whitehall. Tharla na hiarrachtaí míntírithe ba mhó le linn an naoú haois déag. Cuireadh tús le míntíriú an cheantair ar a dtugtar Cearnóg Haymarket sa bhliain 1807 agus úsáideadh barr Chnoc Beacon chun linn mhuilinn 50 acra (20 heicteár) a líonadh. Tá Teach Stáit an lae inniu suite ar bharr Chnoc Beacon atá íslithe anois. Cruthaíodh cuid mhaith den Taobh Theas, Taobh Thiar, Ceantar Airgeadais agus Ceantar Síneach mar thoradh ar thionscadail mhíntírithe i lár na haoise sin. Bhain oibrithe úsáid as brablach foirgneamh tar éis Mhórthine Bhostúin sa bhliain 1872 chun talamh an ghnócheantair cois farraige a líonadh. Ó lár go deireadh an naoú haois déag, líon oibrithe beagnach 600 acra (2.4 km²) de thalamh riascach ghoirt Abhainn Charles ar iarthar Choimín Bhostúin le gairbhéal a tháinig ar iarnród ó chnoic Needham Heights. Chomh maith leis sin, nascghabh an chathair na bailte tadhlacha Roxbury (1868), Dorchester (1870), Brighton, West Roxbury (lena n-áirítear Jamaica Plain, Roslindale agus West Roxbury an lae inniu), agus Charlestown. Nascghabhadh na trí bhaile dheireanacha sa bhliain 1874.

Ba é Ionad Sláinte Columbia Point, suite i gcomharsanacht Dorchester i mBostún, an chéad ionad sláinte pobail sna Stáit Aontaithe. Osclaíodh é i mí na Nollaig 1965 agus d’fhreastail sé ar an gcoimpléasc ollmhór tithíochta poiblí in aice leis, Columbia Point, den chuid is mó. Bhunaigh beirt dochtúirí leighis é – Jack Geiger ó Ollscoil Harvard agus Count Gibson ó Ollscoil Tufts. Tá an t-ionad fós i bhfeidhm agus athainmníodh é Ionad Sláinte Pobail Geiger-Gibson sa bhliain 1990.


Faoi thús agus lár an fichiú haois, bhí an chathair ag dul i léig de bharr monarchana a bheith ag éirí sean agus seanchaite, agus bhog gnólachtaí amach as an réigiún chun lucht oibre ní ba shaoire a fháil áit éigin eile. D’fhreagair Bostún don ghéarchéim trí thús a chur le roinnt tionscadail athnuachana uirbí faoi threoir an Údaráis um Athfhorbairt Bhostúin (Boston Redevelopment Authority—BRA) a bunaíodh i 1957. Sa bhliain 1958, chuir BRA tús le tionscadal chun comharsanacht stairiúil an Taoibh Thiar a fheabhsú. Bhí an pobal go mór i gcoinne na gníomhaireachta nua de bharr scartála fairsinge. Rinne BRA athmheasúnú ar an gcur chuige a bhí acu i dtaobh athnuachana uirbí ina dtionscadail ina dhiaidh sin, lena n-áirítear tógáil Ionad an Rialtais. Faoi na 1970idí, tháinig borradh ar gheilleagar na cathrach i ndiaidh tríocha bliain de mheath geilleagrach. Bhí ospidéil ar nós Ospidéal Ginearálta Massachusetts, Ionad Sláinte Beth Israel Deaconess agus Ospidéal Brigham agus na mBan chun tosaigh maidir le nuálaíocht míochaine agus cúram othar sa tír. Mheall scoileanna ar nós Ollscoil Harvard, MIT, Ollscoil Tufts, Ollscoil Bhostúin, Coláiste Bhostúin agus Ollscoil Northeastern mic léinn go ceantar Bhostúin. D’ainneoin sin, ón mbliain 1974, bhí coimhlint faoi dhídheighilt busanna sa chathair, agus bhí corraíl agus foréigean sna scoileanna poiblí i rith lár na seachtóidí dá bharr.

D’éirigh cúrsaí go dona i dtionscadail tithíochta Columbia Point, a tógadh i 1953 ar leithinis Dorchester, agus ní raibh ach 350 teaghlach ina gcónaí ann faoin mbliain 1988. D’imigh sé ó rath agus bhí sé contúirteach. Sa bhliain 1984, chuir cathair Bhostúin forbróir príobháideach, Corcoran-Mullins-Jennison, i gceannas ar an tionscadal agus rinne sé an t-áitreabh a athfhorbairt agus a athnuachan. Tugadh Árasáin Harbor Point ar an bpobal cónaitheach tarraingteach seo ina raibh daoine éagsúla le meascán d’ioncaim. Osclaíodh na hárasáin i 1988 agus críochnaíodh iad i 1990. Is sampla fíorshuntasach é d’athnuachan agus d’athfhorbairt, agus ba é an chéad tionscadal feidearálach tithíochta a tiontaíodh go tithíocht phríobháideach ioncam-mheasctha sna Stáit Aontaithe.

Ag tús an aonú haois is fiche, tá an chathair ina lárionad intleachtach, teicneolaíoch agus polaitiúil. Tá institiúidí réigiúnacha caillte ag an gcathair, áfach, lena n-áirítear éadáil The Boston Globe ag The New York Times, agus cailleadh institiúidí áitiúla airgeadais, ar nós FleetBoston Financial (a fuair Bank of America atá bunaithe in Charlotte in 2004), ag cumaisc agus éadálacha. Bhí ar an gcathair dul i ngleic le ceisteanna uaislithe agus le hardú ar an gcostas maireachtála chomh maith, agus tá méadú géar tagtha ar phraghas tithe ó na nóchaidí.


Tíreolaíocht cuir in eagar

Is cathair an-dlúth é Bostún mar gur bunaíodh é chomh luath sin. Dar le hOifig Áirimh na Stát Aontaithe, is é achar iomlán na cathrach 89.6 míle cearnach (232.1 km²), is é sin 48.4 míle cearnach (125.4 km²) talún agus 41.2 míle cearnach (106.7 km²) (46.0%) uisce. Is é Bostún an ceathrú cathair is dlúithe ó thaobh daonra de sa tír, nach bhfuil ina chuid de cheantar uirbeach i gcathair níos mó. Lasmuigh de San Francisco, níl aon chathair eile le breis agus 500,000 duine inti le hachar talún níos lú sna Stáit Aontaithe. Go hoifigiúil, tá Bostún suite 19 dtroithe (5.8 m) os cionn leibhéal na mara, mar a thomhaistear ag Aerfort Idirnáisiúnta Logan é. I mBostún, is é Cnoc Bellevue an pointe is airde os cionn leibhéal na mara, 330 troigh (101 m), agus is é leibhéal na mara an pointe is ísle.

Tá réigiún Bhostúin Mhóir thart timpeall ar Bhostún agus tá teorainneacha aige leis na cathracha agus na bailte seo a leanas: Winthrop, Revere, Chelsea, Everett, Somerville, Cambridge, Watertown, Newton, Brookline, Needham, Dedham, Canton, Milton, agus Quincy.

Tá cuid mhaith de chomharsanachtaí Bhá Back agus an Taoibh Theas tógtha ar thalamh mhíntírithe. Úsáideadh an ithir ar fad ó dhá cheann de thrí chnoc bunaidh Bhostúin, an "trimount" mar ábhar líonta talún. Ní mhaireann slán ach píosa de Chnoc Beacon – an cnoc is lú de na trí chnoc bunaidh. Níor leagadh ach leath dá airde le haghaidh líonta talún. Tá an gnócheantar agus an ceantar díreach máguaird déanta d’fhoirgnimh ísle bhríce agus chloiche den chuid is mó, agus tá cuid mhaith de na seanfhoirgnimh déanta ar stíl fheidearálach. Seasann roinnt de na foirgnimh sin i measc na bhfoirgneamh ardéirí nua-aimseartha, go háirithe sa Cheantar Airgeadais, in Ionad an Rialtais agus cois farraige i mBostún Theas, agus i mBá Back, a áiríonn cuid mhaith críoch-chomharthaí mór le rá ar nós Leabharlann Phoiblí Bhostúin, Ionad Christian Science, Cearnóg Copley, Sráid Newbury agus an dá fhoirgneamh is airde in New England – Túr John Hancock agus Ionad Prudential. Tá seanfhoirgneamh John Hancock suite gar do Thúr John Hancock. Tá an rabhchán feiceálach réamhaisnéis aimsire ar an seanfhoirgneamh agus tugann dath an tsolais nod i dtaobh na haimsire atá le teacht: “steady blue, clear view; flashing blue, clouds are due; steady red, rain ahead; flashing red, snow instead.” (I rith an tsamhraidh, léiríonn dath dearg ag splancadh nach mbeidh cluiche Red Sox ar siúl de bharr na báistí) Tá ceantair bheaga thráchtála measctha le chéile le tithe teaghlaigh aonair agus le tithe ilteaghlaigh sraithe déanta as adhmad nó as brící. Faoi láthair, is é Ceantar Stairiúil an Taoibh Theas an chomharsanacht Victeoiriach theagmhálach is mó atá fágtha sna Stáit Aontaithe.

Mar aon leis an ngnócheantar, bhí tionchar suntasach ag Tionscadal Lárbhealaí/Lártollán (Central Artery/Tunnel (CA/T)), nó an “Big Dig”, ar thíreolaíocht Bhostúin Theas. Bhain deacrachtaí ar leith leis an talamh éagobhsaí mhíntírithe i mBostún Theas maidir le tolláin an tionscadail. Sa ghnócheantar, chiallaigh Tionscadal CA/T go rabhthas in ann na Lárbhealaí ardaithe gránna a bhaint, agus spásanna nua glasa agus limistéir oscailte a chur isteach.

Is é Coimín Bhostúin, atá suite gar don Cheantar Airgeadais agus do Chnoc Beacon, an pháirc phoiblí is sine sna Stáit Aontaithe. I dteannta Ghairdín Poiblí Bhostúin, is cuid é den Emerald Necklace, sraith de pháirceanna a dhear Frederick Law Olmsted chun an chathair a thimpeallú. Is í Páirc Franklin, atá ina cuid den Emerald Necklace freisin, an pháirc is mó sa chathair agus tá zú inti. Mórpháirc eile is ea an Esplanade atá suite cois Abhainn Charles. Tá páirceanna eile scaipthe ar fud na cathrach agus tá na mórpháirceanna agus tránna suite gar do Castle Island; in Charlestown; agus feadh línte cladaigh Abhainn Dorchester, Bhostún Theas agus Bhostún Thoir.

Scartar Bostún féin ó Cambridge, ó Watertown agus ó chomharsanacht Charlestown ag Abhainn Charles. Tá Cuan Bhostúin agus Ceantar Náisiúnta Áineasa Oileáin Chuan Bhostúin suite ar an oirthear. Is í Abhainn Neponset an teorainn idir comharsanachtaí deisceartacha Bhostúin, cathair Quincy agus baile Milton. Scarann Abhainn Mystic Charlestown ó Chelsea agus Everett, agus scarann Sruthán Chelsea agus Cuan Bhostúin Bostún Thoir ó Bhostún féin.

Aeráid cuir in eagar

Go bunúsach, mar is gnách in New England, is éard atá in aeráid Bhostúin ná meascán d’aeráid bhogthais ilchríochach agus d’aeráid bhogthais fhothrópaiceach. De ghnáth, bíonn sé te bogthais i rith an tsamhraidh, agus bíonn sé fuar gaofar sneachtúil i rith an gheimhridh. Bíonn tionchar ag na gnáthphatrúin ghaoithe a shéideann amach ón gcósta ar Bhostún, agus íoslaghdaíonn sin tionchar an Aigéin Atlantaigh.

Uaireanta bíonn sé teolaí i mBostún san earrach, agus is féidir le teochtaí a bheith sna nóchaidí (Fahrenheit) nuair a bhíonn na gaotha amach ón gcósta, ach chomh minic céanna is féidir le lá amach i mí Bealtaine fanacht thíos sna daichidí de bharr uiscí fuaire aigéin. Is í mí Iúil an mhí is teo agus bíonn an mheánteocht idir 82 °F (28 °C) agus 66 °F (18 °C), agus bíonn an aimsir bogthais de ghnáth. Is í mí Eanáir an mhí is fuaire agus bíonn an mheánteocht idir 36 °F (2 °C) agus 22 °F (–6 °C). Ní hannamh a bhíonn tréimhsí sa samhradh níos teo ná 90 °F (32 °C) ná níos ísle ná 10 °F (−12 °C) sa gheimhreadh, ach ní minic a mhaireann na tréimhsí sin i bhfad. An teocht taifeadta ab airde ná 104 °F (40 °C), a cuireadh ar an taifead an 4 Iúil 1911. An teocht taifeadta ab ísle ná –18 °F (–28 °C), a cuireadh ar an taifead an 9 Feabhra 1934. Bhí teocht 70 °F (21 °C) i mí Feabhra uair amháin i mBostún de réir na staire taifeadta, an 24 Feabhra 1985. An teocht ab airde ar dearnadh taifeadadh uirthi i mí an Mhárta ná 89 °F (31 °C), an 31 Márta 1998.

Bíonn meánfhrasaíocht tuairim is 43 orlach (108 cm) in aghaidh na bliana sa chathair, agus meántitim shneachta 40.9 orlach (104 cm) in aghaidh na bliana. Bíonn i bhfad níos mó sneachta níos faide intíre ón gcathair agus amach ó thionchar téite an aigéin. Titeann an chuid is mó den sneachta idir mí na Nollag agus mí an Mhárta. Ní thiteann mórán sneachta, nó sneachta ar bith, i mí Aibreáin ná i mí na Samhna de ghnáth, agus is annamh a bhíonn sneachta i mí na Bealtaine ná i mí Dheireadh Fómhair.

Bíonn teochtaí measartha i mBostún mar gheall ar a shuíomh cósta ar an Altantach Thuaidh, ach bíonn an chathair tugtha do chórais aimsire Anoir Aduaidh, a bheireann go leor sneachta agus báistí, mar gheall ar a shuíomh freisin. Is minic a bhíonn ceo ann, go háirithe san earrach agus ag tús an tsamhraidh, agus bíonn baol stoirme tropaicí nó spéirlinge sa réigiún anois agus arís, go háirithe ag tús an fhómhair.


Déimeagrafaic cuir in eagar

De réir dhaonáireamh 2000, bhí 589,141 duine (596,638 duine dar le meastachán daonra 2006), 239,528 líon tí, agus 115,212 teaghlach ina gcónaí sa chathair. Bhí dlús daonra 12,166 duine in aghaidh an mhíle chearnaigh (4,697/km²). Ar mhórchathracha uile na Stát Aontaithe, níl dlús daonra níos airde ná Bostún ach ag Cathair Nua-Eabhrac, San Francisco agus Chicago. Bhí 251,935 aonad tithíochta ann ar mheándlús 5,203 in aghaidh an mhíle chearnaigh (2,009/km²).

Tagann borradh ar dhaonra Bhostúin go tuairim is 1.2 milliún duine i rith an lae áfach. Athraíonn líon na ndaoine de bharr cónaitheoirí bruachbhailteacha a bheith ag taisteal chuig an gcathair mar gheall ar obair, oideachas, cúrsaí míochaine agus imeachtaí speisialta.

De réir Shuirbhé Pobail Mheiriceá 2007, ba dhaoine geala iad 57.2% den chathair, daoine gorma a bhí i 23.1%, Meiriceánaigh Áiseacha 9%, Meiriceánaigh Dhúchasacha 0.4%, 10.2% ó chiníocha eile agus 2.9% ó dhá chine nó ní ba mhó. B'Easpáinnigh d’aon chine iad 16.9% den daonra. Rugadh 28.6% den daonra i dtír eile; ón gcéatadán sin tháinig 48.2% ó Mheiriceá Laidineach, 25.7% ón Áise, 14.2% ón Eoraip, 9.8% ón Afraic agus 2% ó áiteanna eile ar domhan.

Dar le meastachán in 2006, is daoine geala iad 53.5% den daonra agus is Easpáinnigh iad 15.5%. Is iad na daoine ó bhunús Éireannach, 15.8% den daonra, an grúpa eitneach is mó sa chathair agus ina ndiaidh tá na hIodálaigh, 8.3% den daonra. Grúpa réasúnta mór eile is ea na daoine le sinsear Iar-Indiach, 6.4%, agus is ó shinsear Háítíoch tuairim is leath díobh sin. Tá cónaitheoirí Vítneamacha snite isteach i roinnt comharsanachtaí, ar nós Dorchester, le fiche nó tríocha bliain anuas. Tá líon na Meiriceánach Doiminiceach i gcomharsanachtaí ar nós Jamaica Plain agus Roslindale ag dul i méid.

Bhí 239,528 líon tí ann; astu sin bhí páistí faoi 18 mbliana d'aois ina gcónaí i 22.7% díobh, ba lánúineacha pósta ina gcónaí le chéile 27.4% díobh, ba shealbhóirí tí baineann gan fear céile i láthair 16.4% díobh agus níor theaghlaigh 51.9% díobh. Ba dhaoine aonair iad 37.1% de na líonta tí agus ba dhaoine aonair 65 bliain d’aois nó ní ba shine iad 9.1% díobh. 2.31 ba ea meánlíon na líonta tí agus 3.17 ba ea meánlíon na dteaghlach.

Bhí an daonra measctha sa chathair agus bhí 19.8% faoi 18 mbliana d’aois, 16.2% idir 18 agus 24 bliain d’aois, 35.8% idir 25 agus 44 bliain d'aois, 17.8% idir 45 agus 64 bliain d’aois, agus 10.4% a bhí 65 bliain d’aois nó ní ba shine. Ba é 31 bliain d’aois an mheánaois. In aghaidh gach 100 baineannach, bhí 92.8 fireannach. In aghaidh gach 100 baineannach 18 mbliana d’aois nó ní ba shine, bhí 90.2 fireannach.

Ba é $39,629 meánioncam líon tí sa chathair, agus ba é $44,151 meánioncam teaghlaigh. Bhí meánioncam $37,435 ag fir i gcomparáid le $32,421 ag mná. Ba é $23,353 an meánioncam in aghaidh an duine sa chathair. Tá 19.5% den daonra agus 15.3% de na teaghlaigh faoi bhun thairseach na bochtaineachta. Ón daonra ar fad, bhí 25.6% de dhaoine faoi 18 mbliana d’aois agus 18.2% de dhaoine 65 bliain d’aois nó ní ba shine ag maireachtáil faoi bhun thairseach na bochtaineachta.


Coireacht cuir in eagar

Tá laghdú mór tagtha ar an gcoireacht fhoréigneach sa chathair ó thús na nóchaidí. Tá creidiúint as ráta íseal na coireachta i mBostún ag deireadh an fichiú haois agus ag tús an aonú haois is fiche ag dul do chomhoibriú na roinne póilíneachta le grúpaí comharsanachta agus paróistí eaglaise maidir le daoine óga a chosc ó bheith ag dul isteach i ndronga, chomh maith le bainteacht ó Aighne na Stát Aontaithe agus oifigí an Aighne Dúiche. Chuir sin leis an bhfeiniméan ar a dtugtar “Míorúilt Bhostúin.” Thit líon na ndúnmharuithe ó 152 sa bhliain 1990 (is é sin ráta dúnmharaithe 26.5 in aghaidh gach 100,000 duine) go 31 – gan ógánach ar bith ina measc – sa bhliain 1999 (is é sin ráta dúnmharaithe 5.26 in aghaidh gach 100,000 duine). Sna blianta ba dhéanaí, áfach, tháinig athrú suas le 50% ar líon bliantúil na ndúnmharuithe i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Bhí 60 dúnmharú sa bhliain 2002, agus ní raibh ach 39 an bhliain dár gcionn in 2003. Bhí 64 dúnmharú in 2004 i gcomparáid le 75 in 2005. Cé nach bhfuil na figiúirí sin aon phioc chomh dona le leibhéal 1990, tá na rátaí míshocra dúnmharaithe ag cur as do roinnt mhaith daoine i mBostún agus spreag na rátaí sin plé maidir le cur chuige Roinn Póilíneachta Bhostúin agus an gá le hathmheasúnú a dhéanamh ar an gcur chuige sin maidir le dul i ngleic le coireacht.


Geilleagar cuir in eagar

Tá tionchar suntasach ag coláistí agus ag ollscoileanna Bhostúin ar gheilleagar na cathrach agus an réigiúin. Ní hamháin gur mórfhostóirí iad, ach meallann siad tionscail ardteicneolaíochta chuig an gcathair agus chuig an réigiún máguaird chomh maith. Tá cuideachtaí teicneolaíochta ar nós EMC Corp. agus Analog Devices, chomh maith le cuideachtaí ríomhthráchtála ar nós VistaPrint agus CSN Stores, lonnaithe i mBostún. Is mórmhol é Bostún le haghaidh cuideachtaí biteicneolaíochta chomh maith, lena n-áirítear Millennium Pharmaceuticals, Merck & Co., Millipore, Genzyme, agus Biogen Idec. De réir tuarascála de chuid an Údaráis um Athfhorbairt Bhostúin in 2003, cuireann na mic léinn a fhreastalaíonn ar choláistí agus ar ollscoileanna Bhostúin $4.8 billiún in aghaidh na bliana le geilleagar na cathrach. Thar aon chathair eile sna Stáit Aontaithe, deontar an méid is mó de mhaoiniú bliantúil ó na hInstitiúidí Náisiúnta Sláinte ar Bhostún chomh maith.


Cuid shuntasach de gheilleagar Bhostúin is ea an turasóireacht. Sa bhliain 2004, chaith turasóirí $7.9 billiún, rud a chiallaíonn go raibh an chathair i measc na ndeich láthair mhóreilimh ba mhó sa tír ó thaobh turasóireachta de. Áirítear seirbhísí airgeadais i measc na dtionscal tábhachtach eile, go háirithe cistí frithpháirteacha agus árachas. Chuir Fidelity Investments, atá lonnaithe i mBostún, le móréileamh an chiste fhrithpháirtigh sna hochtóidí agus tá Bostún ar cheann de na cathracha airgeadais is mó sna Stáit Aontaithe dá bharr. Tá ceanncheathrúna mórbhanc ar nós Bank of America agus Sovereign Bank lonnaithe sa chathair freisin, agus is lárionad é le haghaidh caipiteal fiontair. Tá ceanncheathrú sa chathair ag State Street Corporation, a dhéanann sainfheidhmiú ar bhainistiú sócmhainní agus ar sheirbhísí cumhdaigh. Is lárionad clódóireachta agus foilsitheoireachta é Bostún chomh maith – tá ceanncheathrú Houghton Mifflin lonnaithe sa chathair, chomh maith le Bedford-St. Martin’s Press, Beacon Press, agus Little, Brown and Company. Fostaíonn aonaid foilsitheoireachta Pearson PLC cúpla céad duine i mBostún freisin. Tá ceithre ionad mhóra comhdhála sa chathair chomh maith – Ionad Comhdhála Hynes sa Bhá Back, Ionad Mórthaispeántais Bayside in Dorchester, Ionad Trádála an Domhain, Bostún agus Ionad Comhdhála agus Mórthaispeántais Bhostúin cois farraige i mBostún Theas. Mar thoradh ar stádas Bhostúin mar phríomhchathair stáit agus mar bhaile réigiúnach gníomhaireachtaí feidearálacha, is comhchodanna móra eile iad an dlí agus an rialtas de gheilleagar na cathrach.

I measc na mórchuideachtaí a bhfuil ceanncheathrúna acu sa chathair tá cuideachta árachais Liberty Mutual, Gillette (ar le Proctor & Gamble anois é), agus Teradyne, atá i measc phríomhdhéantúsóirí an domhain in earnáil an leathsheoltóra agus trealaimh leictreonaigh tástála eile. Tá ceanncheathrú New Balance sa chathair. Tá na cuideachtaí comhairliúcháin bhainistíochta, The Boston Consulting Group, Monitor Group agus Bain & Company, lonnaithe sa chathair freisin, chomh maith leis an ngrúpa gnáthscaire príobháidí, Bain Capital. Tá mórchuideachtaí eile suite lasmuigh den chathair, go háirithe ar Bhealach 128. Feidhmíonn Bealach 128 mar lárionad tionscal ardteicneolaíochta an réigiúin. Sa bhliain 2006, bhí Bostún agus a cheantar uirbeach sa cheathrú háit sna Stáit Aontaithe i rangú na gcibearchathracha ba mhó, agus bhí 191,700 post ardteicneolaíochta ann. Ní raibh earnálacha ardteicneolaíochta ní ba mhó ach ag Cathair Uirbeach Nua-Eabhrac, DC Uirbeach agus Silicon Valley. Is mórphort farraige é Port Bhostúin ar Chósta Thoir na Stát Aontaithe agus is é an port tionsclaíoch agus iascaireachta is sine atá ag feidhmiú go leanúnach sa Leathsféar Thiar é. Rangaítear Bostún ina “chathair dhomhanda Gáma” (Gamma world city) ag grúpa staidéir in Ollscoil Loughborough i Sasana.


Cultúr cuir in eagar

Tá cuid mhaith fréamhacha coitinne cultúrtha ag Bostún le New England Mór, lena n-áirítear canúint New England Thoir nach bhfuaimníonn ‘r’ ar a dtugtar Béarla Bhostúin, agus cócaireacht réigiúnach a leagann béim ar bhia mara, rum, salann agus ar tháirgí déiríochta. Tá polaitíocht agus institiúidí creidimh Bhostúin go mór faoi thionchar na nGael-Mheiriceánach. Tá a bhailiúchán nuafhocal féin ag Bostún chomh maith ar a dtugtar béarlagair Bhostúin.

Meastar go forleathan go bhfuil ciall láidir cultúrtha i mBostún mar thoradh, b’fhéidir, ar a cháil intleachtach. Eascraíonn cuid mhaith de chultúr Bhostúin óna ollscoileanna. Tá roinnt amharclann ornáideach sa chathair, lena n-áirítear Amharclann Cutler Majestic, Áras Ceoldrámaíochta Bhostúin, Ionad Taibhealaíona Citi agus Amharclann Orpheum. Áirítear ar na heagraíochtaí taibhealaíon mór le rá Ceolfhoireann Shiansach Bhostúin, Bailé Bhostúin, Boston Pops, Sraith Iomráitigh Bhostúin, Féile Luathcheoil Bhostúin, Cuideachta Ceoldráma Lirice Bhostúin, OperaBoston, Ceol Emmanuel agus an Cumann Handel agus Haydn (atá i measc na gcuideachtaí córúla is sine sna Stáit Aontaithe). Bíonn cuid mhaith mórimeachtaí bliantúla ann freisin ar nós First Night, a tharlaíonn Oíche Chinn Bliana, Féile Bhliantúil Ealaíon Bhostúin ag Páirc Waterfront Christóir Colambais, féastaí samhraidh Iodálacha ar an Taobh Thuaidh in ómós do na naoimh Chaitliceacha, agus roinnt imeachtaí le linn thréimhse 4 Iúil (Fourth of July). Áirítear ar na himeachtaí sin féile seachtaine Harborfest agus ceolchoirm Boston Pops le tinte ealaíne cois Abhainn Charles.


Mar thoradh ar ról lárnach na cathrach i Réabhlóid Mheiriceá, tá roinnt láithreán stairiúil a bhaineann leis an tréimhse sin caomhnaithe mar chuid de Pháirc Stairiúil Náisiúnta Bhostúin. Tá cuid mhaith díobh le feiceáil ar an Freedom Trail, atá marcáilte le líne dhearg brící leabaithe sa talamh. Tá roinnt iarsmalann ealaíne mór le rá sa chathair chomh maith, lena n-áirítear Iarsmalann na Mínealaíona agus Iarsmalann Isabella Stewart Gardner. I mí na Nollag 2006, bhog an Institiúid Ealaíne Comhaimseartha óna shuíomh i mBá Back go foirgneamh comhaimseartha nua a dhear Diller Scofidio + Renfro agus atá suite i nDúiche Seaport. Tá Leabharlann John F. Kennedy ar champas Ollscoil Massachusetts ag Columbia Point. Tá Athenaeum Bhostúin (ceann de na leabharlanna neamhspleácha is sine sna Stáit Aontaithe), Iarsmalann Leanaí Bhostúin, teach tábhairne Bull & Finch (foirgneamh cáiliúil ón gclár teilifíse Cheers), an Iarsmalann Eolaíochta, agus Uisceadán New England suite sa chathair.

Tá Bostún i measc áiteanna breithe an tseánra fhíorphunc cheoil chomh maith. Thar na blianta, chuir ceoltóirí Bhostúin go mór leis an saolréim ceoil sin. Ba i gcomharsanachtaí Bhostúin a tháinig ceann de na milieu ska agus ska punc tríú glúine chun cinn sna nóchaidí, á dtreoiriú ag bannaí ar nós The Mighty Mighty Bosstones agus The Allstonians. Díríonn an díolaim fíorphunc-rac ó na hochtóidí This is Boston, Not L.A. aird ar chuid de na bannaí a d’fhorbair an seánra sin. Bhí cáil ar roinnt clubanna oíche ar nós The Channel, Bunnratty’s in Allston agus The Rathskeller as bannaí áitiúla agus iasachta punc-rac a chur i láthair. Tá na clubanna sin uile dúnta anois. Leagadh roinnt mhaith díobh le linn an uaislithe déanaigh.

Na Meáin cuir in eagar

Is iad The Boston Globe (ar leis The New York Times Company é) agus an Boston Herald an dá phríomhnuachtán laethúla i mBostún. Cuirtear The Christian Science Monitor, nuachtán laethúil eile, in eagar i mBostún agus déantar é a chur i gcló i bpreasanna réigiúnacha éagsúla ar fud na Stát Aontaithe. Tá foilseacháin eile le fáil don phobal i mBostún chomh maith, leithéidí The Boston Phoenix, Boston magazine, The Improper Bostonian, Boston's Weekly Dig, agus tá eagrán ag Bostún de Metro. Cuireann The Boston Globe foilseachán do dhéagóirí ar fáil d’ardscoileanna poiblí na cathrach fosta. Is iad déagóirí na cathrach a scríobhann an nuachtán Teens in PrintT.i.P agus cuirtear é amach ceithre huaire le linn na scoilbhliana.

Is i mBostún atá an margadh craoltóireachta is mó in New England agus tá margadh raidió Bhostúin ar an aonú margadh déag is mó sna Stáit Aontaithe. I measc na bpríomhstáisiún AM áirítear raidió cainte WRKO 680 AM, stáisiún spóirt/cainte WEEI 850 AM, agus raidió nuachta WBZ 1030 AM. Tá formáidí éagsúla raidió FM sa cheantar, chomh maith leis na stáisiúin NPR; WBUR agus WGBH. Maidir le stáisiúin raidió a bhaineann le coláistí agus le hollscoileanna, áirítear WERS (Emerson), WHRB (Harvard), WUMB (UMass Bhostúin), WMBR (M.I.T.), WZBC (Coláiste Bhostúin), WMFO (Ollscoil Tufts), WBRS (Ollscoil Brandeis), WTBU (Ollscoil Bhostúin, le fáil ar champas agus ar líne amháin), WRBB (Ollscoil Northeastern) agus WMLN (Coláiste Curry).

Tá DMA teilifíse Bhostúin (ceantar ainmnithe don mhargadh lena n-áirítear Manchain agus New Hampshire fosta) ar an seachtú DMA teilifíse is mó sna Stáit Aontaithe. Léirítear na príomhlíonraí Meiriceánacha uile ag stáisiúin na cathrach. Áirítear sna líonraí seo WBZ 4 (CBS), WCVB 5 (ABC), WHDH 7 (NBC), WFXT 25 (Fox), WUNI 27 (Univision), agus WLVI 56 (The CW). Is i mBostún atá WGBH 2, stáisiún PBS, a chuireann cuid mhór clár PBS amach agus a oibríonn WGBX 44 fosta. Tá an chuid is mó de stáisiúin teilifíse Bhostúin in aice láimhe in Needham agus in Newton.

Spórt cuir in eagar

Tá céatadán níos mó de chraobhchomórtais bainte ag foirne na sraithe móire i mBostún sa séasúr ná mar atá ag foirne aon chathair eile a ghlacann páirt sna ceithre spórt. Is iad na Boston Red Sox, Boston Celtics, Boston Bruins, agus New England Patriots ainmneacha na bhfoirne seo.

Tá na Boston Red Sox ar cheann de na baill a bhunaigh Sraithchomórtas Mheiriceá na Sraithe Móire Daorchluiche agus is iad buaiteoirí na Sraithe Domhanda 2007. Imríonn an fhoireann a cluichí sa bhaile ag Páirc Fenway, gar do Chearnóg Kenmore i gceantar Fenway. Tógadh í sa bhliain 1912 agus tá sí ar an láthair nó an staidiam spóirt is sine atá in úsáid go fóill sna Stáit Aontaithe ag na ceithre phríomhchluiche phroifisiúnta. Chomh maith leis seo, ba i mBostún a imríodh an chéad chluiche den chéad Sraith Dhomhanda nua-aimseartha sa bhliain 1903. Imríodh an tsraith idir na Red Sox agus na Pittsburgh Pirates. Is dócha anois go bhfuil ráflaí gur tugadh na "Boston Pilgrims" ar an bhfoireann i 1903 gan údar. Ba iad na Boston Braves foireann NL (Sraithchomórtas Náisiúnta) Bhostúin (1871-1953) gur bhog siad go Milwaukee i 1953; agus i ndiaidh sin go hAtlanta, i 1966, áit a bhfuil siad ag imirt faoi láthair faoin ainm Atlantic Braves.

Tá Gairdín TD Banknorth (ar ar tugadh Ionad Fleet agus Ionad Shawmut roimhe sin) agus North Station ag síneadh lena chéile agus tá Gairdín TD Banknorth ina bhaile ag dhá fhoireann de chuid na sraithe móire. an fhoireann haca oighir, Boston Bruins, den Sraithchomórtas Náisiúnta Haca; agus na Boston Celtics, buaiteoirí Chumann Náisiúnta Cispheile na bliana 2008. Tá áit do 18,624 duine sa staidiam ag cluichí cispheile agus do 17,565 duine ag cluichí haca oighir. Ba iad na Bruins an chéad bhall Meiriceánach den Sraithchomórtas Náisiúnta Haca agus ba shaincheadúnas de chuid Original Six iad. Ba bhaill bhunaidh de Chumann Cispheile Mheiriceá iad na Boston Celtics. Bhí an Cumann seo ar cheann den dá shraithchomórtas a tháinig le chéile chun an NBA a bhunú. Tá clú agus cáil bainte amach ag na Celtics toisc go bhfuil níos mó craobhchomórtais náisiúnta bainte acu ná mar atá ag aon fhoireann NBA eile – bhain siad 17 gcraobh idir 1957 agus 2008.


Cé go bhfuil an fhoireann ag imirt i gceantar bruachbhailteach Foxboro ón mbliain 1971, is iad na New England Patriots foireann peile Bhostúin. Bunaíodh an fhoireann i 1960 agus tugadh na Boston Patriots orthu (ball cairte de Shraithchomórtas Peile Meiriceánaí a bhí iontu) agus sa bhliain 1970 chláraigh siad leis an Sraithchomórtas Náisiúnta Peile. Tá trí chraobh Super Bowl bainte ag an bhfoireann ó shéasúr na bliana 2001 (in 2001, 2003 agus 2004). Roinneann siad Staidiam Gillette le New England Revolution, cumann sacair atá mar chuid den tSraith Mhór Sacair. Deirtear fosta go bhfuil seans ann go dtiocfaidh foireann infhorbartha ón Sraithchomórtas Peile Faoi Dhíon (Arena Football League) go Bostún am éigin sna chéad cúpla bliain amach anseo.

Tá cuid mhór coláistí agus ollscoileanna i mBostún agus tá siad seo gníomhach i lúthchleasaíocht choláisteach. Tá ceithre bhall i mBostún de chuid Chéad Roinn an NCAA; is iad sin Coláiste Bhostúin (ball den Atlantic Coast Conference), Ollscoil Bhostúin (American East Conference), Ollscoil Northeastern (Colonial Athletic Association), agus Ollscoil Harvard (Ivy League). Ach amháin Harvard, a bhaineann le Haca ECAC, baineann na baill seo uile leis an Hockey East conference. Tagann foirne haca na gceithre ollscoil seo le chéile gach bliain ag comórtas ceithre fhoireann ar a dtugtar “Beanpot Tournament,” agus a imrítear ag Gairdín TD Banknorth thar dhá oíche Luain i mí Feabhra.

Tá Maratón Bhostúin ar cheann de na hócáidí spóirt is cáiliúla sa chathair. Is rás 26.2 míle (42.2 km) é an maratón ó Hopkinton go Cearnóg Copley i mBá Back. Tá an Maratón ar an gceann is sine ar domhan. Bíonn aghaidh na ndaoine air agus glacann na sluaite páirt ann. Bíonn sé ar siúl ar Patriots’ Day i mí Aibreáin agus bíonn na Red Sox i gcónaí ag imirt daorchluiche sa bhaile ar an lá céanna ag 11:05 AM (10:05 ó 2007). Is é seo an t-aon chluiche MLB a imrítear roimh mheánlae ag am áitiúil. Is ócáid mhór eile é an comórtas rámhaíochta – Head of the Charles Regatta – a rámhaítear ar Abhainn Charles.

Chuir Bostún tairiscint isteach le bheith ina óstach do Chluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2020 chomh maith.

Rialtas cuir in eagar

Tá córas láidir méara i mBostún, a dhílsíonn cumhachtaí forleathana feidhmiúcháin don mhéara. Toghtar méara ar feadh téarma ceithre bliana trí vótáil iolarthachta. Toghtar comhairle na cathrach gach dhá bhliain. Tá naoi suíochán dúiche ann agus toghtar gach ceann acu seo ag cónaitheoirí na dúiche sin trí vótáil iolarthachta. Chomh maith leis sin, tá ceithre shuíochán a sheasann don cheantar ar fad mar aonad. Caitheann gach vótálaí suas le ceithre vóta do chomhairleoirí a sheasann don cheantar ar fad agus ní féidir níos mó ná vóta amháin a chaitheamh ar aon iarrthóir amháin. Toghtar na hiarrthóirí a bhfuil na ceithre shuim vótaí is mó acu. Toghann na comhairleoirí duine acu féin ina uachtarán ar an gcomhairle cathrach. Ceapann an méara coiste na scoileanna do Scoileanna Poiblí Bhostúin. Roinntear an fhreagracht maidir le pleanáil talamhúsáide idir an tÚdarás um Athfhorbairt Bhostúin agus an Bord Achomhairc um Chriosú (comhlacht de sheachtar atá ceapaithe ag an méara).


Mar aon le rialtas cathrach bíonn ról ag roinnt mhaith coimisiún agus údarás stáit éagsúil i saol mhuintir Bhostúin. Áirítear ina measc Rannóg Caomhantais agus Áineasa Massachusetts, Coimisiún Sláinte Poiblí Bhostúin, agus Údarás Phort Massachusetts (Massport). Is é Bostún príomhchathair Massachusetts agus mar sin de bíonn ról tábhachtach aige i gcúrsaí polaitíochta an Stáit. Tá roinnt áras sa chathair a bhaineann le rialtas feidearálach na Stát Aontaithe, lena n-áirítear Áras Oifige Feidearálaí John F. Kennedy agus Áras Feidearálach Thomas P. O’Neill. Is i mBostún atá Cúirt Achomharc na Stát Aontaithe don Chéad Chuaird agus Cúirt Dúiche na Stát Aontaithe do Dhúiche Massachusetts; is ann atá ceannáras Bhanc Cúlchiste Feidearálach Bhostúin fosta (Céad Dúiche an Chúlchiste Fheidearálaigh). Tá an chathair san Ochtú agus sa Naoú dúiche Chomhdhála.


Oideachas cuir in eagar

Cuirtear Bostún i gcomparáid le Cathair na hAithne agus is í príomhchúis an chlú seo ná an obair theagaisc agus thaighde a dhéanann breis agus 100 coláiste nó ollscoil atá suite i gceantar Bhostúin Mhóir. I measc na gcoláistí agus na n-ollscoileanna áirítear corradh le 250,000 mac léinn atá ag freastal ar choláiste i mBostún agus Cambridge amháin. Suite taobh istigh den chathair, ní féidir neamhaird a thabhairt ar Ollscoil Bhostúin atá ar an gceathrú fostóir is mó sa chathair, agus a bhfuil campas aici le taobh Abhainn Charles ar Ascaill Commonwealth agus a bhfuil a campas leighis ar an Taobh Theas. Is ollscoil phríobháideach mhór eile í Ollscoil Northeastern, atá suite i gceantar Fenway, agus tá cáil ar leith uirthi mar gheall ar na scoileanna Gnó agus Eolaíocht Sláinte agus an clár comharoideachais atá le fáil inti. Tá Coláiste Wheelock, Coláiste Ealaíne agus Deartha Massachusetts, Coláiste Simmons, Coláiste Emmanuel, Coláiste Cógaisíochta agus Eolaíochtaí Sláinte Massachusetts, agus Institiúid Teicneolaíochta Wentworth, atá go léir ina mbaill bhunaidh de Choláistí Fenway, in aice le hOllscoil Northeastern. Tá campas ag Ollscoil Suffolk, ollscoil bheag phríobháideach a bhfuil clú uirthi mar gheall ar a scoil dlí, ar Chnoc Beacon. Is scoil bheag phríobháideach dlí í Scoil Dlí New England, atá suite i gceantar na n amharclann agus a bunaíodh ar dtús le bheith ar an aon scoil dlí Mheiriceánach amháin nár thug isteach ach mná. Tá dea-chlú ar an gcoláiste bheag phríobháideach, Coláiste Emerson, i réimse na dtaibhealaíon, na hiriseoireachta, na scríbhneoireachta agus na scannánaíochta, agus tá sí suite in aice láimhe ar Choimín Bhostúin. Bhíodh céad champas Choláiste Bhostúin suite i mBostún Theas ach bhog sé siar go suíomh a thugann dhá thaobh na teorann idir Bostún (Brighton) agus Newton leis. Tá Coláiste Bhostúin ag síneadh amach níos faide i gceantar Brighton i ndiaidh dó talamh a cheannach in aice leis ó Ard-Deoise Chaitliceach Bhostúin.


Tá roinnt mhaith ardscoileanna ceoil agus scoileanna ealaíne i mBostún, lena n-áirítear Institiúid Ealaíne Bhostúin, Coláiste Ealaíne Massachusetts, Scoil Ealaíne agus Deartha New England (cuid d’Ollscoil Suffolk), agus Ardscoil Cheoil New England (an ardscoil neamhspleách is sine sna Stáit Aontaithe). I measc na n-ardscoileanna eile áirítear Ardscoil Cheoil Bhostúin, Scoil Mhúsaem na Mínealaíon agus Coláiste Ceoil Berklee. Tá aon phríomhollscoil phoiblí amháin i mBostún, is í sin Ollscoil Massachusetts, Bostún, atá suite ar Columbia Point in Dorchester, agus is iad Coláiste Pobail Roxbury agus Coláiste Pobail Chnoc Bunker dhá choláiste pobail na cathrach.

Tá tábhacht ar leith sa chathair ag roinnt príomhollscoileanna náisiúnta atá suite taobh amuigh de Bhostún féin. D’fhéadfaí a rá go bhfuil Ollscoil Harvard, atá ar an institiúid ardoideachais is sine sa tír, ar an gceann is aitheanta inti fosta agus tá sí suite ar an taobh thall d’Abhainn Charles in Cambridge. Tá na scoileanna gnó agus leighis suite i mBostún féin agus tá pleananna ann go gcuirfidh leo trí leathnú isteach i gcomharsanacht Allston i mBostún. Bhog Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT) trasna na habhann go Cambridge sa bhliain 1916 (bhíodh sé i mBostún agus tugadh "Boston Tech" uirthi). Riarann Ollscoil Tufts a scoil leighis agus a scoil fiaclóireachta in aice le hIonad Leighis Tufts. Is institiúid acadúil leighis é an tIonad seo a bhfuil 451 leaba ann agus atá ina ospidéal lánseirbhíse do dhaoine fásta agus a dtagann ospidéal do pháistí chuige darb ainm The Floating Hospital for Children. Tá Coláiste Oirthearach Nazarene in Quincy, ar an aon choláiste Críostaí soiscéalach amháin i gcathair Bhostúin agus tá sé gníomhach i ministreacht Chríostaí i gCathair Bhostúin.

Tá 57,000 dalta, ó chiondargairdín go grád 12, ar rolla Scoileanna Poiblí Bhostúin, an córas scoile poiblí is sine sna Stáit Aontaithe. Tá 145 scoil faoi scáth an chórais, lena n-áirítear Scoil Laidine Bhostúin (an scoil phoiblí is sine sna Stáit Aontaithe, a bunaíodh i 1635; agus atá, mar aon le hAcadamh Laidine Bhostúin, ina scoil scrúduithe iontach mór le rá agus nach ligeann isteach daltaí ach i ngrád 7 agus 9 agus nach bhfreastalaíonn ach ar na gráid ó 7-12), Ardscoil Bhéarla (an ardscoil phoiblí is sine, a bunaíodh in 1821), agus Scoil Mather (an bhunscoil phoiblí is sine, a bunaíodh i 1639).

Tá scoileanna príobháideacha, paróisteacha agus cairte sa chathair fosta. Freastalaíonn 3000 dalta a bhaineann le mionlaigh chine ar scoileanna bruachbhailteacha rannpháirteacha tríd an gComhairle Uirbeach um Dheiseanna Oideachasúla (Metropolitan Educational Opportunity Council nó METCO). In 2002, rangaigh Forbes Magazine Scoileanna Poiblí Bhostúin ar an gcóras scoile is fearr i gcathair mhór sa tír, córas a bhfuil ráta céimnithe de 82% aige. In 2005, maidir le daonra na ndaltaí laistigh den chóras scoile, ba dhaoine gorma nó Meiriceánaigh Afracacha iad 45.5% acu, b’Easpáinnigh nó daoine ó Mheiriceá Laidineach iad 31.2% acu, ba dhaoine geala iad 14% acu, agus b’Áisigh iad 9% acu. Maidir leis an gcathair i gcoitinne, bhí 24%, 14%, 49% agus 8% faoi seach de dhaltaí de na grúpaí céanna. Tá deis ag daltaí in aois ardscoile páirt a ghlacadh i gCiste d’Óige Bhostúin a sholáthraíonn socrúcháin fostaíochta sa samhradh do na daoine a n-éiríonn leo áit a fháil.

Cúram Sláinte agus fóntais cuir in eagar

Is réigiún i mBostún é Ceantar Leighis Longwood, ina bhfuil líon mór d’áiseanna leighis agus taighde, lena n-áirítear Ionad Sláinte Beth Israel Deaconess, Ospidéal Brigham agus na mBan, Ospidéal Leanaí Bhostúin, Institiúid Ailse Dana-Faber, Scoil Leighis Harvard, Scoil Harvard Sláinte Poiblí agus Scoil Harvard Leighis Dhéadaigh. Tá Ospidéal Ginearálta Massachusetts (MGH) gar do chomharsanacht Chnoc Beacon, agus Otharlann Súl agus Cluas Massachusetts agus Ospidéal Athshlánúcháin Spaulding in aice láimhe. Tá ionaid leighis VA i mBostún fosta, sna comharsanachtaí Jamaica Plain agus West Roxbury.

Tá baint ag cuid mhór de mhóráiseanna leighis Bhostúin le hollscoileanna. Is ionaid taighde leighis mór le rá iad na háiseanna i gCeantar Leighis Longwood agus in MGH a bhfuil comhcheangal acu le Scoil Leighis Harvard. Tá comhcheangal ag Ionad Leighis Tufts (ar ar tugadh Ionad Leighis Tufts-New England roimhe sin), atá suite sa chuid theas de chomharsanacht Cheantair Shínigh, le Scoil Leighis Ollscoil Tufts. Is é Ionad Leighis Bhostúin, atá suite i gcomharsanacht an Taoibh Theas, príomháis mhúinteoireachta Scoil Leighis Ollscoil Bhostúin agus is é an t-ionad tráma is mó i gceantar Bhostúin; bunaíodh é nuair a cumascadh Ospidéal Ollscoile Bhostúin agus Ospidéal Cathrach Bhostúin (a bhí ina chéad ospidéal cathrach sna Stáit Aontaithe).

Soláthraíonn Coimisiún Bhostúin um Uisce agus Séarach seirbhísí soláthair uisce agus diúscartha camrais. Ansin, ceannaíonn an Coimisiún uisce mórdhíola agus diúscairt camrais ón Údarás um Acmhainní Uisce Massachusetts (Massachusetts Water Resources Authority nó MWRA). Tagann uisce na cathrach ó Thaiscumar Quabbin agus ó Thaiscumar Wachusett, atá thart ar 65 míle (105km) agus 35 míle (56km) faoi seach siar ón gcathair. Is é NSTAR dáileoir eisiach chumhacht leictreach na cathrach, ach mar gheall ar dhírialáil tá rogha cuideachtaí giniúna leictreachais ag custaiméirí anois. Is í Corparáid KeySpan (cuideachta chomharbhais ar Ghás Bhostúin) a dháileann gás nádúrtha; ní féidir ach custaiméirí tráchtála agus tionsclaíocha soláthraí gáis nádúrtha eile a roghnú.

Is é Verizon (cuideachta chomharbais ar New England Telephone, NYNEX, Bell Atlantic agus, níos luaithe ná sin, Bell System.) príomhsholáthraí sheirbhís teileafóin sreinge an cheantair. Tá seirbhís fóin ar fáil fosta ó chuideachtaí náisiúnta éagsúla teileafóin gan sreang. Is féidir teilifís chábla a fháil ó Comcast agus RCN, agus soláthraíonn na cuideachtaí céanna rochtain Idirlín Leathanbhandaigh i gceantair áirithe. Is féidir le soláthraithe agus athdhíoltóirí éagsúla DSL Idirlíon leathanbhandach a chur ar fáil thar línte fóin ar le Verizon iad.


Iompar cuir in eagar

Láimhsíonn Aerfort Idirnáisiúnta Logan, atá suite i mBostún Thoir, an chuid is mó den tseirbhís sceidealaithe do phaisinéirí. Tá trí aerfort eile ar imeall na cathrach agus is iad den chuid is mó a chuidíonn le maolú eitlíochta: Aerfort Cathrach Beverly sa tuaisceart, Páirc Hanscom in Bedford san iarthar, agus Aerfort Cuimhneacháin Norwood sa deisceart. Eitlítear ó Aerfort T.F. Green go Providence, Rhode Island, agus Aerfort Manchain-Bostún i Manchain, New Hampshire agus bíonn seirbhís sceidealaithe do phaisinéirí i gceantar Bhostúin aige chomh maith.

Níor eagraíodh sráideanna ghnócheantar Bhostúin ar eangach ach d’fhás siad i bpatrún orgánach lúbach ó thús an tseachtú haois déag ar aghaidh. Cruthaíodh iad de réir mar a bhí gá leo agus de réir mar a cuireadh le limistéar beag leithinis Bhostúin le céanna agus le líonadh talún. Chomh maith le roinnt timpeallán, is cosúil go n-athraítear ainmneacha na mbóithre agus go gcailltear lánaí agus go gcuirtear lánaí breise gan aird. Ar an láimh eile, tá córas eangaí i bhfeidhm ar na sráideanna i mBá Back, Bostún Thoir, ar an Taobh Theas, agus i mBostún Theas.


Is é Bostún an ceann aistir oirthearach de I-90, a shíneann feadh an Mass Pike in Massachusetts. Timpeallaíonn I-95 an chathair agus tugtar Bealach 128 air sa cheantar máguaird – an uimhir bhealaigh stáit stairiúil atá aige. Ba ghnách le U.S. 1, I-93 agus Bealach Massachusetts 3 síneadh ón tuaisceart go dtí an deisceart tríd an gcathair. Chruthaigh seo an Lárbhealach ardaithe a shín leis trí ghnócheantar Bhostúin agus a raibh an claonadh aige i gcónaí a bheith dubh le trácht. Cuireadh tollán faoi thalamh tríd an Big Dig ina áit.

Oibríonn an tÚdarás um Iompar Bhá Massachusetts (The Massachusetts Bay Transportation Authority nó MBTA) córas luathiompair faoi thalamh a bhí ar an gcéad cheann sna Stáit Aontaithe agus atá anois ar an gceathrú ceann is gnóthaí sa tír. Cuireadh leis sa chaoi go bhfuil 65.5 míle (105 km) de ráillrian ann anois, a théann chomh fada ó thuaidh agus Malden, chomh fada ó dheas agus Braintree, agus chomh fada siar agus Newton – tugtar an “T” orthu seo le chéile. Oibríonn an MBTA an séú gréasán bus is gnóthaí sa tír fosta, mar aon le seirbhísí tointeála uisce agus gréasán iarnróid chomaitéireachta atá breis agus 200 míle (321km) ar fad, agus a shíneann ó thuaidh go Gleann Merrimack, siar go Worcester, agus ó dheas go Providence. Úsáideann beagnach trian de mhuintir Bhostúin iompar poiblí agus iad ag dul ag obair. Tugtar “The Walking City" ar an gcathair toisc go ndéanann níos mó daoine comaitéireacht de chois ná mar a dhéantar i gcathracha eile a bhfuil daonra inchomparáide acu. Toisc go bhfuil an chathair chomh dlúth sin agus go bhfuil líon mór mac léinn inti, déanann 13% den daonra comaitéireacht de chois. Is ionann sin agus a rá go bhfuil an céatadán is mó comaitéirí coisithe sa tír as cathracha móra Mheiriceá go léir. Ina eagrán mhí an Mhárta 2006 d’ainmnigh an iris Bicycling Bostún mar cheann de na cathracha is measa sna Stáit Aontaithe do rothaíocht; d’ainneoin seo, baineann ceann de na rátaí comaitéireachta ar rothar is airde sa tír le Bostún.


Tosaíonn línte Northeast Corridor agus Chicago de chuid Amtrak ag South Station agus críochnaíonn siad ag Bá Back. Freastalaíonn traenacha gasta an Northeast Corridor ar Chathair Nua-Eabhrac, Washington D.C. agus ar phointí eatarthu, agus stopann siad fosta ag Stáisiún Bhealach 128 i mbruachbhailte thiar theas Bhostúin. Ag an am céanna, tosaíonn seirbhís Downeaster go Maine de chuid Amtrak ag North Station.

Comh-Chathracha cuir in eagar

Kyōto, an tSeapáin (1959) 
Strasbourg, an Fhrainc (1960) 
Barcelona, an Spáinn (1980) 
Hangzhou, an tSín (1982) 
Padua, an Iodáil (1983) 
Melbourne, an Astráil (1985) 
Taipei, an Téaváin (1996) 
Haifa, Iosrael (1999) 
Sekondi-Takoradi, Gána (2001) 
Sionainn, Éire (2006) 
Belo Horizonte, an Bhrasaíl (2007) 
Valladolid, an Spáinn (2007)