Bainc-Aontas Éireann

(Athsheolta ó AIB)

Is é Bainc-Aontas Éireann[1] (Béarla: Allied Irish Banks, plcAIB go coitianta) ceann de na ceithre phríomhbhanc tráchtála i bPoblacht na hÉireann. Cuireann AIB raon iomlán seirbhísí baincéireachta pearsanta, gnó, agus corparáidí ar fáil, chomh maith le táirgí árachais ghinearálta, mar shampla árachas baile, taistil, agus cairr. I gcomhar le Cuideachta Árachais Bheatha na hÉireann, cuireann sé árachas saoil agus pinsin ar fáil.

Bosca Sonraí EagraíochtaBainc-Aontas Éireann
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgnó
eagraíocht
cumann
institiúid airgeadais
Institiúid Creidmheasa
Banc
cuideachta phoiblí Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlícuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1966
Gníomhaíocht
Stocmhalartán(LSE [1]) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
ÚinéirRialtais na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinaib.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: aib Twitter: AIBIreland Instagram: aibireland Youtube: UCcdwxhdNR0dwXXTcoj7GCXg Cuir in eagar ar Wikidata

I mí na Nollag 2010, cheannaigh rialtas na hÉireann leas tromlaigh sa bhanc a mhéadaigh go 99.8% i ndeireadh na dála. Trádáiltear scaireanna AIB ar Stocmhalartán na hÉireann agus ar Stocmhalartán Londan faoi láthair, ach díliostaíodh é ó na stocmhalartáin sin idir 2011 agus 2017 nuair a cuireadh an náisiúnú i bhfeidhm. Liostaíodh an chuid eile dá scaireanna poiblí ar Mhargadh na nUrrús Fiontair i Stocmhalartán na hÉireann go dtí an 23 Meitheamh 2017.[2]

In 2009, ghlac Bainc-Aontas Éireann agus a iomaitheoir Banc na hÉireann le pacáiste tarrthála ó rialtas na hÉireann arbh fhiú €3.5 billiún é, mar chuid de Scéim Athchaipitlithe na mBanc.[3] Le híocaíochtaí eile san áireamh, chosain pacáiste tarrthála AIB €20.7 billiún ar phobal na hÉireann.[4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Allied Irish Banks” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-07.
  2. "AIB's last day on main Dublin market" (2011-01-25). Dáta rochtana: 2023-08-07.
  3. AIB and BoI to get €3.5bn each in bailout”. Irish Examiner (12 February 2009). Dáta rochtana: 27 July 2009.
  4. AIB 'will not repay €3.5bn cash it owes' to the State” (en). The Irish Independent (12 June 2013). Dáta rochtana: 2018-12-13.