Pierre Abélard
Diagaí agus fealsamh Francach ba ea Pierre Abélard (1079 - 1142), agus é ar bhunaitheoirí an Scolaíochais. Chleachtadh sé an t-amhras mar mhodh oibre, ós é an t-amhras a chuireann ag tóraíocht na fírinne sinn. Ba é laoch an Ainmneachais é, cé nár mhol sé Ainmneachas Roscelin, scoláire nótálta eile. B'fhearr leis riamh an nithiúlacht ná na teibíochtaí.
Pierre Abélard | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
1125 - | |||
Saol | |||
Ainm iomlán | Pierre Abélard | ||
Eolas breithe | Le Pallet, 1079 | ||
Náisiúntacht | Ríocht na Fraince An Fhrainc | ||
Bás | Chalon-sur-Saône, 21 Aibreán 1142, 1142 | ||
Áit adhlactha | Héloïse and Abélard's tomb (en) ![]() Abbaye Saint-Marcel-lès-Chalon (en) ![]() Oratory of the Paraclete (en) ![]() Église Saint-Laurent de Nogent-sur-Seine (en) ![]() Museum of French Monuments (en) ![]() | ||
Muintir | |||
Céile/Céilí | Héloïse d’Argenteuil (en) ![]() | ||
Oideachas | |||
Alma mater | École cathédrale de Paris (en) ![]() | ||
Teangacha | An Laidin | ||
Múinteoirí | Roscelin de Compiègne Guillaume de Champeaux | ||
Mic léinn | John as Salisbury Hilarius Robert of Melun (en) ![]() Berengar of Poitiers (en) ![]() | ||
Gairm | |||
Gairm | diagaire, fealsamh, cumadóir, teangeolaí, file, dírbheathaisnéisí, loighceoir, scríbhneoir agus duine rialta | ||
Saothar iomráiteach | Sic et Non (en) ![]() Dialectica (en) ![]() | ||
Gluaiseacht | Classical period (en) ![]() scolaíochas nominalism (en) ![]() | ||
Cleamhnú | |||
Reiligiúin | Caitliceachas | ||
Ord | Beinidictigh | ||
Discogs ID | 1281856 |
Deir Abélard nach bhfuil sna huilithe ach focail; ní féidir ciall a bheith leo ar aon dóigh eile. Má deir tú gur fíorchuid den saol iad na huilithe, is féidir leat a rá go bhfuil an tréith chéanna ag Sócraitéas agus ag an asal – is ainmhithe iad. Ach fágann sin gur rud réasúnach é an t-ainmhí sa mhéid go mbaineann sé leis an duine agus gur rud míréasúnach é sa mhéid go mbaineann sé leis an gcineál asal. Tá contrárthachtaí ag baint leis an rud céanna san iomláine, agus ní féidir an scéal a bheith amhlaidh.
Ní féidir an t-uilí a shamhlú le cnuasach rudaí, ó nochtann an cnuasach i ndiaidh na rudaí atá ina gcuid de. Ní féidir ach oiread an indibhid a shamhlú leis an iomlán, mar fágann sin gur iomaí Sócraitéas atá ann nó gurb ionann an méid indibhidí atá ann agus an méid uilithe, rud nach luíonn le réasún.
Deir sé gurb éard atá i ngach rud (lasmuigh de Dhia agus na haingil) foirm nó ábhar, nó cumasc foirme agus ábhair: is í foirm na deilbhe a cruth, rud ar cóiriú áirithe ábhair é. Fágann seo nach féidir an fhoirm a dhealú amach ón rud a chuireann in iúl í.