Roscelin de Compiègne
fealsamh Francach
Scoláire scolaíoch Francach agus bunaitheoir an Ainmneachais ab ea Roscelin (1050-c.1121) – an chéad scoláire den scoil sin a bhfuil beagán eolais againn ar a theagasc, cé gurb iad a naimhde amháin a thugann cuntas air. Ba é a thuairim nach raibh saghsanna rudaí ann i ndáiríre. Níl réaltacht le fáil ach sna rudaí indibhidiúla: tá an duine aonair ann, agus tá bun fírinne leis an bhfocal a ainmníonn é, ach níl a leithéid de rud ann is an cine daonna. Ach tuairim chontúirteach í sin i gcúrsaí diagachta, sa mhéid nach mbeadh sa Tríonóid, mar sin, ach triúr neach ar leith seachas trí ghné de Dhia Uilechumhachtach. Ní cinnte, áfach, gur bhain Roscelin feidhm as a theagasc sna cúrsaí sin.
Roscelin de Compiègne | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Compiègne, c. 1050, 1050 |
Náisiúntacht | An Fhrainc |
Bás | Besançon, c. 1121, 1120 |
Oideachas | |
Teangacha | An Laidin |
Mic léinn | Pierre Abélard Guillaume de Champeaux |
Gairm | |
Gairm | fealsamh agus diagaire |