Banna is ea Abney Park galphuinc (Béarla:Steampunk) as Seattle, Meiriceá. Seinneann siad ceol damhsa leictreonach agus ceol traidisiúnta as roinnt tíreacha, fite fuaite le chéile. Fuair siad a n-ainm as an reilig Abney Park Cemetery i Londain, Sasana.

Bosca Sonraí EagraíochtaAbney Park
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1997, Seattle Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1997 –
Lipéad ceoilself-publishing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraGalphunc Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Suíomh gréasáinabneypark.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: 312292093741 Twitter: abney_park Instagram: official_abney_park Spotify: 0Wv385aRvyuQLODQLsT8Zl Last fm: Abney+Park Musicbrainz: 81f8edef-a337-4588-a362-7511ef1b0fa2 Songkick: 99754 Discogs: 307908 Allmusic: mn0000584373 Cuir in eagar ar Wikidata

Níor thosaigh Abney Park mar bhanna galphuinc; i dtús bhí stíl gotach acu.[1] Thosaigh siad leis an stíl galphuinc sa bhliain 2006 lena n-albam The Death of a Tragedy. As sin amach, d'éirigh siad níos galphuncaí go dtí go scaoileadar a n-albam Lost Horizons',' atá scríofa mar píoróidí spéir ar an long eitilt H.M.S. Ophelia.

Stair cuir in eagar

Bhunaigh Robert Brown an banna Abney Park sa bhliain 1997. Scaoil siad a gcéad albam Abney Park an bhliain dár gcionn agus scaoileadar Return to the Fire sa bhliain 1999. Bhí rianta as a gcéad agus dara halbaim ar a dtríú halbam, Cemetary Number 1, chomh maith le rianta nua. Ar 1ú Meitheamh 2005, d'fhógair Robert ar a LiveJournal go raibh baill nua ag an mbanna, Krysztof Nemeth agus Traci Nemeth, as an mbanna Sinforosa.[2]

Bhí sean-rianta, trí rian beo agus dhá rian, a bhí scaoilte ag bannaí eile cheana, ar a gceathrú halbam Taxidermy. Tar éis The Death of Tragedy, d'athraigh foireann an bhanna. D'fhág Robert Hazelton[3], Traci Nemeth agus Krysztof Nemeth[4], agus ghlac Jean-Paul Mayden, Magdalene Veen[5] (Eliza is ainm dí, ach úsáideann sí ainm stáitse)[6] agus Nathaniel Johnstone a háiteanna.[7] Faoi dheireadh, d'fhág Jean-Paul Mayden[8] agus ghlac Daniel C. a áit.

2008 cuir in eagar

San Earrach 2008, d'fhág Magdalene Veen. Bhí sin fógartha ar MySpace an bhanna ar 13ú Feabhra.[9] Ghlac Finn Von Claret a háit.

Thosaig Captaen Robert ag taifeadadh dialann fuaime atá le cloisteáil ar shuíomh an bhanna. Tá an chéad iontráil, dar teideal How It All Began - part 1, postáilte ar an 27ú Márta ag insint an scéal agus na hathruithe maidir le stíl an bhanna.[10]Cliceáil ar Crew agus ansin Captain Robert


Albaim cuir in eagar

  • 1998: Abney Park
  • 1999: Return to the Fire
  • 2000: Cemetary Number 1
  • 2001: For Dreams Or Angels
  • 2005: Twisted & Broken
  • 2005: Taxidermy
  • 2005: The Death of Tragedy
  • 2008: Lost Horizons
  • 2008: Dark Christmas Scríofa níos luaithe, ach scaoilte mar albam sa bhliain 2008[11]

Singil cuir in eagar

  • 2005: Stigmata Martyr and The Wrong Side[12]

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Blag an Captaen
MySpace Abney Park