Acht Údaraithe na bliana 1933

Ritheadh an tAcht Údaraithe (Gearmáinis: Ermächtigungsgesetz) i Reichstag na Gearmáine agus shínigh an tUachtarán Paul van Hindenburg é an 23 Márta 1933. Ba é an tAcht seo an dara príomhchéim, i ndiaidh Loscadh Reichstag, inar fuarthas cumhacht iomlánach go dlíthiúil ag Adolf Hitler.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAcht Údaraithe na bliana 1933
Lipéad sa teanga dhúchais(de) Gesetz zur Behebung der Not von Volk und Reich Cuir in eagar ar Wikidata
CineálReichsgesetz Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse23 Márta 1933 - 20 Meán Fómhair 1945
Dáta na bliana1933 Cuir in eagar ar Wikidata
Repealed by (en) AistrighAllied Control Council Law No. 1 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírGearmáin na Naitsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir


Óráid ó Hitler sa Reichstag agus an bille á chur chun tosaigh aige

Reachtaíodh an tAcht Údaraithe (Ermächtigungsgesetz nó Enabling Act) le 441 vóta ar a shon agus 94 vóta ina éadan ar 23 Márta 1933.[1]

Chuir an dlí seo ar chumas na Naitsithe na cearta agus na pribhléidí saoirse a bhí ag na daoine faoi Bhunreacht Weimar a chur ar ceal.

Tagann ainm an Achta óna stádas dlíthiúil mar acht údaraithe arna bronnadh údarás ar an gComh-Aireacht dlíthe a achtú gan rannpháirtíocht an Reichstag do théarma 4 bliana.

Ba é ainm foirmiúil an Achta Údaraithe ná Gesetz zur Behebung der Not von Volk und Reich (Gaeilge: Dlí maidir le hAnacair na nDaoine agus an Náisiúin a Leigheas).

Téacs cuir in eagar

Tá an tAcht Údaraithe an-ghearr, mar an gcuid is mó de na dlíthe a ritheadh le linn an phróiseas Gleichschaltung. Tá sé sin neamhghnách, go háirithe agus iarmhairtí an Achta á gcur i gcuntas. Mar sin de, cuirtear ar fáil go hiomlán é as Gearmáinis agus as Gaeilge:

Gesetz zur Behebung der Not von Volk und Reich

Dlí maidir le hAnacair na nDaoine agus an Náisiúin a Leigheas

Der Reichstag hat das folgende Gesetz beschlossen, das mit Zustimmung des Reichsrats hiermit verkündet wird, nachdem festgestellt ist, daß die Erfordernisse verfassungsändernder Gesetzgebung erfüllt sind:

Tá an Reichstag tar éis an dlí seo a leanas, a fhógraítear le toiliú ón Reichsrat, agus a suiteadh gur comhlíonadh na ceanglais maidir le leasú bunreachta, a achtú:

Artikel 1

Reichsgesetze können außer in dem in der Reichsverfassung vorgesehenen Verfahren auch durch die Reichsregierung beschlossen werden. Dies gilt auch für die in den Artikeln 85 Abs. 2 und 87 der Reichsverfassung bezeichneten Gesetze.

I dteannta an nóis imeachta mar a fhorordaítear leis an mbunreacht, féadfar freisin dlíthe ón Reich a achtú ag rialtas an Reich. Áirítear é seo na dlíthe dá dtagraítear in Airteagal 85 Mír 2 agus in Airteagal 87 den bhunreacht.

Artikel 2

Die von der Reichsregierung beschlossenen Reichsgesetze können von der Reichsverfassung abweichen, soweit sie nicht die Einrichtung des Reichstags und des Reichsrats als solche zum Gegenstand haben. Die Rechte des Reichspräsidenten bleiben unberührt.

Féadfar le dlíthe a achtaíodh ag rialtas an Reich claonadh ón mbunreacht fad nach mbeidh éifeacht acu ar institiúidí de chuid an Reichstag agus ar institiúidí de chuid an Reichsrat. Fanann cearta an Uachtaráin go hiomlán.

Artikel 3

Die von der Reichsregierung beschlossenen Reichsgesetze werden vom Reichskanzler ausgefertigt und im Reichsgesetzblatt verkündet. Sie treten, soweit sie nichts anderes bestimmen, mit dem auf die Verkündung folgenden Tage in Kraft. Die Artikel 68 bis 77 der Reichsverfassung finden auf die von der Reichsregierung beschlossenen Gesetze keine Anwendung.

Eiseofar dlíthe a achtaítear ag rialtas an Reich ag an Seansailéir agus fógrófar in Iris an Reich iad. Mura bhforordaítear dáta difriúil, tiocfaidh siad i bhfeidhm an lá i ndiaidh lá a bhfógra. Ní bhaineann Airteagail 68 go 77 den Bhunreacht le dlíthe a achtaítear ag rialtas an Reich.

Artikel 4

Verträge des Reiches mit fremden Staaten, die sich auf Gegenstände der Reichsgesetzgebung beziehen, bedürfen für die Dauer der Geltung dieser Gesetze nicht der Zustimmung der an der Gesetzgebung beteiligten Körperschaften. Die Reichsregierung erläßt die zur Durchführung dieser Verträge erforderlichen Vorschriften.

Ní gá formheas ó chomhlachtaí an reachtais a bheith le conarthaí de chuid an Reich arna dtabhairt i gcrích le stáit choigríche a bheidh éifeacht acu ar ábhair reachtaíochta ón Reich. Eiseofar rialtas an Reich na rialacháin is gá maidir le cur i gcrích conarthaí den sort sin.

Artikel 5

Dieses Gesetz tritt mit dem Tage seiner Verkündung in Kraft. Es tritt mit dem 1. April 1937 außer Kraft, es tritt ferner außer Kraft, wenn die gegenwärtige Reichsregierung durch eine andere abgelöst wird.

Tiocfaidh an dlí seo i bhfeidhm ar lá a fhógra. Rachaidh sé in éag an 1 Aibreán 1937 nó dá gcuirfeadh rialtas eile in ionad rialtas an Reich láithrigh.

Cúlra cuir in eagar

I ndiaidh a cheapacháin mar sheansailéir na Gearmáine an 31 Eanáir 1933, d'iarr Hitler ar Uachtarán von Hindenburg an Reichstag a lánscor. Sceidealaíodh olltoghchán ar 5 Márta 1933.

De bhun an Reichstag a dhó sé lá roimh an olltoghchán, eachtra a chuir na Naitsithe síos air mar thús réabhlóide cumannaí, achtaíodh Foraithne Dhóiteán Reichstag. Cuireadh saoirsí sibhialta agus cearta habeas corpus (i measc rudaí eile) ar fionraí leis an bhForaithne sin. Bhain Hitler úsáid as an bhforaithne chun ruathar a dhéanamh ar oifigí an Pháirtí Chumannaigh agus chun ionadaithe an pháirtí a ghabháil, agus mar sin díchuireadh go héifeachtach iad mar fhórsa polaitiúil.

Cé go bhfuair an NSDAP cúig mhilliún vóta níos mó ná san olltoghchán deireanach, theip orthu tromlach glan a fháil sa pharlaimint agus bhí orthu brath ar 52 suíochán a gcomhpháirtí, Daonpháirtí Náisiúnta na Gearmáine, chun tromlach beag a fháil.

Chun é sin a sheachaint, d'iarr Hitler ar an gComh-Aireacht ar an 15 Márta, le linn an gcéad cruinnithe i ndiaidh an toghcháin, pleananna a dhreachtú chun Acht Údaraithe a achtú a dtabharfadh cumhacht reachtaíochta don chomh-aireacht ar feadh ceithre bliana. Forbraíodh an tAcht Údaraithe ag na Nasithe chun cumhacht pholaitiúil iomlán a fháil. Mar sin, ní bheadh ar na Nasithe tacaíocht a fháil ón tromlach sa Reichstag nó margáil a dhéanamh lena gcomhpháirtí sa pharlaimint.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Enabling act" (as en) (2020-03-12). Wikipedia.